Seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 23 cás nua den ghalar deimhnithe

2,283 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,734 duine ó dheas den teorainn agus 549 ó thuaidh di

Seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 23 cás nua den ghalar deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go bhfuil 23 cás nua den ghalar deimhnithe.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh duine amháin eile a raibh an aicíd air básaithe agus go raibh dhá chás nua deimhnithe.

2,283 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,734 duine ó dheas den teorainn agus 549 ó thuaidh di.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

30,318 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,437 cás ó dheas den teorainn agus 4,881 cás ó thuaidh di.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go raibh na srianta dianghlasála á scaoileadh a bhuíochas do mhuintir na hÉireann, ach dúirt gur “údar mór imní” líon na ndaoine óga a bhfuil an galar á tholgadh acu le tamall.

Den 23 cás nua a fógraíodh inniu, bhain 10 gcinn acu (43%) le daoine faoi bhun 35 bliain d’aois agus bhain 8 gcás (35%) le daoine idir 35-54.

Fág freagra ar 'Seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, 23 cás nua den ghalar deimhnithe'