Seo linn go dtí tír na mBrunchannaí! Nó, b’fhéidir tír an Chornetto…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní lia duine ná tuairim nuair is uachtar reoite a bhíonn i gceist…

Seo linn go dtí tír na mBrunchannaí! Nó, b’fhéidir tír an Chornetto…

 

“Céard atá tú a ghabháil a’ brionglóidí faoi anocht, Mamaí?” a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom an oíche cheana agus í ag dul a chodladh. “Níl a fhios agam,” a dúirt mé.

Phreab an Cailín Mór Beag aníos agus shuigh suas chomh díreach le slis sa leaba thall. Bhí an codladh beagnach tite uirthi nó gur chuala sí an t-ábhar cainte iontach seo á tharraingt anuas.

“Tá mise a’ gabháil a’ brionglóidí faoi uachtar reoite Brunch, ar aon chaoi,” a dúirt sí. “An raibh a fhios agat gurb é an t-ice-cream is deise sa domhan uilig é, Mamaí?” a d’fhiafraigh sí díom ansin, go lándáiríre. “Ní raibh a fhios,” a dúirt mé.

“Bhuel, is ea,” a dúirt sí, “tá sé an-neaimí!”

A hóráid tugtha, luigh sí siar arís ar an leaba, chas isteach le balla, tharraing an chuilt isteach faoina smig is thug aghaidh ar thír na mBrunchannaí. 

“Ní hé Brunch an t-uachtar reoite is fearr!” a bhéic Beainín na Naíonáin Bheaga amach agus í ar tí pléascadh le teann oilc ag an mbolscaireacht bhréagach, mhioscaiseach a bhí cloiste aici. Bhí sé in am ag duine éicint seasamh a thógáil agus ba ise an bhean lena dhéanamh.

“Cén sórt Brunch atá ort?” a dúirt sí agus ceist á hardú aici maidir le compos mentis an chomhluadair. Bhí a fhios agam gurb éard a bhí i gceist aici dáiríre ná: bíodh ciall agaibh, a phaca amadán.

“Nár chuimhnigh sibh ar Chornetto?” a d’fhiafraigh sí ansin agus iontas ina glór. Thosaigh sí ar dhán in ómós don Chornetto. Ná measctar é seo suas leis an gcóiriú a rinne HB ar O Sole Mio siar sna hochtóidí

“Tá trí chineál ann; mint, sú talún, agus banilla,” a dúirt sí agus na buanna dosháraithe á n-áireamh aici. “Tá cnónna ar a bharr AGUS tógann sé píosa fada ort é a ithe,” a dúirt sí, ag meabhrú dúinn nach hé amháin gur rogha bhlasta atá ann ach go bhfaigheann tú luach do chuid airgid póca as freisin.

Bhí sí mar a bheadh abhcóide sa gcúirt agus cás á shuimiú aige. I rest my case, your Honour. 

Níor dhúirt mé tada. Bhí a fhios agam go raibh dul amú mór orthu beirt. Nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine gur uachtar reoite seacláide an ceann is  fearr sa domhan uilig?

Fág freagra ar 'Seo linn go dtí tír na mBrunchannaí! Nó, b’fhéidir tír an Chornetto…'