‘Slow Go Mall’ – raic idir Sinn Féin agus an DUP faoi chomharthaí

Comharthaí sráide dátheangacha a cuireadh in airde i gceantar Dhroichead na Banna, Ard Mhacha agus Craigavon is cúis leis an easaontas is déanaí faoi chúrsaí comharthaíochta ó thuaidh

‘Slow Go Mall’ – raic idir Sinn Féin agus an DUP faoi chomharthaí

Pictiúr: Twitter/@upperbannsf

Tá Sinn Féin agus an DUP ag cur i leith a chéile go bhfuil cnámh spairne pholaitiúil á déanamh acu den Ghaeilge.

Comharthaí sráide dátheangacha a cuireadh in airde i gceantar Dhroichead na Banna, Ard Mhacha agus Craigavon a spreag an t-easaontas is déanaí seo.

Comhairleoirí de chuid Shinn Féin a chroch na comharthaí seo ar a bhfuil  ‘Slow Go Mall’ greanta.

Comharthaí  sábháilteachta bóthair atá iontu, a deir an páirtí.

Dúirt Comhairleoir de chuid an DUP, Darryn Causby, nach gcuireann an Ghaeilge aon ‘fhearg’ air féin ach go bhfuil “rud an-deighilteach déanta di ag an gcaoi a bhfuil sí á húsáid mar earra polaitiúil”.

“Go bunúsach, féachaim ar na comharthaí seo mar chleas de chuid Shinn Féin, agus sin a bhfuil ann, cleas polaitíochta. Féachaim air mar iarracht ag Sinn Féin dúiche a mharcáil amach dóibh féin agus a rá, is linne an dúiche seo, dúiche Ghaelach atá anseo, is muidne atá inár gcónaí anseo agus mura n-aontaíonn tú linn..

“Is dóigh gurb é is aidhm leis na comharthaí seo na daoine nach nglacann leis gur cuid dá gcultúr í an teanga a dhéanamh míchompordach sa cheantar. 

“Is mór an trua go ndéanfaidís iarracht ceist pholaitiúil dheighilteach níos measa fós a dhéanamh den Ghaeilge ar cuid luachmhar í de chultúr dhream amháin sa phobal.”

Dúirt Comhairleoir eile de chuid an DUP, Lavelle McIlwrath chomh maith gur ‘cleas’ a bhí sna comharthaí dátheangacha.

“Uair amháin eile feicimid Sinn Féin ag iarraidh cur leis an teannas i measc phobal an bhaile le cleas eile dá gcuid faoin nGaeilge. Is é fírinne an scéil dá mbeadh Sinn Féin dáiríre faoi shábháilteacht ar bhóithre sna ceantair sin, chuirfidís Liotuáinis, Portaingéilis agus na scórtha teanga eile ar na comharthaí, teangacha a thuigfeadh tromlach na ndaoine atá ina gcónaí sna ceantair sin.” 

Dúirt urlabhraí de chuid Shinn Féin:

“Ceist sábháilteachta ar bhóithre í seo agus má tá fadhb ag an gComhairleoir Lavelle McIlwrath leis sin, ba chóir dó ciall a bheith aige.”

“Níl ach aon dream amháin ag déanamh cnámh spairne pholaitiúil den Ghaeilge agus sin iad an DUP agus iad ag diúltú scun scan cearta teanga a aithint agus comhaontuithe a rinneadh roimhe seo a chur i bhfeidhm.”

Fág freagra ar '‘Slow Go Mall’ – raic idir Sinn Féin agus an DUP faoi chomharthaí'

  • Fearn

    Tuige nach bhfuil an comhartha trítheangach?

    Cad é an focal in Ultais?

    Dridlin?

  • Proinsias

    Dá n-éisteódh Darryn Causby féin leis an méid seo a deir sé:

    “Féachaim air mar iarracht ag Sinn Féin dúiche a mharcáil amach dóibh féin agus a rá, is linne an dúiche seo, dúiche Ghaelach atá anseo, is muidne atá inár gcónaí anseo agus mura n-aontaíonn tú linn..”

    Cuir an focal “Sasanach” in áit an focal “Gaelach” agus tuigfidh tú meon an taobh eile, go cruinn.

    If Darryn Causby were to listen to what he says himself:

    “I see it as an attempt by the DUP to mark out this neighborhood for themselves, and saying this is our neighborhood, this is an English neighbourhood, and it is we who live here, and if you don’t agree…

    Is leis an dá thaobh an dúiche sin, de réir Chomhaontas Aoine an Chéasta!