’Sí Nollaig í, ’sí Nollaig í, mór a mhilleann sí agus beag a leigheasann sí…

Tá Comhairle Bhéal Feirste náirithe agus iad ag iarraidh daoine gan dídean a ruaigeadh as amharc

’Sí Nollaig í, ’sí Nollaig í, mór a mhilleann sí agus beag a leigheasann sí…

Séasúr an charthanais agus na dea-mhéine. ’Sea, má tá an t-ádh orainn. Is maith le Comhairle Bhéal Feirste crann Nollag ollmhór a bheith acu, margadh idirnáisiúnta, carúil agus comharthaí sóirt na féile. Ach obair nithiúil ar mhaithe le saoránaigh a bhfuil gá acu léi? Sin scéal eile.

Bhí alltacht ar dhaoine nuair a chonaic siad binsí poiblí á mbriseadh ag an gComhairle i gcearnóg i lár na cathrach le déanaí. Baineadh na lataí as na binsí adhmaid le sábh ciorclach. Ba ghnách le daoine gan dídean codladh ar na binsí sin. Cúpla bliain ó shin bhain an Chomhairle anuas faighneog ar an láthair chéanna- chuir grúpa deonach an fhaighneog in airde ionas go mbeadh saoráidí leithreas poiblí ag daoine gan dídean. Chinn an Chomhairle gur sháraigh sé rialacha sláinte agus sábháilteachta.

An uair seo, b’éigean stop a chur le hiompar frithshóisialta, arsa comhairleoir agus iarMhéara, mar go raibh gearáin déanta ag daoine a bhí ag fanacht in óstán nua in aice láimhe. Lena cheart a thabhairt don chomhairleoir Jim Rodgers bhí sé toilteanach labhairt faoin gcinneadh. Ní bhfaigheadh sé marc maith áfach as a chosaint ar bheart do-chosanta. Feidhmeannaigh a rinne an cinneadh. Níor cuireadh faoi bhráid na gcomhairleoirí é agus cháin Sinn Féin, SDLP, Comhaontas Glas agus Alliance é.

In ionad a dhul i ngleic le cibé ‘iompar frithshóisialta’ a bhí ar siúl- iarraidh déirce, ólachán agus tógáil drugaí seans, ní raibh ón gComhairle ach an fhadhb a chur as amharc. Trí thoradh – drochiompar fós ag tarlú in Jubilee Square gan aon straitéis chun é a cheansú; an dornán beag daoine a bhíodh ar na binsí istoíche ina luí ar an tsráid in áit éigin eile san aimsir ba mheasa a bhí againn an geimhreadh seo – arís gan aon straitéis ann le déileáil le cúiseanna na faidhbe. Agus an Chomhairle náirithe: scrooge an lae inniu nó an té a mbíodh an rann aige “’sí Nollaig í, ’sí Nollaig í, mór a mhilleann sí agus beag a leigheasann sí”.

An tseachtain seo, faoi bhrú ón bpobal agus ó chomhairleoirí, agus léirsiú in éadan an chinnidh beartaithe don Aoine, cuireadh na binsí ar ais.

Maítear nach bhfuil ach ceathrar a chodlaíonn amuigh go seasta i mBéal Feirste. Maítear freisin go bhfuil leapacha ar fáil dóibh ach nach nglacann siad leo. Bíonn i bhfad níos mó ná ceathrar le feiceáil go rialta i lár na cathrach. Is dócha nach iad na daoine céanna a bhíonn amuigh i gcónaí. Caithfear a aithint nach bhfeileann an chóiríocht éigeandála a chuirtear ar fáil do gach duine. Caithfear a admháil freisin go mbeidh daoine ann i gcónaí nach bhfuil fonn orthu glacadh le cabhair ar iliomad cúiseanna. Bíonn roinnt ag iarraidh úsáideoirí drugaí agus alcóil a sheachaint, daoine eile nach mian leo meascadh le ‘cuiditheoirí’, agus daoine a bhfuil meabhairghalair ag dul dóibh, agus sin gan ach cuid de na cúiseanna a lua.

Níl easpa dídine chomh holc i mBéal Feirste ná in aon chuid de Thuaisceart Éireann is atá sé sa deisceart. Ach ní tráth faillí é. Mhol tuairisc ón Reachtaire Cuntas agus Ciste an mhí seo caite go ndéanfaí monatóireacht agus taighde ar bhonn leanúnach ar líon na ndaoine gan dídean atá ag codladh amuigh. Thuairisc an reachtaire Kieran Donnelly freisin gur chláraigh 12,000 líonta tí  go raibh siad ‘gan dídean’ le bliain i dTuaisceart Éireann. Ina measc sin bhí daoine a bhí ag cur fúthu le gaolta nó cairde, daoine i gcóiríocht shealadach nó in árais neamhfheiliúnacha. Tá an lion sin méadaithe 32% le cúig bliana, a dúirt sé, an ráta is airde sa Ríocht Aontaithe ar chostas £300 milliún.

Bhí an Reachtaire den bharúil go bhfuil sé thar am athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar leithdháileadh tithíochta sóisialta. Ní raibh Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann in ann a léiriú an raibh tionchar aige sin chun easpa dídine a laghdú ná an raibh polasaí aici chun é a chosc a dúirt an tuairisc. Mhol sé don Fheidhmeannacht cur chuige níos nuálaí a ghlacadh chuige le heolas faoi easpa dídine a bhailiú, a scagadh agus a mhiondealú. Ansin ba cheart polasaí ilghníomhaireachta a dhearadh agus tosaíocht a thabhairt dó mar straitéis.

Ba dheacair easaontú leis sin. Idir an dá linn cinntímis nach ligtear d’fheidhmeannach neamhthofa nó tofa an mainséar féin, ar bhinse poiblí, a cheilt ar an duine bocht.

Fág freagra ar '’Sí Nollaig í, ’sí Nollaig í, mór a mhilleann sí agus beag a leigheasann sí…'

  • nioclas

    is fior dhuit e faoin Nollaig, go hairithe.