Shiúil Joe Éinniú go dtí an micreafón go mall maorga – he stole the show an oíche sin…

Tugadh chun cuimhne ag Féile Joe Éinniú oíche a chaith an t-amhránaí as Carna ag amhrán ar aon ardán le piardaí móra an ‘folk revival’ i Nua-Eabhrac

Shiúil Joe Éinniú go dtí an micreafón go mall maorga – he stole the show an oíche sin…

B’iontach mar a léirigh Seán Tyrrell buanna an fhonnadóra Joe Éinniú agus é ag oscailt Féile Joe Éinniú i gCarna san oíche Dé hAoine. Amhránaí agus ceoltóir é Tyrrell féin a bhfuil cáil mhór air le fada an lá.

Nuair a chuaigh an scéal thart in Iorras Aithneach i dtosach gurb é a d’osclódh an Fhéile i mbliana bhí corrdhuine ag fiafraí an raibh aon Ghaeilge aige? Níor chall dóibh imní ar bith a bheith orthu: rinne sé a chuid cainte i nGaeilge go líofa, stuama, tuisceanach.

Rinne sé cur síos ar dtús ar an gcaoi ar thit seisean isteach leis an mborradh a tháinig faoin amhránaíocht thraidisiúnta i ndeireadh na seascaidí, an ‘folk revival’ mar a tugadh air. Ach bhí sé tamall maith gur thug sé amhránaíocht ar an sean-nós faoi deara.

Amhráin le Seán Chóilín Ó Conaire a tharraing a aird ar an stíl amhránaíochta sin i dtosach, a dúirt sé.

Mhínigh sé ansin go raibh sé i Nua-Eabhrac i dtús na seachtóidí. Bhí Éireannaigh ar buile ann ag an am faoin mbail a bhí á chur ar dhaoine i dTuaisceart Éireann.

Rinneadh agóidí ann. Ba chuimhin leis go raibh sé féin agus Dominic Behan, deartháir Bhreandáin, ar cheann acu. Thrácht sé ansin ar an oíche ar fhreastail sé ar cheolchoirm in Carnegie Hall le tacaíocht a thabhairt do mhuintir an Tuaiscirt.

Bhí cuid de na hamhránaithe ba mhó cáil i Meiriceá ag gabhail fhoinn an oíche sin, leithéidí Mary Travers, a bhíodh sa ngrúpa sin, Peter, Paul and Mary, agus Pete Seeger.

Ba é Malachy McCourt a bhí ina fhear an tí, deartháir Frank McCourt, a scríobh Angela’s Ashes.

“Ansin,” a dúirt Sean Tyrrell, “chuir Malachy an t-amhránaí as Carna, Conamara, i láthair.” Shiúil Joe go dtí an micreafón go mall, stáidiúil, maorga. Sular oscail sé a bhéal ar chor ar bith bhí an lucht éisteachta ar a thaobh. Dúirt sé amhrán Gaeilge. Bhí an lucht éisteachta faoi dhraíocht aige. Iarradh air a theacht ar ais agus amhrán eile a chasadh. Rinne sé sin. Amhrán Béarla a chas sé an babhta seo, amhrán a d’fheil go breá don ócáid, — ‘A Stór mo Chroí When You’re Far Away’.

B’fhacthas do Shean Tyrrell nach bhfaca sé riamh taispeántas ba chumasaí ná é. “Caithfidh mé é seo a rá i mBéarla,” a dúirt sé, “he stole the show an oíche sin.”

I ndiaidh na cainte a rinne Seán Tyrrell labhair Róisín Johnny Sheáin Jeaic faoi thraidisiún amhránaíochta na nAirdeanna agus go mór mór faoina huncail féin, Josie Sheáin Jeaic, agus faoina seanathair Seán Jeaic.

Bhí deoracha le cuid de na daoine a bhí i láthair nuair a dúirt sí gur ag Féile Joe Éinniú anuraidh a chas Josie an t-amhrán deireanach go poiblí.

Cainteoir cumasach í Róisín. Bíonn an taighde déanta aici agus cuireann sí an t-ábhar i láthair go snasta.

Ba mhaith mar a rinne sí cur síos ar na fonnadóirí móra a bhí i mbéal an dorais ag a chéile sna hAirdeanna, leithéidí mhuintir Sheáin Choilm, Seán ’ac Dhonncha, Beairtle Beag Ó Conghaile, muintir Mháire an Ghabha agus, ar ndóigh, muintir Éinniú.

Mhol sí an leas a rinne an Fhéile ó bunaíodh í dhá bhliain déag agus fiche ó shin.

Bhí slacht ar fhéile na bliana seo agus éagsúlacht sna himeachtaí mar a bhíonn i gcónaí.

Cuireadh spéis sna ceoltóirí as an tSairdín, stiúraigh Macdara Ó Loideáin turas eolais ar fud an cheantair, tugadh cuairt ar uaigh Joe Éinniú agus bhí seisiúin mhaithe cheoil agus amhránaíochta in Óstán Charna, Tigh Mhóráin agus Tigh Mheaic.

Seoladh Taispeántas Cartlainne faoi shaol agus faoi shaothar Joe Éinniú in Ionad Shorcha Ní Ghuairim agus bhí saothair nuadhéanta ealaíne, a bhí ag teacht le téama na Féile, ar crochadh san óstán.

Cuireadh comórtas amhránaíochta do ghasúir ar bun faoi cheannas Mhichíl Uí Chuaig.

Ar dhuine acu siúd a rinne freastal ar an bhféile bhí Uachtarán nuathofa Oireachtas na Gaeilge, Máirín Uí Chonghaile.

Bhí cuairteoirí as Seattle ann, áit eile ar chaith Joe Éinniú seal dá shaol.

Fág freagra ar 'Shiúil Joe Éinniú go dtí an micreafón go mall maorga – he stole the show an oíche sin…'