Slán agus céad leat, a Dheasúin, a chara na gcarad

Níl amhras ar bith nár chuir Deasún Fennell aidhmeanna Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta ar leibhéal níos airde ná a bheidís ag an dream a bhí ag caitheamh amhrais ar a chuid tuairimí

Slán agus céad leat, a Dheasúin, a chara na gcarad

Tá mo sheanchara Deasún Fennell imithe uainn. Is tráthúil gur ar Lá Fhéil’ Mhic Dara a bhásaigh sé. Ba mhór é a mheas ar an gceiliúradh a dhéantar ar Oileán Mhic Dara amach ó Charna ar an séú lá déag d’Iúil chuile bhliain.

Ní raibh Deasún agus a mhuirín i bhfad curtha fúthu i Maínis nuair a mhol sé gur cheart go ndéanfaí athchóiriú ar an séipéilín ársa atá ar an oileán. Chuaigh sé i gcomhairle leis na húdaráis chuí faoin scéal agus ba mhór an lúcháir a bhí air féin agus ar an bpobal fré chéile an lá a ndeachaigh Ardeaspag Thuama isteach ar an oileán leis an séipéilín a bheannú.

Leaidín óg a bhí ionamsa nuair a tháinig Deasún go Maínis. Níorbh fhada go raibh mé ag dul ar cuairt chuige féin agus chuig a bhean ghroíúil Máire.

Is mór an lear a mhúin siad dhom. Bhí muid réidh le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bhunú ag an am agus bhí Deasún ina chomhairleoir ag an gcuid againn a bhí sásta éisteacht lena ghlór.

Níl amhras ar bith nár chuir sé aidhmeanna na Gluaiseachta ar leibhéal níos airde ná a bheidís ag an dream a bhí ag caitheamh amhrais ar a chuid tuairimí.

Ba é a mhol dhúinn troid go láidir ar son Údarás fiúntach Gaeltachta. Ní muga magadh d’Údarás a bhí i gceist aige ach eagraíocht a mbeadh cumhacht agus airgead aici.

Mhínigh sé dhúinn gur géar a theastaigh córas láidir rialtais áitiúil ar fud na hÉireann ar fad go deimhin.

Ní stadadh sé ach ag tabhairt samplaí dhúinn d’áiteacha ar fud an domhain a bhfuil córas den chineál sin acu.

Ba mhinic é ag caint ar na cantóin san Eilvéis. Scríobh sé leabhrán faoin gcóras atá acu ar Na Scigirí – Take the Faroes, for example.

Desmond Fennell agus Bob Quinn ag seoladh bheathaisnéis Desmond “About Being Normal”

Bhí Deasún ar dhuine acu siúd a spreag muid le Saor-Raidió Chonamara a chur ar an aer. Ba é a bhí sásta agus é ag éisteacht i Maínis leis an gcéad chraoladh as Ros Muc.

Scríobh sé tuairisc mholtach faoi sa gcolún faoi chúrsaí raidió a bhí aige i Scéala  Éireann ag an am.

Bhunaigh Deasún agus mé féin gluaiseacht eile na blianta sin freisin, ‘Iosrael in Iarchonnacht’ mar a thug Deasún air.

Ba é an smaoineamh a bhí againn go meallfaí Gaeilgeoirí le cur fúthu sa nGaeltacht, dream a mbeadh scileanna acu agus a bheadh dílis don Ghaeilge.

Gluaiseacht a bhí inti a tharraing caint.

Bhí cuid de na daoine a rá gur thábhachtaí go mór fada an dream a bhí ag imeacht as an nGaeltacht a choinneáil sa mbaile. Ba é an freagra a bhí againne orthu go bhféadfaí an dá rud a dhéanamh.

Ní mórán aird a thug Gaeilgeoirí na Galltachta ar ár n-achainí ar aon bhealach.  Mar sin féin bhí sé de thoradh ar ár n-iarracht go dtáinig cara buan le Deasún, Bob Quinn, chugainn.  Is mór a chuir seisean é féin le saol na Gaeltachta ó shin.

Athraíonn an saol agus meon na ndaoine le himeacht aimsire. Is suntasach an ní go bhfuil feachtas ar bun i bparóiste seo Charna faoi láthair le daoine a mhealladh isteach.

Bhí Deasún lánchinnte gur ar an nGaeltacht ba chóir an iarracht a bhunú leis an nGaeilge a shábháil má bhí sábháil i ndán di. Mhol sé gur cheart ceannoifigí na n-eagras Gaeilge ar fad a aistriú chun na Gaeltachta. As sin a tháinig bunú Oireachtas na nGael.

Bhí suim thar na bearta aige i gcás Thuaisceart Éireann. Scríobh sé an t-uafás ábhair faoi. Beidh cuimhne agam go deo ar an oíche a raibh mé féin, Máire agus beirt de na gasúir i nDoire. B’in í an oíche tar éis Chath Thaobh an Bhogaigh.

Bhí mé féin agus Deasún i nDoire aríst an lá ar cuireadh na daoine a mharaigh Arm na Breataine Domhnach na Fola.

Ní raibh ansin ach ceann de na turais a rinne an bheirt againn le chéile. Cuimhním ar an lá a raibh sé in éineacht liom sa gcarr agus muid ar ár mbealach go Baile Átha Cliath chuig cruinniú. Ní raibh an cuimilteoir gaothscátha ag obair agus stopainnse anois agus aríst go gcuimlínn leath fata den ghaothscáth.

Bhí an oiread bís chainte ar Dheasún go raibh muid ag tarraingt isteach ar an Ardchathair nuair a thug seisean faoi deara nach raibh an cuimilteoir gaothscátha ag obair.

D’fhiafraigh sé díom go húdarásach ansin cén fáth nár chuir mé caoi air sular fhágamar an baile?

Chuirfeadh ceist mar sin cantal ar chuid de na daoine ach thuig mise bealach Dheasúin.

Slán agus céad leat a chara na gcarad.

Fág freagra ar 'Slán agus céad leat, a Dheasúin, a chara na gcarad'