Sheedy fillte ar Thiobraid Árann, fuinneamh nua ag teastáil ó Ghaillimh agus go leor ábhar cainte eile…

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na ceisteanna móra roimh thús na sraithe iomána anocht

John Kiely, bainisteoir Luimnigh

An mbeidh an díograis chéanna le sonrú i sraith na bliana seo?

Rinne Ard-Chomhairle CLG cinneadh mí na Samhna seo caite struchtúr nua a thabhairt isteach do Roinn 1A agus 1B na sraithe iomána in 2020. Ón mbliain seo chugainn ar aghaidh, ní i Roinn 1A a bheidh na foirne is láidre ar fad, beidh na foirne uile scaipthe go cothrom idir an dá roinn.

Dá bharr sin ní bheidh ardú céime ná ísliú céime ar bith idir Roinn 1A agus Roinn 1B i mbliana, rud a fhágann go bhféadfadh nach mbeadh an dúrúch céanna ar na foirne agus a bhíonn go hiondúil, go háirithe i Roinn 1B. Ní gá ach súil a chaitheamh ar shraith na bliana seo caite chun léiriú a fháil ar a thábhachtaí agus a bhí taispeántais maithe sa tsraith.

Bhí bua ollmhór ag Luimneach ar Ghaillimh i Roinn 1B anuraidh. Agus iad ag iarraidh an phríomhroinn a bhaint amach den chéad uair le hocht mbliana, bhí foireann John Kiely ocht bpointe chun deiridh ag tráth amháin ach rinne siad teacht aniar iontach, bhuaigh siad an cluiche agus bhain áit amach i Roinn 1A.

Ar ndóigh, ba iad Luimneach a bhuaigh Craobh na hÉireann ina dhiaidh sin agus thagair na himreoirí go mion minic don taispeántas sin in aghaidh na Gaillimhe san earrach. 

 

Joe Canning

Fuinneamh úr ag teastáil ó Ghaillimh

Cé gur bhain iománaithe na Gaillimhe áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann le dhá bhliain anuas, údar imní do lucht tacaíochta an chontae a laige is atá an painéal. Taobh amuigh den bheirt nó triúr ionadaithe a úsáidtear i ngach cluiche, is beag roghanna eile atá ar fáil.

Anuraidh, bhí gortuithe ag cur as do roinnt imreoirí roimh an gcluiche ceannais in aghaidh Luimnigh ach ní raibh Micheál Donoghue sásta imreoirí nach raibh aon taithí acu a chur chun páirce. Thuigfeá sin, ach is faoi Donoghue atá sé anois imreoirí óga a thabhairt isteach agus an taithí sin a thabhairt dóibh. 

Agus Craobh Mhionúir na hÉireann buaite ag Gaillimh trí huaire le ceithre bliana anuas, tá neart imreoirí óga cumasacha sa gcontae, go háirithe i measc na n-imreoirí a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh in 2015 agus atá 21 nó 22 bliain d’aois anois. 

Is léir go dtuigeann Donoghue go bhfuil fadhb ann mar chuir sé Jack Grealish, Jack Fitzpatrick, Seán Linnane, Evan Niland agus Seán Loftus curtha chun páirce aige i gCorn an Bhreathnaigh 2019.

Ó tharla athrú a bheith ag teacht ar struchtúr na sraithe an bhliain seo chugainn, agus gan aon ardú céime ó Roinn 1B i gceist i mbliana, beidh deis níos fearr fós ag Donoghue taithí a thabhairt do na fir óga sin.

 

Liam Sheedy. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Muinín ag teastáil ó imreoirí Thiobraid Árann

Tá Liam Sheedy ar ais i gceannas ar iománaithe Thiobraid Árann agus an-dúshlán roimhe más faoi an contae a chur ar an mbóthar ceart arís tar éis cúpla drochbhliain. Nuair a d’fhág Sheedy an post céanna in 2010, ba iad Tiobraid Árann seaimpíní na hÉireann ach is mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí ó shin agus sans go dtógfaidh sé tamall air a lorg a fhágáil ar an bhfoireann seo.

Cé go ndearna Tiobraid Árann sách maith sa tsraith le cúpla bliain anuas, ach cé gur shroich siad an cluiche ceannais in 2017 agus 2018, chlis orthu sa bpéire acu. Chinn orthu teacht slán as Craobh na Mumhan anuraidh agus is cinnte gurb í an sprioc is mó a bheidh ag an mbainisteoir  ná muinín a chothú sna himreoirí arís. 

Caithfidh sé na fadhbanna cosanta a bhí ag Tiobraid Árann le cúpla bliain anuas a réiteach chomh maith. Tá scoth na dtosaithe ag Sheedy ach ghéill siad i bhfad an iomarca scóranna anuraidh.

Níorbh aon údar iontais é dá gcuirfeadh Tiobraid Árann tús iontach leis an tsraith ach déarfá go mbeadh Sheedy ag iarraidh dul chun cinn deas réidh a dhéanamh sula dtosóidh an chraobh. 

 

Bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Cabhair na n-imreoirí ag teastáil ó Fanning le socrú isteach

Tar éis dó cúig shéasúr a chaitheamh i gceannas ar fhoireann Phort Láirge, d’éirigh Derek McGrath as mar bhainisteoir anuraidh agus ceapadh Páraic Fanning ina áit. Ba é McGrath a thug isteach cuid mhaith de na himreoirí atá ar fhoireann na nDéiseach faoi láthair agus bhí ceangal ar leith aigesean leis an mbuíon seo.

Ní bheidh sé éasca ag Fanning an caidreamh céanna sin a chothú ach beidh sé ag súil le cabhair ó na himreoirí agus é ag iarraidh a chóras féin a thabhairt isteach.

Stíl thomhaiste imeartha a chleacht foireann Phort Láirge faoi cheannas McGrath agus cé nach bhfuil ach cúpla cluiche imeartha ag Port Láirge faoi cheannas Fanning, tá an chuma ar chúrsaí go dteastaíonn uaidh córas níos traidisiúnta a úsáid.

Ba cheart go mbeadh Port Láirge rómhaith don chuid is mó de na foirne i Roinn 1B ach má bhíonn siad faoi bhrú in aghaidh na Gaillimhe nó i gcoinne Átha Cliath, tá sé tábhachtach go gcloífeadh imreoirí Phort Láirge le treoracha Fanning, seachas titim siar ar an seanchóras a bhfuil taithí acu air.

Fág freagra ar 'Sheedy fillte ar Thiobraid Árann, fuinneamh nua ag teastáil ó Ghaillimh agus go leor ábhar cainte eile…'