Smugairle róin contúirteach feicthe i nGabhla i dTír Chonaill

Tá rabhadh tugtha cheana ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann do shnámhaithe i dTír Chonaill faoi smugairlí róin leonmhongacha atá ag éirí níos coitianta in uiscí an iarthuaiscirt

Smugairle róin contúirteach feicthe i nGabhla i dTír Chonaill

Tá an smugairle róin contúirteach, an smugairle leonmhongach, níos fairsinge i mbliana san iarthuaisceart ná mar a bhí riamh cheana. D’eisigh Sábháilteacht Uisce na hÉireann rabhadh le deireanas faoin smugairle róin a chonacthas in Ard an Rátha. Tá ceann eile anois ar snámh san fharraige timpeall Ghabhla, oileán atá níos faide ó thuaidh arís.

Bhí Aodán Ó Cearbhaill ina bhád amach ó chósta an oileáin Ghaeltachta an tseachtain seo nuair a chonaic sé an smugairle róin mór millteach san uisce taobh leis an bhád. Murab ionann agus an ceann a fuarthas ar an trá in Ard an Rátha an tseachtain seo caite, bhí an ceann seo beo.

Dúirt Ó Cearbhaill go raibh sé ag iascaireacht óna chadhc taobh thiar den oileán nuair a chonaic sé an smugairle róin san uisce.

Pictiúr: Aodán Ó Cearbhaill

“Chuala mé tuairisc orthu roimhe seo ach seo an chéad uair a chonaic mé é. Ní raibh faitíos orm, ach dá dtiontódh an cadhc san uisce bheadh. Mar sin féin baineadh siar asam nuair a chonaic mé romham é,” a dúirt sé.

Is as Gaoth Dobhair Ó Cearbhaill agus is minic a bhíonn sé ag iascaireacht óna bhád timpeall na n-oileán amach ó chósta an pharóiste Gaeltachta.

Dúirt sé go bhfaca sé “cúpla rud aisteacha” san uisce le tamall de bhlianta anuas, iasc gréine ina measc.

“Tá rudaí neamhghnácha le feiceáil san fharraige. Is as Toraigh m’athair agus taithí mhaith aige ar an uisce, thaispeáin mé an pictiúr den smugairle róin dó agus dúirt sé nach bhfaca sé féin a leithéid. Bhí mé ag cadhcáil ag Inis Bó Finne anuraidh agus chonaic mé an t-iasc gréine, an mola mola, san fharraige ansin,” a dúirt sé.

I bhfarraigí fuara an Leathsféir Thuaidh a aimsítear an smugairle leonmhongach de ghnáth ach meallann an t-athrú aeráide iad anuas chuig farraigí na hÉireann. Lena chois sin, is nós leo agus iad ar tí a mbáis, bailiú le chéile in áiteanna foscúla. Sáinnítear ar an trá iad nuair a thránn an taoide.

As a mhéid a aithnítear an smugairle leonmhongach mar is é an smugairle róin is mó ar domhan é, chomh fada agus is eol dúinn. Bíonn idir 70 agus 150 braiteog air agus d’fhéadfadh na braiteoga sin a bheith suas le 30m ar fad.  Athraíonn an smugairle róin a dhath, ó oráiste go corcairdhearg, á oiriúnú féin dá thimpeallacht.    

Moltar do shnámhaithe an smugairle róin leonmhongach a sheachaint.

Má chuirtear ga i nduine, moltar an ball leonta a ní in uisce sáile agus na braiteoga a bhaint amach chomh luath agus is féidir. Moltar paca tirim fuar a leagan in aghaidh an spota sin agus fios a chur ar na seirbhísí éigeandála mura laghdaíonn an phian tar éis chúig lá.

Fág freagra ar 'Smugairle róin contúirteach feicthe i nGabhla i dTír Chonaill'