Slán le Arlene – tréimhse chinniúnach romhainn ina diaidh

Is mór idir imeacht uaigneach Arlene Foster sin agus an chaithréim a bhain lena céad bhliain i gceannas

Slán le Arlene – tréimhse chinniúnach romhainn ina diaidh

Ní raibh aon dul as sa deireadh. Níor theastaigh ó Arlene Foster éirí as oifig ach ní raibh an dara rogha aici. An chéad bhean a bhí ina Céad-Aire, an chéad bhean a bhí ina ceannaire ar mhórpháirtí polaitíochta curtha dá cois ag a comhghleacaithe san DUP.

D’fhulaing Arlene Foster íde na muc is na madraí, fuath ban ar na meáin shóisialta ach ba í an chontúirt go bhfaigheadh an páirtí léasadh i dtoghchán agus go gcaillfí suíocháin faoi ndear an buille anacrach ón bpáirtí. Chuirfeadh sí a vótaí i mbaol, dar leo. Bhí iliomad gearán ag ionadaithe a dúirt i litir ag an gcathaoirleach go raibh muinín caillte acu sa gceannaireacht agus ba é an scéal céanna é ag comhairleoirí áitiúla a dúirt go raibh vótóirí ag clamhsán go seasta.

Thagair na hionadaithe a nocht mímhuinín ina ceannaireacht do chur chuige “scaipthe” faoin mBreatimeacht agus faoin bPrótacal iarBhreatimeachta. Ba é an dlí é agus chaithfí é a fheidhmiú, a dúirt Arlene Foster faoin bPrótacal ar dtús, ach mhaígh sí níos deireanaí go bhféadfaí an craiceann is a luach a fháil.

I mí Feabhra chinn sí go raibh an Prótacal doghlactha amach is amach. B’údar imní dá comhghleacaithe agus don chosmhuintir an easpa leanúnachais ina bpolasaithe, iad ag dul ó thor go tom cheal straitéise. Sampla den doiléire, dar le roinnt, ab ea freastal an DUP ar chruinniú aireachta thuaidh-theas an tseachtain seo caite nuair a ceapadh go raibh baghcat ar a leithéid ar siúl.

Bhí an eite bhunchreidmheach sa pháirtí a d’eascair as Eaglais Shaor Phreispitéireach Ian Paisley míshásta le  hiarracht Arlene Foster chun seasamh naimhdeach traidisiúnta an DUP i gcoinne homaighnéasachais a mhaolú. Ba chosúil gurb é sin an cor a thug na buíonta difriúla i measc na n-ionadaithe le chéile chun dúshlán na ceannaireachta a thabhairt.

Ar You Tube a rinne sí an fógra go n-éireodh sí as ceannaireacht an DUP ar 28 Bealtaine agus as an gcéad-aireacht ag deireadh mhí an Mheithimh. Is mór idir an t-imeacht uaigneach sin agus na taispeántais chaithréimeacha a bhain leis an gcéad bhliain a raibh sí i gceannas.

Rinne ionadaithe ceiliúradh mar a bheidís buacach i dtoghchán ag an gcomhdháil bhliantúil i mí na Nollag 2015 nuair a tháinig Arlene Foster i gcomharbacht ar Peter Robinson mar cheannaire. Ba í an tríú ceannaire ar an DUP agus smidiríní déanta den tsíleáil ghloine aici.

Cuireadh na múrtha fáilte roimpi laistigh agus lasmuigh den pháirtí mar athrú chun feabhais ach ligeadh an dea-thoil le sruth réasúnta luath.

D’éirigh thar barr léi sa chéad bhliain. Bhí sí buacach i dtoghchán an Tionóil in 2016, comórtas a ritheadh faoin mana ‘Vótáil d’Arlene’. Bhí 38 suíochán as 108 ag an DUP. Sa bhliain sin freisin ghlac an DUP taobh an Bhreatimeachta sa reifreann faoi bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach. Taobh na mbuaiteoirí a bhí ann, fiú mura raibh coinne acu leis an toradh sin. Ag an gcomhdháil bhliantúil i Samhain na bliana sin bhí Arlene ina dia beag ag na comhaltaí.

Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, thosaigh an chonspóid faoin RHI, an scéim fuinnimh nach raibh srian ar bith ar chaiteachas uirthi. Arlene Foster a bhunaigh an scéim. Dhiúltaigh sí seasamh i leataobh fad is a bhí an scéal á fhiosrú agus tháinig deacrachtaí eile chun cinn. Ar na conspóidí eile bhí maslaí an DUP don Ghaeilge maith leis an tionchar a bheadh ag an mBreatimeacht ar ghnóthaí abhus.

D’éirigh Martin McGuinness, Sinn Féin, as an leas-chéad-aireacht agus thit Stormont.

Sa toghchán Tionóil a lean chuir Foster a cos ann go tútach, sotalach. Ní fhéadfaí éileamh ar reachtaíocht Ghaeilge a ‘cheadú’ mar nach féidir crogall craosach a shásamh, ar sí. Rinne an chaint ainmheasartha dochar dá páirtí; thit sciar an DUP den vóta agus mhéadaigh codán Shinn Féin a bhí sna sála orthu. Chaill aontachtaithe a móramh in Stormont den chéad uair, buille síceolaíoch mór ar cuireadh an milleán ar Foster faoi.

Nuair a ghair Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, san olltoghchán tobann in 2017 cuireadh cor eile i gcinniúint an DUP. Go tobann bhí cumhacht acu in Westminster lena ndeichniúr feisirí  parlaiminte. Acusan a bhí cothromaíocht na cumhachta agus greim an fhir bháite á choinneáil ag Theresa May orthu chun go bhféadfadh sí féin fanacht i gcumhacht.

Bhain siad leas as a n-údarás nua in Westminster chun an Breatimeacht ba chrua ar fad a éileamh, iad diongbháilte nach gcothódh socruithe custaim úra deacracht ar bith fan na teorann in Éirinn. Rinne siad beag is fiú d’fholáirimh faoin mBreatimeacht crua, vótáil siad in aghaidh moltaí measartha Theresa May agus thacaigh le Boris Johnson chun í a ruaigeadh. Ceapadh Johnson ina Phríomh-Aire agus baineadh siar as an DUP nuair a rinne sé feall orthu. Ghlac sé le teorainn i Muir Éireann cé gur shéan sé é.

Tá an téiléireacht as an míbhreithiúnas sin á híoc ag Arlene Foster anois. Dhearbhaigh Johnson a cheannas san olltoghchán in 2019, chaill an DUP beirt fheisirí agus faoin am a ndearnadh Stormont a athnuachan in Eanáir na bliana seo caite bhí a gcumhacht in Westminster caillte acu. Mhair an folús in Stormont trí bliana agus bhí an DUP ní ba laige nuair a d’fhill na páirtithe ar Stormont anuraidh. Ceadaíodh an pósadh comhghnéis sa Tuaisceart in Westminster, cuireadh an bac ar ghinmhilleadh ar ceal agus bhí orthu géilleadh do reachtaíocht Ghaeilge. Chuir an phaindéim moill ar an-chuid de na beartais a gealladh nuair a athbhunaíodh Stormont, chuir an DUP cuid acu ar nós feidhmiú an dlí faoi ghinmhilleadh ar an méar fhada d’aon turas, ach caithfidh ceannaire nua a dhul i ngleic leo.

Cén leagan amach a bheidh ag a comharba ar na hábhair a bhfuarthas locht ar Arlene Foster ina leith? Beidh tionchar mór aige sin ar chaidrimh sa bhFeidhmeannas agus go deimhin ar inmharthanacht an Fheidhmeannais. Tréimhse chinniúnach agus ní don DUP amháin é.

Fág freagra ar 'Slán le Arlene – tréimhse chinniúnach romhainn ina diaidh'

  • Breathnóir1

    Achoimriú maith ar shaol polaitiúil Arlene Foster. Bhí an óráid a thug sí inné agus í ag éirí as a post mar cheannaire measartha stuama. Nach mór an trua nár léirigh sí níos mó measa do dhaoine sna 6 chontae ar Éireannaigh iad, nó daoine a bhfuil Gaeilge acu, agus í i gcumhacht. Í i gcónaí ag caint faoi bhuanna na sochaí ilchultúrtha iontaí atá le fáil sa Ríocht Aontaithe ach gan í féin, ná ceannaire aontachtach ar bith eile sásta, nó ábalta, léiriú go bhfuil suim dá laghad acu i sochaí ilchultúrtha, ilteangach…

  • An Teanga Bheo

    Is minic na trousers ar na fir sa ríocht eas aontaithe ? agus níl gúna ar bith ann