Setanta Chonamara, comóradh ar Chick, paisean don teanga

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Setanta Chonamara, comóradh ar Chick, paisean don teanga

Comóradh déanta ag Gaillimh ar Chick

Sheol Galway United geansaí nua an tseachtain seo agus déanann an dearadh nua comóradh ar Eamonn ‘Chick’ Deacy, laoch mór an chumainn agus fear a bhfuil an pháirc a n-imríonn Galway United uirthi ainmnithe ina ómós.

Breis is 200 cluiche a d’imir Deacy do Ghaillimh agus é aitheanta mar an t-imreoir sacair ab fhearr riamh a tháinig ón gcathair. Bhain sé cáil amach le hAston Villa ag tús na n-ochtóidí mar chuid d’fhoireann órga an chumainn sin a bhuaigh an tsraith agus Corn na hEorpa.

Déantar ceiliúradh ar ghaisce Deacy ar gheansaí nua Galway United agus ‘AV81’ scríofa ar a chúl mar cheiliúradh ar an tsraith sin a bhuaigh Villa i 1981, ach gné bheag eile den dearadh a chuirfidh cuid de lucht sacair na cathrach ag gáire.

Faoi bhun phictiúr beag de Deacy, agus meangadh mór air, tá 1958-2012 scríofa. Anois, níl aon cheist ann ach gur i Feabhra na bliana 2012 a sciobadh uainn Deacy, ach ní fhéadfaí a bheith chomh cinnte céanna faoi bhliain a bhreithe.

An scéal atá ann ná gur scríobh Deacy suas le dosaen litir chuig Aston Villa ag lorg deis ar thriail leo agus gur bhain sé bliain nó dhó – nó sé cinn fiú de réir leagain áirithe – dá aois chun é a dhéanamh níos mealltaí don chumann Sasanach.

Pé aois a bhí aige, ghlac Villa leis agus d’éirigh thar barr le Deacy thall. Cúig bliana a chaith sé le Villa sular fhill sé ar Ghaillimh, áit a chaith sé seal ag obair i siopa glasraí a dhearthár, Ernie, siopa atá go fóill ar Bhóthar na Mara in iarthar na cathrach. Bhí sé sách óg fós chun a bheith lárnach i bpéire de na laethanta ba mhó riamh i stair Galway United agus é mar chuid de na foirne a bhuaigh Corn na Sraithe i 1986 agus a thug leo Corn an FAI i 1991.

Ag foghlaim na hiománaíochta (agus na Gaeilge)

Bhí plé suimiúil ar phodchraoladh The 42 le déanaí faoi na cosúlachtaí idir an iománaíocht agus an Ghaeilge, mionspórt atá ina spórt náisiúnta agus mionteanga atá ina teanga náisiúnta.

Ciarán Murphy, údar Old Parish: Notes on Hurling, a bhí mar aoi agus é ag cur síos ar a leabhar breá faoin tréimhse a chaith sé sa Seanphobal i nGaeltacht na nDéise ag iarraidh ceird na gcamán a fhoghlaim agus an daichead bliain sáraithe aige.

Bhí an blaiseadh a fuair sé den teanga ina chuid lárnach dá aistear agus chrom sé ar chomhrá a dhéanamh le Sinéad O’Carroll faoi fhoghlaim na Gaeilge agus na slite éagsúla gur féidir an teanga a shealbhú. Luaigh Ciarán cur chuige foghlama amháin nár chuala an colún trácht riamh cheana air.

Dúirt sé go bhfuair a dheartháir John, eagarthóir scannáin, a chuid Gaeilge ó eagarthóireacht a dhéanamh “ar timpeall dhá chéad eagrán” de Paisean Faisean, an tsraith geandála a bhíodh ar TG4 tráth, sraith ina roghnaíodh mná compánach fir bunaithe ar na héadaí a phiocfaí di.

Anois, sin agat aistear teanga ar leith.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

‘Setanta Chonamara is gaiscíoch an Trá Bháin’

Dá gcuirfí ceist ort cad iad na dánta atá againn sa Ghaeilge faoinár laochra spóirt, chuimhneofá b’fhéidir ar dhán cáiliúil Sheáin Uí Thuama faoi Christy Ring agus saothar leithéidí Chiaráin Uí Fhátharta, ach ní mór na samplaí eile a rithfeadh láithreach leat. Is deas mar sin an cúpla duan molta do ghaiscígh spóirt Chonamara atá sa bhailiúchán nua d’fhilíocht Mháire Uí Ráinne, Cumraíocht (Cló Iar-Chonnacht).

Na hiománaithe cáiliúla as Gaillimh atá i gceist in ‘Amhrán na gConnollys’:

‘Is mo ghrá thú, a John Connolly, is nár laga Dia do láimh/Is tú Setanta Chonamara is gaiscíoch an Trá Bháin…’

Tá dánta ann chomh maith faoin laoch liathróid láimhe as Leitir Mór, Peait na Máistreas’, faoi Pháirc an Mháimín agus imreoirí Naomh Anna agus faoi Sheán Ó Mainnín, an dornálaí iomráiteach as Ros Muc a throid do chraobh an domhain in aghaidh Mike McCallum oíche an 19 Deireadh Fómhair 1984 in Madison Square Garden:

‘Trasna Bóchna tá sliocht Chríoch Fódla

Anocht faoi mhórtas is ní gan fáth

Is tá Clann Chlonmhaicne uilig faoi ghradam

Ag Seán Ó Mainnín as Inse Fáil.’

Leabhar do liosta na Nollag.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Cic mór Ghaeilgeoir an NFL

Fuair Charlie Smyth, iar-chúl báire agus múinteoir Gaeilge ó Dhroichead Mhaigh Eo i gcontae an Dúin, a chéad deis imirt do na New Orleans Saints san NFL nuair a d’imir siad in éadan na Miami Dolphins an Domhnach seo a chuaigh thart.

Deis mhór a bhí ann don fhear óg 24 bliain d’aois agus rinne sé cinnte í a thapú, nuair a d’éirigh leis cúl ón imirt 56 slat a aimsiú sa cheathrú deireanach den chluiche.

Cé gur chaill siad an cluiche in éadan na Dolphins, 21- 17, dúirt príomhchóitseálaí na Saints gur chic ‘sármhaith’ a bhí ann ó Smyth agus dúradh gur bhain sé ceann de na ciceanna ‘onside’ is cruinne amach i séasúr NFL na bliana seo.

Shínigh Smyth conradh 3 bliana leis na Saints i Márta 2024, an chéad imreoir CLG a rinne a leithéid riamh.

Darren Ó Dubhgáin

Fág freagra ar 'Setanta Chonamara, comóradh ar Chick, paisean don teanga'