Slán, a mhamaí – an t-alt deireanach sa tsraith seo…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún faoi ghalar Alzheimer. An mhí seo: an t-eagrán deireanach sa tsraith 

Slán, a mhamaí – an t-alt deireanach sa tsraith seo…

Nuair a chuir mé tús le Cuimhne agus Dearmad seacht mbliana go leith ó shin, seachtain nó dhó tar éis don lucht leighis a dheimhniú go raibh galar Alzheimer ar mo mháthair, thuig mé go dtiocfadh deireadh leis an tsraith seo lá éigin, agus go mbeadh an colún deireanach deacair.

Tá an t-eagrán deireanach sin á chló isteach agam anois.

Fuair mo mháthair bás coicís ó shin, lá luathfhómhair i ndeireadh mhí Lúnasa.

Fearacht mórchuid daoine a dtagann galar Alzheimer orthu, theip ar an gcuid sin den inchinn a stiúrann an slogadh, gníomh de chuid na colainne nach gcuimhníonn an chuid is mó againn air, fiú amháin, ach atá fíorchasta.

Thachtfaí mo mháthair dá dtabharfaí bia (fiú bia leachtaithe) nó deoch di feasta – bás fíor-mhíchompordach, a dúirt an lucht leighis linn, agus b’fhearr, sin é an prótacal, ligean di bás a fháil den tart agus den tuirse. (Go teoiriciúil, bhí rogha againn í a choinneáil beo le feadán cothaithe. Ach ós rud é nach mbeadh de thoradh air sin ach fad a chur le fulaingt, gníomh nach mór mídhaonna a bheadh ansin.)

Ceithre lá a mhair sí i ndiaidh dóibh éirí as an gcothabháil. Chaith mé féin, mo dheartháir óg, gaolta eile agus cairde cuid mhaith den am sin lena taobh agus bhí mé féin, mo dheartháir óg agus dlúthchara mná de chuid mo mháthar i láthair nuair a d’éag sí, chomh socair síochánta agus a d’fhéadfaí, fad is a lean na lonta dubha i mbarr na gcrann taobh amuigh den fhuinneog orthu ag ceol.

An rud is mó a chuir ionadh orm ná chomh sciobtha agus a d’imigh an strainc aisteach sin a bhí curtha ag galar Alzheimer uirthi dá haghaidh. Suaimhneas síoraí a ghuítear ar na mairbh, ach fianaise eile gur aimsigh mo mháthair an suaimhneas sin ar an bpointe boise níl uaim.

Suaimhneas aisteach a mhothaigh mé féin nuair a d’imigh mé abhaile ar mo rothar an oíche sin, tar éis do na hadhlacóirí corp mo mham a thabhairt go teach tórraimh. Den chéad uair ó bhog mo mháthair isteach in ionad cúraim nach mór trí bliana ó shin, ní raibh imní orm faoina mbainfeadh di tar éis dom dul abhaile; ní raibh imní orm faoin meath a thiocfadh uirthi idir dhá chuairt.

Bhí sochraid le heagrú ansin agus bhí an seomra san ionad cúraim le folmhú laistigh de sheacht lá; tá cinntí móra saoil le déanamh agam féin agus idir chuile útamáil is beag am a fuair mé le mo mhachnamh a dhéanamh nó fiú amháin le mo mháthair a chronú i gceart.

Mar sin féin tá mé ceart go leor, nó chomh ceart go leor agus is féidir a bheith tar éis bhás tuismitheora; an t-aon bhuntáiste amháin a bhaineann le galar Alzheimer – más buntáiste ar chor ar bith é, agus tá súil agam nach mbeidh baint agam leis an ngalar gránna sin riamh arís go deo – ná go mbíonn neart ama agat chun slán a fhágáil ag duine. D’fhág mé slán ag mo mháthair na mílte uair le blianta beaga anuas, ach déanfaidh mé uair amháin eile é.

Slán, a mhamaí.

Fág freagra ar 'Slán, a mhamaí – an t-alt deireanach sa tsraith seo…'

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Brón agus briseadh croí a Alex. Ní maith linn do bhris.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Deireadh ré duit fhéin agus do na léitheoirí. Go raibh maith agat as ucht an turas a roinnt linn. Déanaim comhbhrón leat Alex.

  • Caoimhín

    Mo chomhbhrón leat, a Alex. Léigh mé cuid mhaith den tsraith i gcaitheamh na mblianta agus bhí ábhar machnaimh sna hailt i gcónaí. Go raibh maith agat as do thaithí, do smaointe, agus blianta deireanacha do mháthar a roinnt linn. Suaimhneas síoraí di. Tabhair aire duit féin.

  • Risteárd Hincks

    Mo chomhbhrón ó chroí leat, a Alex.

  • Breda Finn

    Mo chomhbhrón ort agus ar do mhuintir a Alex.

  • Áine

    Mo chomhbhrón ó chroí leat a Alex agus do dhaoine muinteartha uilig ag an am uaigneach seo. Buíochas leat as an turas a roinnt go macánta. Beannacht Dé le hanam do mháthar.

  • Brigida

    Thug tú cabhair, treoir agus misneach leis na hailt seo, a Alex. Combhrón leat agus le do chann uilig.
    Bhí na hailt réalaoích agus tuisceanach i gconaí. Ba bhreá liom an t-alt faoin gcat den chomharsan béal dorais ag teacht isteach chuig do mham(roimh do mháthair ag dul isteach san ionad cúraim)agus ag cur as duit nuair a bhí tú féin sa bhaile greannmhar- thaiteann cuairt an chait léi agus bhí ort a bheith tuisceanach- “Ní léi an cat!”
    Ar dheis Dé go raibh a hanam. Go leanfaidh an suaimhneas.

  • Mairead de Faoite

    Mo comhbhrón a Alex.
    Máiread

  • Fearn

    Is oth liom do bhris, a Alex.

  • Peigí Ní Chonghaile

    Comhbhrón leat Alex, rinne tú go maith dhi, suaimhneas síoraí anois aici.

  • Eilís Ní Dhúill

    Comhbhrón ó chroí leat a Alex. Ní maith liom do bhris. Go raibh maith agat as na hailt, do thaithí agus an pictiúr álainn sin duit féin agus do mháthair a roinnt linn. Bhí ionracas agus ábhar machnamh sa mhéid a bhí le rá agat i gcónaí. Agus mar a deir tú, tá súil agam nach mbeidh baint agat, ná ag do mhuintir nó mo muintir féin, leis an ngalar gránna sin arís go deo.

  • Ciarán

    Iontach na hailt seo, a Alex. Combhrón leat

  • Brian O Conchubhair

    Is dona liom do bhris, a chara.

  • Meadhbh Ní Eadhra

    Ní maith liom do bhris, a Alex, comhbhrón ó chroí. Bhain mé an-taitneamh as do chuid alt thar na blianta – go raibh maith agat as gach a roinn tú linn. Sin pictiúr álainn díot féin agus do Mhamaí.

  • Pól Ó Braoin

    Diabhaltaí coscrach crá croí chuile dhuine an galra uafásach céanna. Guím suaimhneas dod’ mham agus síocháin amach anseo duit féin.

  • Lillis Ó Laoire

    Comhbhrón ó chroí leat a Alex.

  • Úna Ní Chonchúir

    Ní maith liom do thrioblóid, a Alex. Leaba i measc na Naomh go raibh ag do Mhama.

  • aoife

    Comhbhrón leat a Alex

  • Eoin Ó Riain

    Ní maith liom do bhris a Alex. Ós rud é go raibh an galar sin nó galar cosúil leis ag mo mháthair fhéin is dóch go bhfuil tuiscint áirithe ar an “bhfulaingt” a bhíonn ag an clann – go mór mór nuair nach n-athnaíonn sí iad, Ar bhealach thug do chuid altanna suaimhneas áirithe dom féin cé go bhfuair mo mháthair féin bás níos mó na deich mbliain ó shin. Bíodh síochán agat fhéin anois.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Comhbhrón leat a Alex as do bhris.

  • Eimear Ní Chonaola

    Comhbhrón ó chroí leat a Alex agus le do dhaoine muinteartha ar fad faoi bhás do mháthair. Ba duine álainn í. Mar adúirt daoine eile, shíl mé go raibh tú thar a bheith cróga agus oscailte sa tsraith a scríobh tú faoi do mháthair agus bhí ábhar go leor macnaimh agus foghlamtha ann. Suaimhneas síoraí dá hanam dílis agus tug aire dhuit féin, a chomrádaí.

  • Áine Durkin

    Ní maith liom do thrioblóid, a Alex. Bhris na hailt a scríobh tú ar an ábhar mo chroí; thuig mé do chás. Ní raibh sé éasca ort, ná oraibh, mar chlann. Go raibh sólás libh, a chara. 🫂

  • Fionn Ó Gráda

    Alex, thug tú aire iontach dod’ mháthair agus í leochaileach. Leaba i measc na Naomi di.

  • Anna Heussaff

    Mo chomhbhrón ó chroí leat, a Alex, & éacht cúraim déanta agat dod mham i gcaitheamh na mblianta mar aon leis an éacht i mbun tráchta ar bhur scéal. Bíodh sos & suaimhneas agat anois agus tú ag machnamh ar pé eachtraí nua a mbeidh an deis agat tabhairt fúthu. Le meas & gean, Anna

  • Pádraic

    Comhbhrón ó chroí leat, a Alex. Bhain mé an-sult as do chuid altanna thar na blianta agus aireoidh mé uaim iad. Chuir tú oideachas orainn agus bhí féith an ghrinn agus an daonnacht fite fuaite iontu. Thug tú an-aire do do mháthair agus beidh sí leat i gcónaí.

  • Máirtín Ó Catháin

    Alex,
    Go raibh scíth shíochánta, shuaimhneach ag do Mhama. Tá sé saothraíthe aici.
    Cómhbhrón libh uilig.
    Máirtín Ó Catháin.

  • Karen Reshkin

    Comhbhrón ó chroí leat, a Alex. Aithním a dúirt tú faoin tsíocháin a tháinig uirthi ag an deireadh; nuair a tharla sé sin le mo mháthair féin, smaoinigh mé ar an bpointe “míorúilt an bháis”. Tabhair aire duit féin anois.

  • Traolach

    Comhbhrón ó chroí leat, a Alex.