Sléibhte ‘Glasa’ Chonamara agus comhar na gcomharsan

Pé eolas atá ag daoine áirithe faoi chúrsaí timpeallachta, ní thuigeann siad blas ar bith faoi shíceolaíocht na tuaithe.

Capaillin_Cimin2
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhí Máirtín Jaimsie ar bhóithrín na smaointe anseo ar Tuairisc.ie le gairid; chúig bhliana fichead go ham seo a bhí sé féin agus Johnny Chóil Mhaidhc ag taisteal amach don Líonán agus iad beirt páirteach sa scannán The Field.

Ar ndóigh, baineann an “Field” le faltanas fíochmhar talúna i mbaile tuaithe in Éirinn.

Tharraing Máirtín aníos na tithe ósta uilig sa Líonán, aniar Gleann an Mháma, isteach bealach an Tí Dhóite agus anuas go Cois Fharraige agus é ag tabhairt na haimsire sin chun cuimhne.

Chuirfinn geall gur iomaí sin cómhrá a chuala sé féin agus Johnny Chóil Mhaidhc sna tithe ósta sin a bhain le píosaí eile talúna seachas an “Field” agus gur iomaí sin cur síos a dearnadh ar fheilméireacht Chonamara sna tithe ósta céanna sin freisin.

Dá dhonacht é an chuid is mo de thalamh Chonamara, tá na milliúin tagtha isteach sa gceantar dá bharr, ó tosaíodh na scéimeanna tacaíochta do bheithígh, do chaora agus do chaiple; is mór is fiú é an teacht isteach sin i chuile bhaile fearainne as an Líonán aniar.

Is é an cimín an crann taca is láidre i gcuid mhór de na bailte sin; maidir leis na garrantaí thimpeall an tí, níl iontu ach beagán acraí nó heicteáir …agus comhaireann na heicteáir ar an gcimín go mór ó thaobh na ndeontas talmhaíochta de.

Ní talamh poiblí é an cimín, cé go mbíonn dul amú ar chuid de na cuairteoirí faoi sin. Bíonn an úinéireacht roinnte idir thionóntaí an bhaile.

Mar shampla, má tá 100 heicteár i gcimín áirithe agus 10 dtionónta ar an mbaile sin, tá scar deich heicteár ag chaon duine acu. Tá an úinéireacht daingnithe go dleathach ar na cáipéisi maoine.

Tá scéim eile fógraithe anois leis an timpeallacht a chosaint – GLAS – agus tá cor conspóideach ann a bhaineann leis na cimní.

Is léir nach raibh na feidhmeannaigh a cheap an scéim seo, ar a dtugtar GLAS, ar an mbóthar as an Líonán aniar ariamh.

Pé eolas a bhí acu faoi chúrsaí timpeallachta, níor thuig siad blas ar bith faoi shíceolaíocht na tuaithe. Is é an port a bhí acu i dtosach go mbeadh ar 80% de na tionóntaí i mbaile fearainne a theacht ar an bhfocal céanna sula nglacfaí le duine ar bith acu isteach sa scéim GLAS.

Ní raibh ann ach go raibh an focal sin sroichte anuas as na hoifigí sa spéir nó gur chuir comhluadar an chuntair an cheist: Cén chaoi a mbéifea ag súil go dtiocfadh an lear sin tionóntaí le chéile …nó cé a chuimhnigh air seo?

Dá mbeadh an “Field” féin feicthe ag na “saineolaithe” a chuimhnigh ar an bplean seo , b’fhéidir go mbeadh rud éigin foghlamtha acu.

Cé gur annamh go mbíonn an cás chomh fuilteach le scéal an “Field”, tá stair fhada ag baint le trioblóidí talúna in Éirinn.

Dúradh gur chothaigh an ‘wireáil’, nuair a tháinig sé sa saol, go leor suaimhnis idir comharsana sna bailte tuaithe – agus rinne. Choinnigh sé srian ar chaora agus ar bheithígh bhradacha.

Ach, san am céanna, is ar éigean go bhfuil bailte fearainne sa tír fós nach bhfuil lorg faltanais talúna ann.

I leabhar a d’fhoilsigh sí i 2008 rinne Alice Taylor cur síos ar shaol na tuaithe (The Parish) agus mhínigh sí go mbíonn binibeacht ag brúchtaíl scaití faoi scáth an tsuaimhnis.

D’fheilfeadh sé do na ‘saineolaithe’ sna hoifigí gloine sa spéir an leabhar seo a léamh freisin.

Ag cur síos di ar na tréithe breátha atá ag baint le comhluadar na tuaithe, dúirt Taylor go bhfuil dhá thaobh ar an scéal.

Feicfidh tú dílseacht, carthanacht agus gnaíúlacht thar na bearta i bpobal tuaithe agus feicfidh tú gangaid agus faltanas géar ann freisin – an dá rud.

Cén chaoi, mar sin, a dtabharfá deich nduine fhichead, nó leathchéad, b’fhéidir, tionónta isteach faoi aon bhratach amháin, bratach GLAS nó aon bhratach eile?

Ceart go leor, shocraigh an Roinn Talmhaíochta théis na n-agóidí gur 50% de na tionóntaí a theastódh uait i mbaile fearainne sa gcaoi agus go mbeadh feilméaraí in ann a dhul isteach i nGLAS.

“Níl a fhios agam faoi sin,” a deir ball de Chumann na bhFeilméaraí i gConamara. “Tá baile in aice láimhe anseo agus tá triúr acu faoin gcimín agus níl aon duine acu ag labhairt leis an duine eile!”

Faigh 50% ansin.

 

Fág freagra ar 'Sléibhte ‘Glasa’ Chonamara agus comhar na gcomharsan'