Siopadóireacht ar líne: déanann ‘áisiúil’ rím le ‘leisciúil’

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Séidfear 6 mhilliún tonna CO2 breise san aer agus beidh ardú 21 faoin gcéad ar thranglaim thráchta ar fud an domhain faoin mbliain 2030 má leanann an fás ar an tsiopadóireacht ar líne mar atá

Siopadóireacht ar líne: déanann ‘áisiúil’ rím le ‘leisciúil’

Nuair a bhí an phaindéim fós in ard a réime is iomaí rud a cheannaíodh an Saoithín Aeráide ar líne. Ní raibh rogha aige; bhí na siopaí dúnta.

Ach tá sé tar éis éirí as.

Anuas ar an náire aerthaistil, tá náire na siopadóireachta ar líne ar an Saoithín Aeráide anois.

An bhfuil a fhios agat cá mhéad pacáistí a sheachadann Amazon gach lá?

1.6 milliún.

Gach lá.

Agus níl ansin ach staitistic chomhlachta amháin. Cuir leis sin na pacáistí a sheachadann na siopaí ar líne móra agus beaga eile agus beidh tuairim agat faoin aschur CO2 a shéideann na heitleáin agus na veaineanna a iompraíonn na pacáistí sin ar fad san aer.

Más fíor figiúirí ón bhFóram Eacnamaíoch Domhanda, bhí an tsiopadóireacht ar líne freagrach as aschur 19 milliún tonna CO2 sa bhliain 2019, an bhliain dheireanach roimh an bpaindéim. Ach má leanann an fás ar an earnáil mar atá, beidh sí freagrach as aschur 25 milliún tonna CO2 faoin mbliain 2030: ardú nach mór 32 faoin gcéad.

Ní hamháin sin, ach faoin mbliain 2030 caithfidh comaitéirí ar fud an domhain 11 nóiméad breise sa tranglam tráchta gach lá. Agus é sin de bharr veaineanna An Post, DHL, FedEx, UPS agus comhlachtaí seachadta eile – bíodh na veaineanna sin ag rith ar dhíosal nó ar chadhnra litiam. Sin ardú 21 faoin gcéad ar fhad an mheánturais ón mbaile go dtí an obair agus ar ais.

Mar bharr ar an donas, bíonn tionchar diúltach ag an tsiopadóireacht ar líne ar an timpeallacht shóisialta.

Ní haon rún é: cuireann na siopaí ar líne siopaí fisiciúla as gnó. Dá mhéad earraí a cheannóidh muid ar líne, is ea is mó bearnaí a bheidh i dtírdhreacha ár gcathracha agus ár mbailte agus i gcreatlach na sochaí féin.

Agus an meall mór ar deireadh: tá an tsiopadóireacht ar líne go dona don tsláinte. An té a shiúlann go dtí an siopa nó a théann ann ar rothar, fanfaidh sé aclaí. Fiú an té a d’fhágfadh a charr sa charrchlós agus a shiúlfadh timpeall an bhaile mhóir, dófaidh sé roinnt calraí. Ach an té a ordaíonn gach a bhfuil uaidh ar líne, is gearr go dtitfidh sé i bhfeoil.

Ach tá an tsiopadóireacht ar líne chomh háisiúil, a deir tú.

Déanann ‘áisiúil’ rím le ‘leisciúil’, a deir an Saoithín Aeráide.

Fág freagra ar 'Siopadóireacht ar líne: déanann ‘áisiúil’ rím le ‘leisciúil’'