‘Smaoinigh mé faoi dhul i bhfolach i bhforaois’ – na céadta míle fear teite ón Rúis

Theith Piotr tar éis dó labhairt amach ar na meáin shóisialta i gcoinne ionradh na Rúise, ach cé go bhfuil cuid mhaith díobh siúd a theith tar éis filleadh chun na Rúise, tá baol breise ann do Piotr de bharr dlíthe nua frith-aeracha

Tá Piotr, fear homaighnéasach ón Rúis atá sna caogaidí, ag lorg poist faoi láthair i mBaile Átha Cliath ionas nach mbeidh air filleadh chun na Rúise agus an baol ann go ndéanfar é a choinscríobh nó a chur i bpríosún. Tá sé tar éis labhairt amach i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin ar na meáin shóisialta agus má fhilleann sé abhaile, d’fhéadfaí téarma príosúnachta suas le cúig bliana déag a ghearradh air dá bharr nó as diúltú dul san arm. Deir sé áfach nach bhfuil sé ag iarraidh ‘ochón ochón a dhéanamh’ faoina chás fhéin: ‘Tá Úcránaigh á marú ag buamaí. Níl agamsa ach deacracht bheag i gcomparáid leosan.’

Theith a lán fear Rúiseach ón tír nuair a fógraíodh an chéad ollslógadh mí Meán Fómhair anuraidh. Deir Piotr nach bhfuil aon soineantacht air faoi na cúiseanna gur theith siad, áfach: ‘Níor theith siad go léir mar nár theastaigh uathu Úcránaigh a mharú nó mar gur chreid siad go bhfuil an cogadh éagórach agus mícheart. Theith siad chun a gcraiceann fhéin a shábháil.’ Deir sé go mb’éigean do go leor acu filleadh mar nach raibh jab nó teagmhálacha sóisialta acu lasmuigh den Rúis.

Cad a dhéanfadh sé fhéin sa chás sin? ‘Smaoinigh mé faoi dul i bhfolach i bhforaois. Ar ámharaí an tsaoil níltear ag dul ag cuardach daoine má imíonn siad ar iarraidh. Tá a fhios agam nach bhféachann sé sin an-chróga – nach bhfuilim ag iarraidh agóid a dhéanamh agus dul go príosún. Baintear úsáid as an éigniú agus an ciorrú ar bhonn rialta i bpríosúin na Rúise. Ní áit é ar mhaith leat dul ann, go háirithe mar fhear aerach. Freisin tá príosúnaigh á seoladh chuig an gcogadh an t-am ar fad.’

Tá baol breise ann do Piotr filleadh chun na Rúise anois de bharr dlíthe nua frith-aeracha: ‘Tá aonad síciatrach speisialta chun staidéar a dhéanamh ar chlaonta gnéis ‘neamhthraidisiúnta’ le bunú i mbliana faoi choimirce na Roinne Sláinte. Beidh ‘gnéaseolaithe’ á bhfostú go luath chun homaighnéasachas a ‘leigheas’ i gclinicí Rúiseacha. Cuirfear cosc go luath freisin ar an bpróiseas aistrithe do dhaoine trasinscneacha.’

‘Is Úcránach agus Rúiseach mé agus ba mhaith liom go mbeadh Gaeilge ag mo pháistí’

Deir Piotr nár athraigh a thuairimí faoi gcogadh ó 2014 nuair a rinne sé agóid i Moscó i gcoinne ionghabháil na Crimé: ‘Creidim go bhfuil an cogadh éagórach agus mícheart. Ní féidir liom a shamhlú an oiread péine atá curtha ag an Rúis ar Úcránaigh a raibh orthu teitheadh ó bhuamaí nó ar maraíodh daoine muinteartha leo nó daoine a raibh aithne acu orthu. Tá daoine aslonnaithe, tá daoine á múscailt nach mór gach oíche le bonnáin, tá daoine á marú mar nach bhfuair an impireacht bás i 1991.’

Deir sé nach dtacaíonn na Rúisigh a bhfuil aithne aige orthu in Éirinn ‘leis an gcogadh coilíneach seo nach bhfuil mar thoradh air ach bás agus cruatan.’ Deir sé gur bhain sé ‘croitheadh asainn ar fad anuraidh agus fós ní féidir linn a chreidiúint go bhfuil sé seo ag tarlú.’

Tá a chairde ar fad san Rúis i gcoinne an chogaidh freisin ach ní phléann sé leo é a thuilleadh mar nach bhfuil sé sábháilte dar leis: ‘Is cinnte go bhfuil cumas áirithe ag seirbhísí slándála na Rúise monatóireacht a dhéanamh ar theachtaireachtaí WhatsApp agus Telegram agus ní féidir linn a bheith cinnte nach bhfuil ar a gcumas iad a léamh.’

Deir sé nach labhraíonn a chairde lasmuigh den Rúis amach go poiblí i gcoinne an chogaidh ‘mar is eol dúinn go mbaineann na seirbhísí slándála úsáid as baill teaghlaigh mar ghialla margála’. Ar nós Anna i m’alt deireanach bhí Piotr chun labhairt liom don alt seo faoina ainm fhéin i dtús báire ach d’athraigh sé a aigne faoi sin tar éis dó machnamh faoin scéal.

Tá dearcadh difriúil ag a thuismitheoirí san Rúis áfach: ‘Baineann mo thuismitheoirí le glúin dhifriúil. Is deacair dóibh glacadh leis gur dún don fhaisisteachas anois an tír a throid i gcoinne an fhaisisteachais. Tá eagla orthu ach ceapann siad gur ag an rialtas is fearr atá a fhios.’

Creideann Piotr nach náisiúntóirí pro-cogaidh ach idir 10% agus 15% de phobal na Rúise ach go bhfuil foghlamtha ag formhór an phobail a bheith neamhpholaitiúil: “‘Ní hé ár ngnó é, ní spéis liom an pholaitíocht’ – cloisfidh tú a leithéid sin go minic.” Deir sé go bhfuil daoine sa Rúis ‘ag taisteal, ag ithe i mbialanna, ag damhsa i gclubanna, ag déanamh a ndíchill gan aird a thabhairt ar an scéal.’

Creideann sé gur chothaigh an rialtas an dearcadh sin go cúramach: ‘Tabhair aire do do chúram fhéin, tabharfaidh muidne aire dár gcúram, lig do scíth, taistil, ná smaoinigh faoi pholaitíocht.’

Deir sé go bhfuil daoine fós ag agóidíocht agus á ngabháil ag na póilíní ar bhonn rialta.

‘Ach is cuma sa sioc leis an tromlach.’

Fág freagra ar '‘Smaoinigh mé faoi dhul i bhfolach i bhforaois’ – na céadta míle fear teite ón Rúis'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Daoine ag iarraidh a gcraiceann féin a shábháil.’ Ní tógtha orthu é, go háirithe má tá tú óg agus tú i mbarr do shláinte. Tuigfear duit, óir cén mhaith thú don mbeo agus tú ag tabhairt an fhéir? Mair an fhaid a fhéadfair agus mura bhféadfair, n’fhéadfair. Ca’il an duine a bhainfeadh aon cheart de chóras faisisteach na Rúise? Gach duine ag breith chuige féin, droch-amhras agus droch-iontaoibh romhat agus id dhiaidh. Cad is féidir leis ‘an tromlach’ a dhéanamh? Tá gach cumhacht agus gach arm ‘dá fheabhas’ ag na brúideanna agus iad breá sásta ‘an luifearnach’ a bhrú fé chois. Cén chríoch a bheidh air seo ar fad? Agus imeallbhord na Meánmhara fé bhladhm lasrach anois leis. Tá an cogadh míthrócaireach, damanta seo á chur in áit na leathphingine ag na meáin eile den chuid is mó. Ach amháin Tuairisc. Maith sibh. Beannacht Dé le hanamain na marbh go léir, thall agus abhus. Beireann an saol an-chrua ar dhaoine áirithe.