Sinn Féin tagtha ina chuaifeach go Gaillimh Thiar agus aire stáit na Gaeltachta scuabtha leis

An dá luath agus a osclaíodh na boscaí in Ionad Leadóige na Gaillimhe ar Bhóthar na Mine bhí rud amháin soiléir, bheadh suíochán ag Sinn Féin i nGaillimh Thiar

Sinn Féin tagtha ina chuaifeach go Gaillimh Thiar agus aire stáit na Gaeltachta scuabtha leis

Teachta Dála nua Shinn Féin i nGaillimh Thiar, Mairéad Farrell. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí cuthach ar thonnta Chuan na Gaillimhe maidin an toghcháin agus iad ag réabadh i dtreo chósta Bhóthar na Trá agus ag cur cúir is farraige cháite in aer. Ní fada ó challán na taoille a bhí tonnta polaitiúla ag éirí as boscaí vótála as chuile cheard de thoghcheantar Ghaillimh Thiar agus Mhaigh Eo Theas. An dá luath agus a osclaíodh na boscaí in Ionad Leadóige na Gaillimhe ar Bhóthar na Mine bhí rud amháin soiléir, bheadh suíochán ag Sinn Féin i nGaillimh Thiar.

Níl sé ach ocht mí ó chaill Mairéad Farrell a suíochán ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Ruaig vótóirí an bhaile mhóir í féin agus beirt chomhghleacaithe léi amach den Chomhairle Cathrach. Chaill Thomas Healy as an gCladach Dubh a shuíochán sa gComhairle Contae. Ní raibh ionadaí ar bith fanta ag an bpáirtí sa gcóras rialtais áitiúil i dtoghcheantar Ghaillimh Thiar agus Mhaigh Eo Theas.

Ach maidin inné toghadh Mairéad Farrell, deich mbliana fichead d’aois, ina Teachta Dála don toghcheantar.

Bhailigh sí vótaí ar fud an toghcheantair uilig. Bhíothas ag súil go mbeadh carnán réasúnta aice ag teacht amach as an gcathair ach nuair a fuair sí an vóta ab airde i mbosca Bhaile Conaola ar imeall thiar Chonamara ba léir go ndéanfadh sí an beart.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí cuthach ar vótóirí sa gcathair, sna cnoic agus le cladach agus iad ag taobhú le Sinn Féin. Vóta agóide a bhí ann, a deir go leor de lucht na bpáirtithe móra eile san ionad comhairimh.

Pé ar bith cúis atá leis tógadh Mairéad Farrell do Shinn Féin i nGaillimh Thiar agus Maigh Eo Theas níos luaithe inniu. Éamon Ó Cuív (Fianna Fáil) a toghadh sa chéad áit agus é chun tosaigh ar Noel Grealish (Neamhspleách) agus Farrell.

Chruthaigh Ó Cuív agus Grealish thar cionn arís an uair seo agus i dteannta Farrell, chuadar os conn 8,000 ar an gcéad chomhaireamh.

D’fhág Éamon Ó Cuív roinnt ceantar sa toghcheantar faoina chomhghleacaí, an Comhairleoir Ollie Crowe le súil agus go bhfaigheadh Fianna Fáil dhá shuíochán. Cruthaigh Crowe maith go leor ar 5,180. Ach ní raibh  Ó Cuív in ann cuidiú leis mórán cheal farasbarr.

Chaill Noel Grealish tuairim is 1,000 vóta san athrú a rinneadh ar theorainn an toghcheantair sa taobh sin tíre aige féin. Ach d’ardaigh a vóta i gcathair na Gaillimhe. Ba mhór an díol spéise é vóta Uachtar Ard i bhfianaise na conspóide a bhí ansin mar gheall ar an ionad dídine a bhí le lonnú in óstán ar an mbaile sin, plean a caitheadh in aer de bharr na conspóide. Fuair Noel Grealish 315 vóta in Uachtar Ard agus ní bhfuair Seán Kyne ach 95 vóta.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí vóta láidir ag Catherine Connolly, neamhspleách, arís agus d’éirigh léi an beart a dhéanamh arís.

Ach sa deireadh thiar, ba é an scéal mór i nGaillimh Thiar ná gur toghadh bean Shinn Féin agus gur chaill Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomh-Aoire an Rialtais, Seán Kyne, a shuíochán. Hildegard Naughton a thug na cosa léi d’Fhine Gael as an gcuaifeach i nGaillimh Thiar.

Is léir ón vótáil a rinneadh in Uachtar Ard gur dona a tháinig Seán Kyne as an gconspóid faoin ionad dídine. Go deimhin, bhí a chuid vótaí gaibhte chun deiridh i gcuimse boscaí sa gcathair agus amach faoin tír.

Ní raibh aon fhonn cainte air aréir agus is deacair a rá an dtabharfaidh sé faoin Seanad nó an dtabharfaidh sé droim láimhe leis an bpolaitíocht. Toghadh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar dtús é in 2004 agus in 2009 agus tá sé ina Theachta Dála ó 2011.

Seán Kyne i láthair san ionad chomhaireamh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

5,314 a bhí ag Seán Kyne ar an gcéad chomhaireamh agus 5,645 a bhí ag a chomhghleacaí, Hildegard Naughton. Laghdaíodh an bhearna sin de bheagán ach is mó vótaí aistrithe a mheall sa Naughton ó iarrthóirí na cathrach.

Rinne Kyne a dhícheall sa nGaeltacht agus thacaigh sé le go leor iarrachtaí pobail agus le ceist na Gaeilge féin. Ar ndóigh, mar Phríomh-Aoire, bhí air polasaithe an Rialtais a chosaint go poiblí rud nár chuidigh leis go minic.

Ach má bhíonn deireadh leis sa Dáil inniu, beidh sé le rá faoi go raibh dáiríreacht agus ionracas ag baint leis agus bealach séimh suáilceach leis i gcónaí.

Ní beag an moladh é sin ar aon duine.

Fág freagra ar 'Sinn Féin tagtha ina chuaifeach go Gaillimh Thiar agus aire stáit na Gaeltachta scuabtha leis'