Simon scanrúil? Cén fáth go bhfuil an Tánaiste anois ina bhadhbh na coille duibhe ag aontachtaithe?

Mheabhródh allagar na n-aontachtach faoi láthair an t-am a mbíodh Corcaíoch eile, Peter Barry, mar dheamhan acu

Simon scanrúil? Cén fáth go bhfuil an Tánaiste anois ina bhadhbh na coille duibhe ag aontachtaithe?

Chualamar le fada gur fear ciúin, gan urchóid, gan faobhar é Simon Coveney. Ní hamhlaidh é i súile na n-aontachtach. ‘Amscaí’, ‘trodach’ ‘mígharach’ cuid de na tréithe atá luaite leis ag an DUP, an UUP agus an TUV. An cliar ar fad corraithe aige.

Ag Gerry Adams a bhíodh an ról sin. Ba é uachtarán Shinn Féin an té a luadh Arlene Foster, ceannaire an DUP, gach uair ar theastaigh uaithi na vótóirí a scanrú chun tacú léi. An bhfuil Adams caite i dtraipisí mar údar scéine toisc go bhfuil a ré fhada mar cheannaire ar Shinn Féin ag druidim chun deiridh? Nó an bhfuil rialtas na hÉireann níos scanrúla?

Mheabhródh allagar na n-aontachtach an t-am nuair a bhíodh Corcaíoch eile, Peter Barry mar dheamhan acu. Ba eisean, dar leo an tAire Gnóthaí Eachtracha a bhíodh ‘ag cur a ladar i ngnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann’ tar éis Chomhaontú Hillsborough i 1985. Ba é an comhaontú sin a thug ról foirmeálta do rialtas na hÉireann i ngnóthaí an Tuaiscirt beag beann ar fhreasúra aontachtach.

Sin í an cheist chéanna atá ag cothú aighnis anois. D’fhógair an Tánaiste, Simon Coveney cúpla lá ó shin gur theastaigh uaidh an caidreamh idir an rialtas agus an DUP a fheabhsú mar gur léir go raibh sé imithe chun donais de bharr an Bhreatimeachta. Mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus comh-chathaoirleach, leis an Státrúnaí James Brokenshire, ar chainteanna Stormont labhair sé go dóchasach (fiú má bhí amhras air) faoi thús a chur athuair san athbhliain le cainteanna mar gheall ar bhunú feidhmeannas a bheadh oiriúnach don fheidhm. Dá dteipfeadh ar na hiarrachtaí sin, arsa Coveney, chaithfí roghanna eile a scrúdú – toghchán eile nó comhdhálacha idir-rialtais chun cinntí a dhéanamh faoi riar Thuaisceart Éireann.

Ba í an chaint faoi chomhdhálacha idir rialtais na hÉireann agus na Breataine a chuir aontachtaithe ar deargbhuile. Ba é Jim Allister, TUV, a chuir dlús leis an sceanairt. Iarracht ag Coveney chun comhúdarás a ghabháil chuige féin. Sciob a chuaigh thar a chearta. Sárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí Allister ar buile.

Ar ndóigh, ní féidir leis an DUP an imirt a fhágáil faoi Allister agus níorbh fhada gur ionsaigh Gregory Campbell an tAire Coveney. Mhaígh Campbell go raibh an caidreamh idir rialtas na hÉireann agus an DUP imithe in olcas ó tháinig an Taoiseach Varadkar agus an tAire Coveney i gcomharbacht ar Enda Kenny agus Charlie Flanagan. Ba mhór an trua é, dar le Gregory Campbell, go raibh an bonn bainte ag an bhfoireann nua i Sráid Mhuirfean den dea-chaidreamh a bhí ann lena réamhtheachtaithe.

Suimiúil go leor, dúirt sé go mbuailfeadh an DUP leis an Tánaiste. Cur chuige liom leat ag an DUP, b’fhéidir? Nó aitheantas gur gá dóibh déileáil le rialtas na hÉireann? Bhí an DUP míshásta le ról Bhaile Átha Cliath sa mhargadh idir Theresa May agus an tAontas Eorpach. Mhaígh Sammy Wilson go bhfuair an DUP agus rialtas na Breataine an ceann is fearr ar Varadkar ach ba dhóigh leat ar a chuid feirge go raibh an taobh eile den scéal ann. Tá go leor dá lucht leanúna ag cur in iúl dóibh chomh himníoch is atá siad faoin mBreatimeacht agus a bhfuil i ndán don teorainn. Fiú má fheileann sé don pháirtí a bheith ag scamhailéireacht ar Simon Coveney chun ionsaithe orthu féin ó Allister agus an TUV a sheachaint, éilíonn an realpolitik margáil idir iad agus Baile Átha Cliath.

D’ionsaigh Robin Swann, ceannaire an UUP an Tánaiste freisin. Mhol sé don Aire Coveney an micreafón a sheachaint má theastaíonn uaidh an caidreamh le haontachtaithe a leigheas. “Ba mhaith linn dea-mhéin a thaispeáint do Simon Coveney faoi Nollaig,” ar sé, “ach cuireann sé a chos ann gach uair a osclaíonn se a bhéal faoin gcaidreamh a fheabhsú.”

Níl foráil ar bith i gComhaontú Aoine an Chéasta a cheadaíonn comhúdarás, dar le Swann agus é ag déanamh neamhshuim de nár dhúirt Coveney aon rud faoi chomhriail an uair seo.

Tá Rialtas na hÉireann meáite de go mbeadh ról acu sa Tuaisceart tríd an gcomhdháil eadar-rialtais dá gcaithfí éirí as dílárú na cumhachta go Stormont agus tá sé ráite ag an Aire nach nglacfadh Baile Átha Cliath le riail dhíreach Westminster gan ionchur ar bith uathusan. Seans gurb é sin an chéad chnámh spairne eile – an t-údar a bhfuil Coveney anois ina ‘chontúirt’ agus ina bhadhbh na coille duibhe.

Go raibh Nollaig shona acu roimh an gcéad dreas eile, agus agatsa a léitheoir.

Fág freagra ar 'Simon scanrúil? Cén fáth go bhfuil an Tánaiste anois ina bhadhbh na coille duibhe ag aontachtaithe?'

  • Eoin Ó Murchú

    Ar an gcnaipe arís, a Phóilín!

  • leitheoir

    ‘bodhbh na coille duibhe’ an-deas. Nollaig mhaith mhor duit fein.