Sinn Féin tarraingthe siar ó chainteanna faoin bprótacal mar nach bhfuair McDonald aon chuireadh

Tharraing Sinn Féin siar ó chruinniú mhórpháirtithe an Tuaiscirt le Rialtas na Breataine nuair a tugadh le fios dóibh nach raibh cuireadh ag Mary Lou McDonald a bheith i láthair

Sinn Féin tarraingthe siar ó chainteanna faoin bprótacal mar nach bhfuair McDonald aon chuireadh

Tharraing Sinn Féin siar ó chainteanna le Rialtas na Breataine faoin bprótacal iarBhreataimeachta toisc nár tugadh cuireadh go dtí an cruinniú do cheannaire an pháirtí, Mary Lou McDonald.

D’fhág an t-easaontas nach mbeadh ionadaí ar bith ag na páirtithe náisiúnacha ag na cainteanna le haire gnóthaí eachtracha Rialtas na Breataine faoi sháinn an phrótacail.

Dhiúltaigh an SDLP freastal ar an gcruinniú chomh maith mar gur “fágadh amach” Sinn Féin.

Bhí ceannairí na mórpháirtithe go léir sa Tuaisceart in ainm is ceist an phrótacail a phlé inniu leis an aire James Cleverly, agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris.

Tharraing Sinn Féin siar ó chruinniú an lae inniu nuair a tugadh le fios dóibh nach raibh cuireadh ag Mary Lou McDonald a bheith i láthair.

Tuairiscítear go bhfuil Rialtas na Breataine ag maíomh go bhfágann nósmhaireacht na taidhleoireachta go gcaithfeadh Cleverley cruinniú a bheith aige leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin sula mbeadh aon chruinniú aige  le Mary Lou McDonald.

Dúirt Sinn Féin gurb é seo an t-am le bheith istigh a thabhairt do chách agus gurb é tráth na cainte é.

“Seo an t-am don pholaitíocht atá sibhialta agus aibí. Ní féidir glacadh le mímhacántacht nó cantal ó Rialtas na Breataine,” a dúradh i ráiteas ó Shinn Féin.

Dúirt Mary Lou McDonald go raibh sé “an-aisteach go deo” nár tugadh cuireadh di a bheith i láthair ag an gcruinniú.

Níorbh aon chabhair d’aon duine é í a bheith fágtha amach, a dúirt sí.

“Stuacacht Thóraithe na Breataine” ba chúis leis an easaontas, dar léi.

Fág freagra ar 'Sinn Féin tarraingthe siar ó chainteanna faoin bprótacal mar nach bhfuair McDonald aon chuireadh'