Sháraigh obair lucht eagraithe chomóradh an ‘Mine’ Oireachtais agus Comórtais Peile

Chruthaigh pobal Chois Fharraige an deireadh seachtaine seo caite nach bhfuil sé cóir na rudaí brónacha a bhaineann linn a ligean i ndearmad

Sháraigh obair lucht eagraithe chomóradh an ‘Mine’ Oireachtais agus Comórtais Peile

Cé go raibh cosamar dhá scór bliain caite ón am ar phléasc an Mine ar an Trá Shalach ar an Lochán Beag a mharaigh naonúr ar an 15 Meitheamh 1917 agus an t-am a raibh mise ag éirí aníos sa mbaile ba ghaire dó, bhí tionchar agus toradh na tragóide i mo thimpeall i gcónaí chuile lá ar chuir mé cos i mbróg.

Ag seasamh dom ag doras an tí inar tógadh mé bhí dhá theach mhuintir Laoi amach os mo chomhair – trasna óna chéile ar bhóithrín na nAille. Ba astu siúd a thug Ned (15 bliain d’aois) agus a chol ceathar Pádraig (23) a n-aghaidh siar le cladach chuig láthair na tubaiste. Lena n-ais bhí an teach inar rugadh Joe Hughie, an t-aon duine a mhair tar éis an áir.

Ar dheis, bhí amharc agam ar Tigh Mhánus an Ghabha (21) a maraíodh é féin.

Ní féidir ach a léamh

Ach breathnú ar thaobh na ciotóige, bhí amharc agam ar an teach inar chónaigh Joe Shéamuis Ó Fátharta agus a bhean gheanúil Nan Pheaidí (an ‘dara máthair’ a bhí agam). Ba é a hathair siúd Edward Pheaidí Mac Diarmada (52) an duine ba shine a maraíodh. D’fhág sé naonúr clainne le tógáil ag a bhean Máire Tom – an duine ba shine 21 bliain d’aois, gan an té ab óige ach trí bliana.

Bhí na déaga de gharchlann Edward Pheaidí ag an scoil liom, cuid acu ar na cairde ab fhearr a bhí agam agus atá fós. I Scoil Sailearna freisin ag an am bhí sliocht agus gaolta na ndaoine eile a maraíodh san ár, Tadhg Mharcais Ó Céidigh (22), Cóilín Sheáin Uí Fhinneadha (19), Joe Mháire Choilm Ó Flaithearta (33), Taimín Tom Thaidhg Oibicín (38) agus an té ab óige ar fad, Peadar Chóilí Ó Cualáin nach raibh ach ceithre bliana déag agus ocht mí.

Bhí an-aithne agam ar Joe Hughie Ó Fátharta. Cé gur sa Lochán Beag a bhí sé ina chónaí faoin am sin, bhí talamh fós ar an mbaile s’againne aige agus ba mhinic mé isteach agus amach as a theach mar go raibh a mhac Frank agus mé féin thar a bheith mór lena chéile.

Chaith Joe cosamar bliana go leith isteach agus amach as an ospidéal tar éis na tubaiste agus nuair a bhásaigh sé i 1984 bhí píosa den mhine báite i gcónaí ina dhroim.

Caitlín Uí Fhinneadha agus Neasa Ní Choisdealbha

Cé go mbíodh muid seasta á cheistiú i dtaobh an scéil, ba bheag fonn a bhíodh ar Joe labhairt ar an méid a tharla agus ba amhlaidh cás creidim i gcás Phádraig Tom Ó Cualáin, a bhí sa gcurach le Edward Pheaidí nuair a tugadh an mine i dtír, ach a bhí imithe sular phléasc sé mar go raibh capall le tabhairt abhaile as garraí aige.

Ach ainneoin a dtosta, bhí comharthaí agus rian an uafáis le feiceáil agus le n-aireachtáil i chuile chúinne de bhailte an Locháin Bhig, an Tí Mhóir agus na nAille.

An deireadh seachtaine seo caite bhailigh muintir an cheantair sin le chéile go dtabharfadh siad ar tharla dá gcuid sinsear céad bliain ó shin chun cuimhne. Bhí Aifreann ag an leacht atá tógtha ar an Trá Shalach ó 1970, coirm cheoil; athléiriú ar an Trá Mhóir ar an gcaoi ar thit an tubaiste amach; nochtadh leachta eile i Reilig an Bhóthair Mhóir i nGaillimh, áit a bhfuil a mbunáite curtha mar aon le foilsiú leabhair ina bhfuil cuntas cuimsitheach ar an eachtra.

Le mo linnse i bParóiste an Chnoic, tógadh séipéil agus scoileanna nua, páirceanna peile agus súgartha, reáchtáladh Oireachtais agus Comórtas Peile na Gaeltachta ach sháraigh obair na seachtaine seo caite a bhfaca mé.

Tháinig deoir le mo shúil nuair a chonaic mé mar a léirigh glúin an lae inniu an t-ómós agus an gean a bhí acu ar a sinsir agus mar a sheasadar go humhal bródúil gualainn ar ghualainn go ndearna siad aithris ar an scéal tragóideach as a sníodh iad.

Ag chéadléamh an leabhair: ó chlé: Máirín Uí Choisdealbha, Donncha Ó hÉallaíthe, Pádraig Mac Diarmada, Nancy Neachtain agus Máire Ní Eidhin

Bhí chuile ócáid ag baint bairr dá chéile, ach ní thógfar orm é má thugaim tús áite don dráma PLÉASC a léiríodh ar thrá agus ar chladach na Trá Móire mar go mbeadh an Trá Shalach róchuibhrithe ó thaobh spáis agus bealach isteach.

Eoin Mac Diarmada, arbh é Edward Pheaidí a shin-seanathair, a scríobh an script agus bhí na céadta de mhuintir na háite ar an gcladach ag baint lán a súl as an léiriú a rinne Brendan Murray don chomhlacht Fíbín, léiriú inar cuireadh eachtraí na tragóide i láthair.

Ba de bhunadh na háite na haisteoirí, idir óg agus aosta, agus b’amhlaidh cás do Chór Chois Fharraige faoi stiúir Aisling Ní Neachtain, do na ceoltóirí Kevin agus Kelly Gannon, Luisne Ní Neachtain agus Pádraic Ó Dubhghaill, a chuir go mór leis an léiriú, mar a rinne craoladh an agallaimh a rinne Seán Ó Tuairisg le Joe Hughie do Raidió na Gaeltachta sular bhásaigh sé.

Ar an aoibhneas is minice a dhéantar ceiliúradh. Chruthaigh pobal Chois Fharraige an deireadh seachtaine seo caite nach bhfuil sé cóir na rudaí brónacha a bhaineann linn a ligean i ndearmad ach an oiread.

Nár laga Dia iad agus suaimhneas dóibh siúd ba bhun leis an scéal.

Fág freagra ar 'Sháraigh obair lucht eagraithe chomóradh an ‘Mine’ Oireachtais agus Comórtais Peile'