Sexton ina chaptaen nua ar Éirinn agus a chéad scuad ainmnithe ag Farrell

Tá 35 imreoir ainmnithe ag príomhchóitseálaí nua na hÉireann agus cúigear nár imir d’Éirinn riamh roimhe seo ina measc.

Sexton ina chaptaen nua ar Éirinn agus a chéad scuad ainmnithe ag Farrell

Andy Farrell agus Johnny Sexton. INPHO/Dan Sheridan

Is é Johnny Sexton atá ainmnithe ina chaptaen nua ar fhoireann rugbaí na hÉireann agus an scuad do Chraobh an Sé Náisiún ainmnithe ag Andy Farrell tráthnóna. Tiocfaidh Sexton i gcomharbacht ar Rory Best, a d’éirigh as an imirt i ndiaidh Chorn an Domhain 2019.

Tá 35 imreoir ainmnithe sa scuad ag príomhchóitseálaí nua na hÉireann agus cúigear nár imir d’Éirinn riamh roimhe seo ina measc.

Triúr imreoirí ó Chúige Laighean, Max Deegan, Caelan Doris agus Ronan Kelleher, agus beirt ó Chúige Uladh, Billy Burns agus Tom O’Toole, na himreoirí nua atá tugtha isteach ag Farrell.

Tá roinnt imreoirí nár bhain áit amach sa scuad do Chorn an Domhain sa tSeapáin tagtha isteach arís, Devin Toner agus Jack McGrath ina measc.

Tá áit bainte amach ag John Cooney, Jack O’Donoghue agus Ultan Dillane sa scuad ach údar iontais nach bhfuil áit ag Rhys Ruddock, imreoir as Cúige Laighean, cé go raibh sé ag imirt thar barr don chúige an séasúr seo. Níor roghnaíodh húcálaí Chúige Mumhan Niall Scannell ach an oiread.

Imreoidh foireann na hÉireann a céad chluiche i gCraobh na Sé Náisiún 2020 i gcoinne na hAlban Dé Sathairn, an 1 Feabhra, i mBaile Átha Cliath.

Beidh cluiche eile acu sa mbaile i gcoinne na Breataine Bige an deireadh seachtaine dár gcionn sula dtabharfaidh siad a n-aghaidh ar Twickenham agus cluiche i gcoinne Shasana ar an 23 Feabhra.

Beidh Éire ar ais i mBaile Átha Cliath ar an 7 Márta chun imirt i gcoinne na hIodáile agus beidh an cluiche deireanach acu i bPáras in aghaidh na Fraince ar an 14 Márta.


Scuad na hÉireann do Chraobh na Sé Náisiún

Tosaithe (19):

Max Deegan (Cúige Laighean)
Caelan Doris (Cúige Laighean)
Ultan Dillane (Cúige Chonnacht)
Tadhg Furlong (Cúige Laighean)
Cian Healy (Cúige Laighean)
Dave Heffernan (Cúige Chonnacht)
Iain Henderson (Cúige Uladh)
Rob Herring (Cúige Uladh)
Ronan Kelleher (Cúige Laighean)
Dave Kilcoyne (Cúige Mumhan)
Jack McGrath (Cúige Uladh)
Jack O’Donoghue (Cúige Mumhan)
Peter O’Mahony (Cúige Mumhan)
Tom O’Toole (Cúige Uladh)
Andrew Porter (Cúige Laighean)
James Ryan (Cúige Laighean)
CJ Stander (Cúige Mumhan)
Devin Toner (Cúige Laighean)
Josh van der Flier (Cúige Laighean)

Cúlaithe (16):

Will Addison (Cúige Uladh)
Bundee Aki (Cúige Chonnacht)
Billy Burns (Cúige Uladh)
Ross Byrne (Cúige Laighean)
Andrew Conway (Cúige Mumhan)
John Cooney (Cúige Uladh)
Keith Earls (Cúige Mumhan)
Chris Farrell (Cúige Mumhan)
Robbie Henshaw (Cúige Laighean)
Dave Kearney (Cúige Laighean)
Jordan Larmour (Cúige Laighean)
Luke McGrath (Cúige Laighean)
Conor Murray (Cúige Mumhan)
Garry Ringrose (Cúige Laighean)
Jonathan Sexton (Cúige Laighean)
Jacob Stockdale (Cúige Uladh)

Fág freagra ar 'Sexton ina chaptaen nua ar Éirinn agus a chéad scuad ainmnithe ag Farrell'