‘Síocháin’ na hÉireann ina ‘heiseamláir don domhan uile’ – Nancy Pelosi

Tugadh bualadh bos mór sa Dáil inniu do  Spéicéir Theach na Comhdhála sna Stáit Aontaithe nuair a dúirt sí nach mbeadh aon mhargadh trádála idir a tír agus an Ríocht  Aontaithe dá mbeadh aon bhaol ann go gcuirfeadh sé as do Chomhaontú Aoine an Chéasta

‘Síocháin’ na hÉireann ina ‘heiseamláir don domhan uile’ – Nancy Pelosi

Nancy Pelosi. Pictiúr: NO FEE, MAXWELLPHOTOGRAPHY.IE

Dúirt Nancy Pelosi, Spéicéir Theach na Comhdhála sna Stáit Aontaithe, nach bhféadfaí ligean don Bhreatimeacht scór bliain  faoi shíocháin a chur i mbaol.

Agus í ag tabhairt a hóráid stairiúil i dTeach Laighean, dúirt Pelosi gur “eiseamláir don domhan uile” a bhí i gComhaontú Aoine an Chéasta.

“Is mór againn Comhaontú Aoine an Chéasta,” a dúirt sí.

Comóradh a bhí in ócáid an lae inniu ar an gcéad uair ar shuigh Dáil Éireann 100 bliain ó shin agus bhí roinnt feisirí Comhdhála as na Stáit Aontaithe sa toscaireacht a tháinig go hÉirinn i dteannta Pelosi. I measc na n-aíonna eile a bhí i láthair don óráid sa Dáil bhí an t-amhránaí Bono agus a bhean Ali Hewson.

Tugadh bualadh bos mór di nuair a dúirt sí nach mbeadh aon mhargadh trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Ríocht  Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta dá mbeadh aon bhaol ann go gcuirfeadh sé as do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Pictiúr: MAXWELLPHOTOGRAPHY.IE

“Caithfimid a chinntiú nach dtarlóidh aon rud sna cainteanna faoin mBreatimeacht a chuirfidh Comhaontú Aoine an Chéasta i mbaol, an teorainn gan bhac idir Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann san áireamh, ach ní hí sin amháin,” a dúirt Nancy Pelosi i dTeach Laighean inniu.

Labhair Pelosi faoin gceangal láidir atá idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe agus léirigh sí a tacaíocht d’iarrachtaí an Rialtais suíochán a fháil ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Dúirt sí ina cuid cainte gur thuig Éire agus na Stáit Aontaithe araon “séan an neamhspleáchais’  agus gurbh éigean don dá thír “cogadh cathartha a cur díobh” sula raibh sé de shásamh acu “a náisiúin a atógáil”.

Is de bharr na taithí sin a “dhearbhaíonn muid dá chéile agus don domhan na luachanna daonlathais atá againn agus “a thiomanta atá muid don tsaoirse”. “Nuair a d’fhógair Éire a neamhspleáchas le mórtas sheas pobal an dá thír s’againne le chéile,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Síocháin’ na hÉireann ina ‘heiseamláir don domhan uile’ – Nancy Pelosi'