Smacht a thógáil ar ais ón AE a bhí uathu, níl smacht ar aon ní anois acu…

Agus cainteanna idir Theresa May agus Jeremy Corbyn molta mar an iarracht is déanaí ar réiteach, tá feisirí Westminster ag fánaíocht leo i gcathair ghríobháin an Bhreatimeachta

Smacht a thógáil ar ais ón AE a bhí uathu, níl smacht ar aon ní anois acu…

Bhí an dream a mhol an Breatimeacht ag iarraidh smacht a bheith ag rialtas na Breataine ar a ghnóthaí féin murab ionann agus a bheith ‘faoi smacht ag maorlathaithe anaithnide, neamhthofa sa Bhruiséil’. Fiú má scaoilimid tharainn an bhréag nó an cur i gcéill nach raibh ról ag an Ríocht Aontaithe sna cinntí ag bord na n-airí ón 28 ballstát, bheadh an bhail a bhí ar a bhfeachtas anois greannmhar murach chomh contúirteach is a bhí sé.

Agus cleamhnas idir Theresa May agus Jeremy Corbyn anois á mholadh ar mhaithe le teacht ar chomhghéilleadh faoi phlean nua, tá easaontas fíochmhar i gcónaí sa dá pháirtí féin, na Caomhaigh agus páirtí an Lucht Oibre. Tá ionadaithe caillte acu araon agus feisirí Caomhacha ag caint ar scrios an pháirtí . Bhí dhá fhaicsean i measc na n-airí rialtais ag bagairt go n-éireoidís as oifig dá roghnódh an Príomh-Aire cúrsa nach mbeadh glacadh acu leis. Tá dream amháin i bhfabhar imeacht gan socrú leis an AE – beart a scoiltfeadh an chomhaireacht mar go n-imeodh an eite sin den pháirtí atá ag iarraidh Breatimeacht ‘bog’, agus vice versa.

Tá an margadh aistarraingthe ón Aontas Eorpach a d’aontaigh an Príomh-Aire Theresa May eitithe trí huaire ag an bParlaimint in Westminster. Sin é an margadh ar thug May féin droim láimhe leis sular ghlac sí leis. Dá léifeá in úrscéal grinn faoi chúrsaí polaitíochta é déarfá gur áibhéil é. Ach rinne sí é i ngeall ar a laige.

Níl ceannas aici ar a páirtí ná ar a Rialtas agus í anois ag brath ar Jeremy Corbyn le teacht i gcabhair uirthi. Bhí cosán dearg déanta ag roinnt státrúnaithe ar chaon taobh chuig iriseoirí ag sceitheadh eolais faoi na scoilteanna sa chomhaireacht agus faoina mbreithiúnas ar a bPríomh-Aire. Bhí cúrsaí chomh holc go ndúirt príomh-aoire an rialtais, Julian Smith ar an BBC gurb í an chomhaireacht reatha an ceann is lú stiúir ariamh sa Bhreatain. Comhartha sóirt ar éidreoir Theresa May ab ea é gurb é a freagra ar an ráiteas sin go raibh muinín aici as Smith.

Bhí Westminster beo le ráflaí Dé Luain nuair a bhí na feisirí, a raibh ceannas glactha acu ar imeachtaí sa Pharlaimint, ag iarraidh a theacht ar chomhghéilleadh traspháirtí maidir le Breatimeacht. Iarracht eile in aisce. D’éirigh an feisire Nick Boles as an bpáirtí Caomhach nuair a theip ar a rún féin agus na trí cinn eile a cuireadh faoi bhráid na parlaiminte. Bhí móramh 21 vóta in aghaidh rún Boles fanacht sa mhargadh aonair agus in aontas custaim; chinnteodh sé sin nach mbeadh gá leis an gcúlstad agus thacaigh cuid den Lucht Oibre leis. D’fhógair Boles go raibh sé ag fágáil a páirtí mar gheall ar a neamhghéilliúla is a bhí a chomhghleacaithe, buille eile do rialtas May nach bhfuil ach móramh beag bídeach aici agus sin nuair a sheasann an DUP léi. Ba iad an dá mholadh ba mhó a fuair tacaíocht ná rún an iar-Státrúnaí Ken Clarke a mhol aontas custaim leis an AE a raibh farasbarr trí vóta ina choinne agus rún Peter Kyle a mhol reifreann faoi cibé cinneadh a dhéanfaí, moladh a chaill le 12 vóta.

Bhí sioscadh forleathan go bhfógródh Theresa May olltoghchán mura bhfaigheadh sí tacaíocht na Parlaiminte don mhargadh aistarraingthe ar an gceathrú iarraidh. Ach ba é an fógra is déanaí a rinne sí ná ceann na hoíche aréir faoi shíneadh ama eile a lorg chun tabhairt faoi chainteanna le Corbyn ar mhaithe le teacht ar chomhaontú faoi phlean nua. Bagairt ar a hairí agus a feisirí ab ea an chaint ar thoghchán. Ba é tuairim na coitiantachta nach réiteodh olltoghchán na fadhbanna faoin mBreatimeacht.

Síneadh ama gearr eile atá ó May, a dúirt sí, ionas nach mbeadh ar an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh i dtoghcháin Eorpacha na Bealtaine. Má tá sí chun síneadh ama eile a fháil beidh uirthi plean cinnte nua a chur faoi bhráid an AE le haontú roimh an 12 Aibreán.

Díol suntais faoi na vótaí táscacha maidir le malairt plean don Bhreatimeacht ab ea an córas vótála. Vóta ‘an chéad duine abhaile’, nó an chéad rún abhaile sa chás seo, a úsáideadh, mar a dhéantar in olltoghcháin sa Bhreatain. Ceileann an córas sin ionadaíocht ar an-chuid den phobal, cor nach féidir a chur as an áireamh nuair atáthar ag scrúdú na míshástachta a léiríodh sa reifreann Breatimeachta. Níl córas na hionadaíochta cionmhaire foirfe mar chóras ach oiread, ach bheadh sé níos cothroime ná an córas atá acu. Seans freisin go mba bhuntáiste é an córas PR a úsáid sna vótaí táscacha. Dá mbeadh rogha 1,2,3, agus 4 ag na feisirí b’fhéidir go mbeadh móramh faighte ag ceann de na ceithre mholadh. Thabharfadh sé sin blúire éigin ceannais ar a ngnóthaí féin do Theach na Parlaiminte in ionad feisirí a bheith ag fánaíocht i gcathair ghríobháin.

Fág freagra ar 'Smacht a thógáil ar ais ón AE a bhí uathu, níl smacht ar aon ní anois acu…'