‘Is Úcránach agus Rúiseach mé agus ba mhaith liom go mbeadh Gaeilge ag mo pháistí’

Is as an tSibéir sa Rúis d’athair Anna agus is Rúiseach eitneach as an Úcráin a máthair. Rugadh í féin i gCív. D’inis sí a scéal do Tuairisc

‘Is Úcránach agus Rúiseach mé agus ba mhaith liom go mbeadh Gaeilge ag mo pháistí’

Bhuail mé le hAnna i gcarrchlós an stáisiúin traenach – ní raibh ag éirí léi roth pollta a cairr a athrú agus tháinig mé i gcabhair uirthi.

Mhínigh sí dom gur rugadh i gCív í ach gur bhog sí go dtí an tSibéir san Rúis nuair a bhí sí trí bliana d’aois ach go mbíodh sí ag dul ar ais chuig an Úcráin go minic ar saoire agus í ag fás aníos. Bhog sí go Meiriceá nuair a bhí sí ocht mbliana déag d’aois. Phós sí Éireannach ar ball agus bhog sí go hÉirinn agus tá a páistí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Bhí sí trína chéile go mór faoin gcogadh agus ag iarraidh cabhrú le hÚcránaigh in Éirinn. Níos déanaí bhuail mé léi arís ag ócáid phobail agus dúirt sí liom go mbeadh sí sásta labhairt liom go hoscailte ina hainm fhéin i gcomhair ailt. Ach nuair a chuaigh mé i dteagmháil léi arís chun an socrú a dhearbhú bhí a fear céile, arb as Éirinn dó, tar éis a chur ina luí uirthi gan a hainm a úsáid san alt seo ar mhaithe lena sábháilteacht fhéin sa chás go mbeidís siad ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an Rúis amach anseo agus sábháilteacht a muintire sa Rúis.

Is as an tSibéir sa Rúis d’athair Anna agus is Rúiseach eitneach as an Úcráin a máthair. Rúisis an teanga a bhí aici sa bhaile ag fás aníos agus Rúisis a labhraíodh sí agus í ar cuairt chuig na seantuismitheoirí san Úcráin: ‘Chuala mé an Úcráinis á labhairt i réigiúin na Mara Duibhe…Den chuid is mó thuig mé cad a bhí á rá ach ní raibh mé ábalta freagra a thabhairt in Úcráinis.’

Deir Anna i gcónaí ‘gur Úcránach agus Rúiseach mé’. Nuair a bhí sí ina cónaí in Baltimore i Meiriceá chuaigh sí go hEaglais Cheartchreidmheach Úcránach mar gur theastaigh uaithi mothú mar cuid de phobal ach bhain an méid a tharla di ansin croitheadh aisti. Nuair a dúirt sí leo gurbh as Cív di labhair siad léi san Úcráinis agus nuair a dúirt sí leo nár thuig sí d’éirigh siad corraithe agus d’iarr siad uirthi labhairt leo i mBéarla seachas i Rúisis: ‘Thosaigh mé ag foghlaim mar gheall ar an Holdomor (gorta a tharla mar gheall ar pholasaithe Sóivéadacha ina bhfuair na milliúin Úcránach bás) agus rudaí eile nach raibh pléite againn riamh nuair a bhí mé ag fás aníos agus nár fhoghlaimíomar fúthu ar scoil.

‘Agus na daoine seo gur bhuail mé leo i Baltimore b’Úcránaigh den tríú glúin iad i Meiriceá agus bhí mothúcháin an-láidir acu mar gheall ar an Rúis agus mar gheall ar an stair agus níor fhoghlaim mise an stair sin riamh agus bhí mé ag éisteacht leo agus chuir sé an-ionadh orm.’

Deir Anna nár cheap sí go dtarlódh sé riamh ‘go mbeadh mo mhuintir ar fad scartha amach óna chéile ar an dá thaobh’ agus ‘go mbrisfí an caidreamh a bhí ag daoine lena chéile’. Cé go bhfuil sí go mór i gcoinne an chogaidh deir sí ‘gur trua nach raibh níos mó nuachta’ mar gheall ar an gcogadh san Donbas idir 2014 agus 2021. Ní raibh aon tuairim aici cé mhéad a maraíodh sa Donbas idir 2014 agus 2021 ach bhí cloiste aici faoi ghaol i bhfad amach léi ar scriosadh a hárasán mar gheall ar ionsaithe airtléire – níl a fhios aici cén taobh a bhí freagrach as. Maíonn an Rúis go raibh ‘cinedhíothú’ ag tarlú sa Donbas idir 2014 agus 2021 agus gur mharaigh fórsaí na hÚcráine 10,000 sibhialtach. Deir na Náisiúin Aontaithe gur maraíodh san iomlán 3,404 sibhialtach ar an dá thaobh. Creideann Anna áfach nár chóir don Rúis aon chuid den Úcráin a choimeád, fiú an Chrimé.

Is iar-oifigeach i bhfórsaí míleata an Aontais Shóivéadaigh é athair Anna: ‘Deir sé go gcaithfidh sé a thír a chosaint agus má chaiteann sé go rachaidh sé ag troid ach níl sé ag iarraidh a bheith ag scaoileadh le hÚcránaigh mar is Úcránach é an cara is fearr atá aige.’ Bhí athair Anna san Acadamh míleata lena chara as an Úcráin ach níl siad ag labhairt lena chéile a thuilleadh mar gheall ar an méid atá ag tarlú.

Ní labhraíonn Anna féin lena hathair faoin gcogadh ‘mar ní mian liom droch-chaidreamh a bheith agam leis’ agus dar lena hathair tá sí ‘chomh fada sin thar sáile’ nach dtuigfeadh sí an scéal.

Cónaíonn deirfiúr le hAnna sa Rúis i gCathair Pheadair. Deir Anna nach dtacaíonn an deirfiúr ná éinne a bhfuil aithne aici orthu i gCathair Pheadair leis an gcogadh. Deir Anna go bhfuil a deirfiúr an-bhuartha faoina mac atá ceithre bliana d’aois:

‘Ní theastaíonn uaithi go rachadh sé ar scoil san Rúis mar gheall ar an mbolscaireacht san oideachas.’ Ceapann roinnt Úcránach a labhraíonn sí leo go mbíonn gach duine atá ina chónaí sa Rúis agus ag íoc cánach ag tacú leis an gcogadh. ach ní aontaíonn Anna leis an dearcadh sin: ‘Tá a dtosca agus a ndeacrachtaí féin ag gach duine.’

Mothaíonn sí freagrach faoin méid a tharla do na teifigh Úcránacha in Éirinn ‘in ainneoin go bhfuil mé imithe ón Rúis ó bhí mé ocht mbliana déag d’aois’. Tá Úcránach mná ag glanadh na hoifige ina n-oibríonn Anna agus is léir go bhfuil caidreamh casta ag Anna léi: ‘Tá iníon aici an aois chéanna liomsa atá sáinnithe san Úcráin agus i mbaol agus uaireanta nuair a bhíonn sí ag labhairt mothaím go bhfuil sí trína chéile liomsa agus deir sí gur chóir do gach duine sa Rúis fulaingt, fiú mo dheirfiúr féin.

‘Ach ansin beireann sí barróg orm agus tugann sí bia a d’ullmhaigh sí féin chugam.’ Airíonn Anna an caidreamh seo dian ach mothaíonn sí go bhfuil dualgas uirthi i leith na mná.

Tá bean eile ón Úcráin ag obair mar fheighlí leanaí ag Anna. Deir Anna go bhfuil sí ‘go hálainn’ agus go spreagann sí Anna chun Rúisis a labhairt lena páistí. Labhraíonn an feighlí í féin Rúisis le páistí Anna mar creideann sí go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfeadh siad an teanga agus mar go gcreideann sí ‘nár chóir an locht a chur ar theanga na ndaoine as an méid atá ag tarlú’.

D’fhág roinnt de na daoine ar a haithne a mbíodh cónaí orthu i gcathracha sa Rúis an tír sin tamall de bhlianta ó shin ‘mar nár mhothaigh siad sábháilte ann agus nár theastaigh uathu a bpáistí a thógáil ann’.

Ach deir sí go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil na daoine a bhfuil aithne aici orthu i gceantair iargúlta san Rúis ag tacú leis an gcogadh agus ‘fiú sásta dá rachadh a mic ag troid ann’.

Deir sí gur daoine iad seo ‘nach bhfuil riamh tar éis cónaí aon áit eile nó taisteal aon áit eile’.

Creideann sí ‘nach bhfuil fiú saoirse smaointeoireachta ag daoine’ san Rúis ‘mar gheall ar an stair a bhí againn’. Deir sí gur dócha go dtacaíonn níos mó ná 50% de na daoine leis an gcogadh ach níl a fhios aici cé mhéad acu sin ‘a chreideann sin i ndáiríre’.

Tá aiféala ar Anna nár fhoghlaim sí Úcráinis agus mar sin tá sí ag iarraidh a bheith cinnte go mbeidh Gaeilge ag a páistí fhéin: ‘Tá sé deacair dom dul chuig an Úcráin anois agus labhairt i Rúisis agus is minic a smaoiním go bhfuil an tír inar chaith mé mo luathbhlianta caillte agam. Mar sin theastaigh uaim a chinntiú go bhfoghlaimeodh na páistí an Ghaeilge mar tá cónaí orthu sa tír seo.’

Fág freagra ar '‘Is Úcránach agus Rúiseach mé agus ba mhaith liom go mbeadh Gaeilge ag mo pháistí’'

  • jpmorley0@gmail.com

    Truamhéalach ar fad go bhfuil gnáthdhaoine mar í curtha i gcruachás agus in adharca a chéile de bharr uaillmhianta & ainmhianta na mbrúideanna. An stiúir lag leochaileach sin a bhíonn ag an nduine ar a chinniúint, séideann an chogaíocht san aer ar fad í agus cuireann daoine ar míthreoir, chun fáin & chun aimléise. Nó beidh apaicilipsis de shórt eile ann má thaobhaítear leis na hairm núicléacha, ní nach féidir a chur as an áireamh. An fada eile a ligfear don sléacht dul ar aghaidh? An féidir le héinne stop a chur leis? Is fuath linn an cogadh seo atá á fhearadh ag mionlach uaillmhianach fuilteach forlámhach amháin. Tuigimid gur gealtachas agus ainspiantacht is ea é ach leantar leis ó lá go lá.
    Inár n-ainneoin. Rinneamar talamh slán de, agus clóchas orainn, ná tárlódh a leithéid go deo aríst ar ilchríoch na hEorpa! Is cinnte nach ndearnadh go leor chun teacht roimh an gcogadh seo an chéad lá riamh agus ní fhéadfá a rá go bhfuil ceannairí an domhain ar a mbionda ag iarraidh é stopadh anois ach chomh beag. Aon rud amháin atá rí-shoiléir áfach ná beidh ‘an bua’ ag ceachtar den dá thaobh. Ní hann dó. Agus an ghuth sin i gcúl mo chinn adeir liom i gcónaí ‘gur ligeadh don gcogadh seo tarlú d’aon GHNÓ’ is deacair dom í a thost.