Síneadh ama molta do bhaill Bhord Údarás na Gaeltachta i bhfianaise vóta faoi thoghchán

Ghlac an Seanad an tseachtain seo caite, 22 vóta in aghaidh 18, leis an dara céim de bhille a bhfuil faoi an córas toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais

Síneadh ama molta do bhaill Bhord Údarás na Gaeltachta i bhfianaise vóta faoi thoghchán

Ba chóir síneadh ama a chur le tréimhse na gcomhaltaí atá ar Bhord Údarás na Gaeltachta faoi láthair go dtí go gcaithfear vóta i dTithe an Oireachtais i dtaobh bille nua a bhfuil faoi toghchán an Údaráis a athbhunú, dar leis an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh.

Ghlac an Seanad an tseachtain seo caite, 22 vóta in aghaidh 18, leis an dara céim den bhille a mhol an Seanadóir Gaeltachta agus tá an reachtaíocht atá molta le bheith os comhair an tSeanaid arís go luath.

Dá nglacfaí leis an mBille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2017 reáchtálfaí toghcháin arís le baill Bhord an Údaráis a roghnú agus dúirt Ó Clochartaigh go bhféadfaí toghchán a reáchtáil an bhliain seo chugainn ach stad a chur leis an bpróiseas atá ar bun faoi láthair chun bord nua a cheapadh.

“Tá súil agam go dtiocfaidh muid tríd na staideanna eile, má éiríonn linn, chomh luath agus is féidir. Le tacaíocht thraspháirtí, féadfaidh muid é seo a chur i bhfeidhm. Bhí an tAire Stáit [Joe McHugh] ag labhairt faoi na hainmniúchán a bheith tagtha isteach. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe iontach sciobtha leis an gcomhfhreagras.

“Bhí neart amanna eile, áfach, a raibh Airí Stáit agus na litreacha céanna ina suí ar an mbord acu ar feadh míonna sular cheap siad aon duine. Níl aon duine ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta go fóill. Níl aon deifir leis. Dá gcuirfí an reachtaíocht tríd go sciobtha, d’fhéadfadh muid dul leis na toghcháin arís an bhliain seo chugainn agus síneadh a chur leis an tréimhse atá ag an mbord reatha,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios go bhfuil comhairlí contae tar éis a n-ainmniúcháin a chur faoi bhráid na Roinne cheana féin.

Cuireadh deireadh leis an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí.

Beidh tréimhse cúig bliana an bhoird reatha istigh ar an 20 Samhain.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go raibh “seanchóras” na dtoghchán “amscaí agus costasach” agus go bhfuil “an chaoi ina roghnaítear an bord faoi láthair sásúil”  agus ag teacht “le gach dea-chleachtas mar a bhaineann sé le ceapacháin boird Stáit”.

Nuair a d’fhógair rialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre go raibh deireadh á chur le toghchán an Údaráis, dúradh gur ar mhaithe le hairgead a shábháil agus le Bord na heagraíochta a dhípholaitiú a rinneadh an cinneadh sin.

Dúradh chomh maith go bhfágfadh an córas nua ceapacháin go mbeadh saineolaithe i réimsí éagsúla, go háirithe sa phleanáil teanga, ar an mbord feasta.

 

Fág freagra ar 'Síneadh ama molta do bhaill Bhord Údarás na Gaeltachta i bhfianaise vóta faoi thoghchán'