Rondine Citadella della Pace – baile ina bhfuil cónaí ar ‘naimhde’ i dteannta a chéile.
Eagraíocht atá sa Rondine Citadella della Pace arb aidhm di domhan a chruthú nach mbeidh caismirtí airm ann trí dhaoine a ullmhú le haighnis a réiteach go síochánta.
I 1988, chuir grúpa Iodálach óg litir chuig bean Phríomh-Aire na Rúise, agus súil acu fáilte a chuir roimh dhaoine óga a bhí taobh thiar den ‘Chuirtín Iarainn’. Níor cheap siad go dtiocfaidh tada ar ais, ach d’fhreagair Raisa Gorbachev iad agus tugadh cuireadh dóibh go Moscó.
Chuir sé sin tús le caidreamh a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann agus a chuireann an tsíocháin agus an cairdeas chun cinn ina measc siúd atá ag fulaingt. I 1993, tugadh cuireadh don Rúiseach Dmitrij Sergeevic Lichacev a theacht chomh fada le mainistir i La Verna, áit ar fhógair sé go ndéanfadh muintir na cruinne síocháin le chéile ar an mbaile sin.
I 1998, ag deireadh an chéad chogaidh tSeisniaigh, chuir uachtarán Ollscoil Groznyj glaoch ar bhunaitheoir an Rondine, Franco Vaccari, agus d’iarr sé air lóistín a thabhairt do bheirt scoláirí as an tSeisnia chun go mbeidís in ann a gcuid staidéir, a cuireadh ar athló de bharr an chogaidh, a chríochnú. Ghlac Vaccari leo, ar choinníoll amháin – go dtiocfadh scoláirí as an Rúis freisin agus go mbeidís sásta cónaí lena chéile.
I mbaile beag atá i bhfolach sna cnoic faoin tuath san Iodáil, ceadaítear do scoláirí a thagann as tíortha ina bhfuil coimhlint fhoréigneach ar bun faoi láthair, nó ina raibh le gairid, a theacht chuig an Rondine chomh fada agus go mbíonn siad sásta cónaí i measc an dream ba chúis leo a dtír féin a fhágáil sa gcéad áit – caitheann siad dhá bhliain ina gcónaí le chéile agus staidéar á dhéanamh acu ar chéim mháistreachta.
Chaith mise an tseachtain seo caite sa Rondine mar chuid de thuras EUSTORY. Tugadh cuireadh dom freastal ar an áit de bharr aiste staire a rinne mé agus mé san Ardteist. Níor thuig mé i ndáiríre céard a bhí i gceist sula ndeachaigh mé anonn, ní raibh a fhios agam ach go mbeinn ag dul ar saoire chun na hIodáile saor in aisce.
Anois agus mé tar éis seachtain a chaitheamh ann, is deacair agam a chreidiúint nár chuala mé faoi cheana. Is baile atá ann a tógadh sna meánaoiseanna, ach a rinneadh suas le linn an chéid seo caite. Tá an baile beag thart ar leathuair as Arezzo, agus bheadh sé beagnach dodhéanta é a aimsiú mura mbeadh a fhios agat cá raibh tú ag dul.
Cuireadh in aithne cuid de na scoláirí dúinn, agus roinn siad a gcuid scéalta linn. Ba léir go raibh chuile dhuine acu chomh buíoch as na deiseanna a bhí curtha ar fáil ag an Rondine dóibh. 28 bliain a bhí an duine is sine, agus 23 a bhí an duine ab óige.
Labhair bean óg amháin as Mailí na hAfraice linn faoin mbealach ar chuir sí an cara is fearr a bhí aici i bhfolach agus gan an cara ach trí bliana déag d’aois. Bhí a sí geallta le fear a bhí i bhfad níos sine, ní raibh sí sásta é a phósadh agus ní raibh aon rogha eile aici ach an baile a fhágáil. Chabhraigh an bhean a labhair linne léi éalú. Ní raibh sí sásta labhairt le na póilíní fiú nuair a cuireadh brú ollmhór uirthi, agus níor sceith sí ar a cara go dtí gur chuala sí scéala uaithi go mbeadh sí sábháilte.
Labhair sí linn faoin sclábhaíocht atá fós forleathan san Afraic, agus an bealach a nglactar leis mar nach ‘coilíneachas’ atá ann níos mó. Mhínigh sí go bhfuil treibheanna ar leith a mbreathnaítear orthu mar sclábhaithe. Deir sí go bhfuil go leor den tír nach dtuigeann chomh dona is atá an fhadhb. Dúirt sí, “labhair le haon duine i Mailí faoin bhFrainc agus cáinfidh siad í, déarfar o ndearna sna Francaigh sclábhaithe dínn, ach ní thuigeann siad go bhfuil siad ag déanamh an rud ceannann céanna lena muintir féin sa lá atá inniu ann.”
Bhain sí céim dlí amach mbaile sular tháinig sí chun na hIodáile le freastal ar an Rondine.
Labhair bean as an Asarbaiseáin linn faoin mbealach go raibh uirthi féin agus cúigear eile ina teaghlach dul i bhfolach in aon seomra amháin nuair a cuireadh faoi ndear dóibh éalú as an tír. Labhair fear as an Chosaiv linn faoin lá ar bhain a thír amach saoirse – agus an t-iontas a bhí air nuair a chonaic sé a athair féin ar dhuine de na fir a bhí sa bparlaimint, ar an teilifís.
Labhair bean óg as an tSeirbia faoi na hagóidí atá ag tarlú sa bpríomhchathair faoi láthair agus an drochbhail atá curtha ag an rialtas ar a tír, áit a mbíonn teannas sna cathracha móra i gcónaí. Mhínigh sí gur rugadh a hathair sa Chosaiv agus go gcuireann a rialtas brú uirthi breathnú ar an tír sin agus a pobal mar naimhde, cé gur inti a rugadh a hathair.
Úsáidtear na brait mar chomhartha ar chultúr agus ar na pobail as a dtagann daoine – cuirtear go leor béime ar an bpointe nach tacaíocht pholaitiúil atá sna brait ach tacaíocht do na daoine as na tíortha sin.
Níl sé ceadaithe aon phictiúr a thógáil de na brait sin, ach chonaic mé na cinn seo: An Iodáil, na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Eorpach, an Oiséit Theas, an Úcráin, an Liobáin, an Airméin, an Rúis, an tSlóivéin, an Cholóim, an Phalaistín, an Chosaiv, an Asarbaiseáin, Mailí, Iosrael agus an tSeisnia. Labhair cailín amháin as an Úcráin faoin drochbhail a chuir sé uirthi nuair a cuireadh faoi ndear di a brat a chrochadh in aice le brat na Rúise nuair a tháinig sí chomh fada leis an Rondine in 2022. M
hínigh sí chomh deacair a bhí sé labhairt leis an Rúiseach a chónaigh léi, go háirithe nuair nár labhair an Rúiseach ach Rúisis, rud a d’fhág go raibh uirthi féin géilleadh agus gan a teanga féin a úsáid. Labhair bean as an Rúis faoin náire, an brón, agus faoin olc a bhí uirthi nuair a tháinig sí chuig an Rondine. Dúirt sí go raibh cairdeas iontach aici leis na hÚcránaigh anois, ach go raibh sé thar a bheith deacair ag an tús.
Mhínigh bean as an Airméin an tionchar a bhí ag an gcogadh ina tír uirthi. Dúirt sí go n-athraíonn cogadh daoine, go ngoideann sé áthas agus dathanna as an saol. D’fhág sí an Airméin ar an 19 Meán Fómhar 2023 le teacht chuig an Rondine.
Labhair sí faoin bhfaitíos a bhí uirthi nuair a chonaic sí brat na hAsarbaiseáine agus nuair a thuig sí nach mbeadh aon teorainn eatarthu níos mó. Dúirt sí go raibh sé thar a bheith deacair an chéad lá sin nuair a d’fhiafraigh na scoláirí as an Asarbaiseáin di cén chaoi a raibh ag éirí lena muintir. An rud is mó a bhí le rá aici, áfach, ná go mbeadh a cuid cuimhní ar a baile féin níos láidre i gcónaí ná mar a bheadh a cuid cuimhní den chogadh.
Fiú mé féin, léirigh an Rondine dom nach bhfuil aon tír ag ‘iarraidh’ a bheith páirteach i gcogadh. Roinn mé seomra le cailíní as Iosrael, an Laitvia, agus an Eastóin. Roinn déagóirí Baltacha a gcuid béilí le déagóirí as an Rúis, labhair Úcránaigh agus Rúisigh le chéile mar chairde, mhínigh na Iosraelaigh dúinn go bhfuil déistin orthu féin de bharr gníomhartha a rialtais.
Tháinig an grúpa le chéile mar ghrúpa déagóirí seachas mar ghrúpa ionadaithe dá dtíortha. An oíche dheireanach, bhí spraoi agus damhsa ag chuile chultúr – dreas damhsa thar a bheith galánta ag muintir na Seicia, neart scréachaíola ag muintir na mBalcán, agus beagán den ‘Dreoilín’ ag cailíní na hÉireann.
Léiríonn an Rondine Cittadella della Pace an tsuim atá ag an gcine daonna deireadh a chur leis an gcogaíocht agus an foréigean atá á gcéasadh. Léiríonn sé go bhfuil síocháin indéanta – ach go gcaithfear oibriú ar a son agus bóthar fada a shiúl a mbíonn neart castaí ann.
Fág freagra ar 'Seo a d’fhoghlaim mé i mbaile beag tuaithe san Iodáil ina mbíonn ‘naimhde’ óga ina gcónaí le chéile '