Seisear Teachtaí Dála Gaeltachta ag iarraidh a suíocháin Dála a choinneáil

Ní bheidh ceathrar de 28 Gaeilgeoir an 32ú Dáil ag seasamh in olltoghchán 2020

Seisear Teachtaí Dála Gaeltachta ag iarraidh a suíocháin Dála a choinneáil

Beidh seisear ón nGaeltacht ag súil lena suíocháin i dTeach Laighean a choinneáil san olltoghchán atá fógartha don mhí seo chugainn.

Toghadh seisear as ceantair Ghaeltachta san olltoghchán deireanach in 2016 agus tá sé i gceist acu uile seasamh sa chéad toghchán eile.

Bhí triúr Teachtaí Dála as Gaeltacht Dhún na nGall sa 32ú Dáil. Tá Pearse Doherty, a bhfuil cónaí air i nGaoth Dobhair, ina Theachta Dála ag Sinn Féin ó 2010. Is as Carraig Airt don Aire Oideachais agus iarAire na Gaeltachta Joe McHugh (Fine Gael) agus beidh Pat The Cope’ Ó Gallchóir (Fianna Fáil), as na Rosa, ag iarraidh a shuíochán a choinneáil chomh maith.

Toghadh beirt as Gaeltacht Chonamara in 2016. Tá cónaí ar Theachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív i gCorr na Móna le breis agus dhá scór bliain agus tógadh Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne (FG), i Maigh Cuilinn.

Toghadh Aindrias Ó Muineacháin (FF) as Múscraí go dtí an Dáil den chéad uair i dtoghchán 2016 agus beidh súil aige a shuíochán sa dáilcheantar Corcaigh Thiar-Thuaidh a choinneáil.

Bhí an seisear thuas i measc an 28 Teachta Dála a bhí líofa sa Ghaeilge a toghadh i dtoghchán 2016. Tá sé fógartha ag ceathrar eile a bhí ar an liosta sin nach mbeidh siad ag seasamh san olltoghchán.

Tá sé tugtha le fios ag an iarThaoiseach Enda Kenny, iarcheannaire Fhine Gael Michael Noonan agus an Teachta Dála Jim Daly, triúr den naonúr Gaeilgeoirí a bhí ag Fine Gael sa 32ú Dáil, nach mbeidh siad mar iarrthóirí i dtoghchán na míosa seo chugainn.

Is é iarcheannaire Shinn Féin, Gerry Adams, an Gaeilgeoir eile nach mbeidh ag seasamh san olltoghchán.

Idir an dá linn, tá roinnt geallúintí faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht tugtha cheana féin ag na páirtithe is mó. Deir Fianna Fáil go dtabharfaidh siad ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta, go dtabharfaidh siad bille teanga “níos láidre” isteach agus go gcuirfidís an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm “go hiomlán”. Ag labhairt dó ar an gclár Tús Áite inné, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go dtabharfadh a pháirtí ar ais chomh maith na scéimeanna feabhsúcháin Gaeltachta ar cuireadh deireadh leo le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Dúirt Piaras Ó Dochartaigh, stiúrthóir toghcháin Shinn Féin, go n-aithneodh a pháirtí “an ghéarchéim mhillteanach” atá sa Ghaeltacht agus go dtabharfaí faoina leigheas trí sheirbhísí a chur ar fáil do theaghlaigh na Gaeltachta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur ardaigh a pháirtí féin, Fine Gael, an infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht agus go gcuirfidís tuilleadh deiseanna fostaíochta ar fáil do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu.

Fág freagra ar 'Seisear Teachtaí Dála Gaeltachta ag iarraidh a suíocháin Dála a choinneáil'

  • Pól Ó Braoin

    Cé a chuirfeas bealadh faoi na gealltanais chéanna agus muid gan TD sinsearach sa Dáil?

  • Pól Ó Collata

    Is dócha gur sáinmhiniú an-leathan do Ghaeilgeoir atá i gceist má comhlíonann Gerry Adams na coinnióllacha!

  • An fhírinne

    Cé hé féin, an “Piaras Ó Dochartaigh” seo? Ní fhaca mé an t-ainm ar chárta vótála roimhe.