Sinn Féin ar seachrán – agus d’fhéadfaí iad a scrios, thuaidh agus theas, mura ndéanann siad an rogha cheart

Tá roghanna deacra roimh Shinn Féin agus is casta na roghanna sin toisc iad a bheith ag freastal ar mhianta vótóirí ó thuaidh agus ó dheas ag an am céanna

Sinn Féin ar seachrán – agus d’fhéadfaí iad a scrios, thuaidh agus theas, mura ndéanann siad an rogha cheart

Is minic a labhraítear faoi na roghanna deacra a bheas ag Fianna Fáil i ndiaidh an olltoghcháin: a bheith go síoraí ina gcrann taca ag Fine Gael, nó briseadh leis an meánaicme agus comhrialtas a dhéanamh le Sinn Féin.

Ach tá roghanna deacra roimh Shinn Féin freisin, roghanna i ndáiríre atá chomh tromchúiseach agus sainiúil céanna. Agus ní mór a rá gur casta na roghanna sin i gcás Shinn Féin toisc iad a bheith ag freastal ar mhianta vótóirí ó thuaidh agus ó dheas ag an am céanna.

Tá an dá riachtanas atá ag an bpáirtí le feiceáil sa seasamh a ghlac siad i dtaobh an Bhreatimeachta. Le blianta sheas Sinn Féin in aghaidh an Chómhargaidh is an Aontais Eorpaigh a lean é. Ón gcéad reifreann maidir le ballraíocht sa Chómhargadh i 1972, agus sna reifrinn ina dhiaidh sin – an Ionstraim Eorpach Aonair (1987), Maastricht (1992), Amsterdam (1998), Nice (2001 is 2002), Liospóin (2008 is 2009), an Comhaontú Fioscach (2012) – chuir Sinn Féin i gcoinne gach iarrachta cur le cumhachtaí an Aontais.

Ach anois tá Sinn Féin ag stocaireacht go láidir go bhfanfadh na Sé Chontae san Aontas Custaim, is tá laghdú mór tagtha ar líon na ráiteas uathu a bhíonn cáinteach faoin Aontas Eorpach féin. Nuair a bhí Gerry Adams ina uachtarán ar an bpáirtí labhair sé go minic is go láidir i gcoinne easpa daonlathais san Aontas agus ar son smacht a bheith ag muintir na hÉireann ar ghnóthaí na hÉireann.

Ach ní bhíonn an bhéim chéanna á cur air sin ag an uachtarán reatha, Mary Lou McDonald. Dar léi baineann an cur i gcoinne an Aontais sin leis an stair!

Ní mar sin, feictear dom, a bhreathnaíonn formhór na mball ó dheas ar an scéal, ach tá brú láidir ann ón Tuaisceart mar creideann Sinn Féin ó thuaidh gur féidir leas a bhaint as an mBreatimeacht le hathaontú na hÉireann a bhrú chun cinn.

Ar seachrán atá siad, dar liom, ach tá ceist na teorann go mór ar an gclár oibre maidir leis an idirbheartaíocht i dtaobh an Bhreatimeachta; agus tá na Tuaisceartaigh sásta sodar i ndiaidh na hEorpa ar mhaithe, dar leo, leis an duais mhór a bhaint amach.

Tá na Deisceartaigh sásta ligean leis seo, ach san idirlinn tá an páirtí á tharraingt isteach i mbolscaireacht an Aontais, agus beidh sé an-deacair briseadh amach as amach anseo.

Is cinnte, ámh, go laghdóidh an t-athrú meoin seo na deacrachtaí a bheadh ag an bpáirtí maidir le comhrialtas a bhunú le ceachtar páirtí, Fianna Fáil nó Fine Gael. Tá an dá pháirtí sin gafa ar fad ag an díograis Eorpach agus ní féidir a shamhlú go dtréigfidís é sin.

Ach tá sampla Pháirtí an Lucht Oibre beo beathach os comhair Shinn Féin.  Tá páirtí Howlin scriosta nach mór mar gheall ar iad a bheith páirteach i rialtas na déine faoi stiúir Fhine Gael.

Má théann Sinn Féin an treo céanna is é an toradh céanna a bheidh i ndán dóibhsean freisin.

Ní shin le rá nach cóir dóibh iarracht a dhéanamh clár comhrialtais a chur le chéile, ach is riachtanach dóibh cinnte na fadhbanna móra faoi chúrsaí sláinte, tithíochta, pá, forbairt tuaithe, agus roinnt chothrom ar mhaoin na tíre a réiteach.

Ní ghlacfaidh a lucht tacaíochta le geallúintí; réiteach a bheidh ag teastáil.

Is léir nach féidir réiteach a fháil le polasaí reatha an rachmais, agus tá ceist mhór ann faoin srian a chuireann ballraíocht san Aontas Eorpach ar shaoirse an rialtais maidir le polasaí de.

Is cóir do Shinn Féin clár oibre a mholadh a bheidh bunaithe ar na hargóintí atá déanta acu sa Dáil i gcoinne na bpolasaithe reatha.  Is mura bhfuil Fianna Fáil nó Fine Gael sásta géilleadh dá leithéid, ansin ba chóir droim láimhe a thabhairt leo.

Ach arís beidh brú mór ar cheannaireacht an pháirtí ón Tuaisceart.  Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas ó dheas, bheadh guth níos láidre acu amach anseo chun labhairt leis na Sasanaigh ná mar atá faoi láthair ag an DUP féin.

Cá mbeidh tosaíocht an pháirtí mar sin? Freastal ar mhian an Tuaiscirt chun  athaontú na hÉireann a bhrú chun cinn, nó freastal ar lorg na córa ó dheas? Nó an mbeidh an páirtí in ann freastal ar an dá thrá?

Agus ag filleadh ar scéal na hEorpa, cé acu is tábhachtaí: aontú nó saoirse na hÉireann?

Mar má fhanann muid ceangailte leis an Eoraip níl aon dul as ach go mbeidh muid páirteach sna polasaithe míleata a bheas ag an Aontas feasta.

Má dhéanann Sinn Féin na cinntí míchearta, d’fhéadfaí an páirtí a scrios, thuaidh agus theas.

Fág freagra ar 'Sinn Féin ar seachrán – agus d’fhéadfaí iad a scrios, thuaidh agus theas, mura ndéanann siad an rogha cheart'

  • Máiread

    Iontach cruinn.

  • Concubhar

    Dá mhéid a léim d’altanna Eoin Uí Mhurchú faoi Shinn Féin, is mó a bhím in iontas. An gcreideann sé an méid a scríobhann sé? I bhfirinne? Teoiric chomhcheilge maidir leis an Aontas Eorpach? Fantasaíocht i leith SF agus an chur chuige a bheadh acu i Rialtas, dá dtoghfaí iad. Bíonn sé ag caint ar fhórsa míleata an Aontais Eorpaigh amhail is gur droch rud é go mbeadh comhoibriú idir na tíortha éagsúla ó thaobh cosanta de is ó thaobh idirghabháil ar son cearta daonna thar lear. Ar ndóigh bhí sé i gcoinnibh go mbeadh Fórsaí Cosanta na hÉireann páirteach freisin i misin ar son na Náisiúin Aontaithe i dtíortha eagsúla, nuair a bhí gá le fóirithint ar son na daonnachta, mar gheall ar eachtraí – nó mí eachtraí – na Rúise agus fórsaí eile. Port a bhíonn aige gur cheart d’Éirinn tarraingt amach as Aontas na hEorpa – ar son cad é? Cad é an luach saothair iontach a bheadh mar thoradh ar a leithéid de bheartas? Ní gá dúinn ach féachaint ar an mBreatain agus an phraiseach ar fud na miasa ann mar gheall ar chur chuige aiféiseach is mí chuíosach anuas ar chinneadh gan chiall bunaithe ar chiníochas agus ar bhréag pholataíocht le bheith ar an airdeal mar glacadh lena leithéid de mhí chomhairle. An t-aon leas ar féidir leis an tír seo a bhaint as Sasamach gur féidir go mbeidh dí-aontú ar an Riocht Aontaithe agus na tíortha éagsúla ag scarúint ón ‘mhathair-thír’ mar gheall ar an scoilteachas atá tagtha chun solais mar gheall ar an reifreann. Nuair nár ghlac SF páirt gniomhach sa bhfeachtas ar son ‘fánacht’ ó thuaidh, cháin mé iad. Más mall is mithid gur tháinig siad ar an dtuiscint gur fearr an Tuaisceart laistigh den Aontas chun a bheith ar aon leathnach/inchinn leis an deisceart. Is léir anois, fiú don dall, gur ar leas an Tuaiscirt go mbeadh aontas ann ar an oileán seo. Ach is bun choinnioll leis an aontas sin go mbeimís go léir san Aontas Eorpach. Go dtí seo sa phroiseas idirbheartaíochta, tá Aontas na hEorpa tar éis seasamh le h-Éirinn go dionghabhailte in éadan bréaga agus briathra te na Breataine. Molaim iad as sin.

  • Proinsias

    Ach, an mbeidh cnámh droma ag na hEorpaigh chun tacú buan a thabhairt dÉirinn in aghaidh camailéarachta na Breataine? Ní chuirfinn geall mór ar sin.
    Feicfimíd…

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bheadh seans níos fearr ar tacú na hEorpa in aghaidh ‘caimiléireachta na Breataine’, mar a thugann Proinnsias air, ná a mhalairt!