Seo chugainn tús na sraithe agus na Cait ag triall ar Pháirc Uí Chaoimh

Agus an córas nua á thabhairt isteach, tá bliain thar a bheith cinniúnach agus suimiúil romhainn amach

Seo chugainn tús na sraithe agus na Cait ag triall ar Pháirc Uí Chaoimh

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le sraith iomána Allianz agus seachtain i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig a imreofar an cluiche ceannais. Idir an dá linn, beidh na comórtais chraoibhe tríú leibhéal againn agus na cluichí deireanacha i gcomórtais na gclubanna. Ciallaíonn sé sin go mbeidh dhá chluiche beagnach gach seachtain ag cuid maith imreoirí. Cruthaíonn sé deacrachtaí mór go leor do bhainisteoir Luimnigh John Kiely mar nach bhfuil trian de phainéal Luimnigh ar fáil don fheachtas sraithe. Tá deichniúr d’imreoirí na bPiarsach ar phainéal an chontae agus gach seans go mbeidh an club ag imirt sa cheanncheathrú i gcraobh na gclubanna ar Lá Fhéile Pádraig. Is iad rogha na ngeallghlacadóirí agus bhíodar an-mhaith i bhfeachtas na Mumhan.

Pé rud é, caithfear isteach an sliotar sa tsraith anocht i bPáirc Uí Chaoimh agus Cait Chill Chainnigh ar cuairt ar Chorcaigh. Níor chuir Corcaigh an fhoireann is láidre acu amach in aon cheann dá gcluichí réamhshraithe agus is deacair aon léamh a dhéanamh orthu dá bharr. É sin ráite, an rud is annamh is iontach, bhuaigh iománaithe Chiarraí orthu coicís ó shin. Tá sé luath sa séasúr ach beidh a lucht leanúna ag súil le comhartha éigin go bhfuil John Meyler agus a fhoireann bainistíochta chun cur leis an dul chun cinn a dhein an contae anuraidh faoi stiúir Kieran Kingston. Dar ndóigh, mar atá ráite agam go mion minic, ar deireadh thiar thall is iad na himreoirí féin a shocróidh cé acu an bua nó teip atá i ndán dóibh. Feicfimid conas mar a bheidh acu anocht sa chéad chluiche iománaíochta sraithe sa staid nua-oscailte.

Maidir le Cill Chainnigh, bhuel, léirigh a mbainisteoir Brian Cody i gcraobh an Bhreathnaigh Dé Sathairn seo caite go bhfuil sé chomh tugtha don spórt agus don bhua is a bhí riamh. Díbríodh go dtí an seastán é sa dara leath de bharr eachtra theasaí ar an taobhlíne. Is dócha mar sin go mbeidh tine ar chraiceann na gCat cois Laoi anocht agus go mbeidh cluiche againn a bheidh lán de dhíograis agus de spiorad.  

Cuirfear mórán suime anocht freisin sa chéad chluiche i Roinn 1B i bPáirc an Chrócaigh, áit a gcuirfidh bainisteoir nua na foirne baile, Pat Gilroy, foireann sraithe iománaíochta chun páirce den chéad uair agus Uíbh Fhailí mar fhreasúra. Tá idir shean agus óg, fánaithe agus deoraithe agus neart imreoirí eile nach iad ar ais le Baile Átha Cliath. Ba cheart go mbuafaidís an cluiche seo. 

Dé Domhnaigh beidh curaidh chomórtas Chorn an Bhreathnaigh Loch Garman ag taisteal trasna na teorann go dtí Port Láirge. Ní fhacamar fir na nDéise fós i mbliana ach caithfidh go mbeidh fhoireann láidir ag tosú acu. Tá cúpla cluiche imeartha ag Loch Garman agus iad lán le muinín i ndiaidh dóibh an bua a fháil i gcoinne Chill Chainnigh seachtain ó shin. B’in an tríú cluiche i ndiaidh a chéile a bhuaigh na Carmannaigh in aghaidh na gCat. An bhfuil an seanchóras ag athrú? 

Sa chluiche eile sa phríomhroinn, beidh Tiobraid Árann ag taisteal go Páirc Uí Chíosóig in Inis. Níor imir na Tiobraid Árannaigh sa chomórtas réamhshraithe, mar sin níl aon‘form’acu. Tá chuid maith déanta ag an gClár mar go rabhadar ag imirt sna Super 11’s i mBostún roimh Nollaig agus d’imríodar i sraith na Mumhan le déanaí. Bheinn ag ceapadh go mbeadh an lámh in uachtar ag an bhfoireann baile.

Agus an córas nua á thabhairt isteach, tá bliain thar a bheith cinniúnach agus suimiúil romhainn amach. Tabharfaimid seans don chóras agus feicfimid conas mar a bheidh againn ag deireadh na bliana. Caithfear na sliotair isteach anocht i bpáirceanna maorga galánta Pháirc an Chrócaigh agus Pháirc Uí Chaoimh ach bí cinnte de go mbeidh cuid maith de chluichí  an deireadh seachtaine ar siúl ar pháirceanna boga fliucha agus go mbeidh imreoirí tuirseach agus iad ag imirt (tá comórtas Mhic Ghiobúin ar siúl faoi láthair) sa láib ag deireadh mhí Eanáir. N’fheadar in aon chor.   

Fág freagra ar 'Seo chugainn tús na sraithe agus na Cait ag triall ar Pháirc Uí Chaoimh'