Seirbhís ateangaireachta ar fáil i seomra na Dála do chruinnithe Choiste na Gaeilge

Tá leithscéal gafa ag Teachta Dála as a thabhairt le fios sa Dáil inné nach raibh seirbhís ateangaireachta ar fáil ann

Seirbhís ateangaireachta ar fáil i seomra na Dála do chruinnithe Choiste na Gaeilge

Deir Tithe an Oireachtais go bhfuil seirbhís ateangaireachta ar fáil i seomra na Dála do chruinnithe Choiste Oireachtais na Gaeilge faoin mBille Teanga.

Dúradh ag cruinniú a bhí ag an gCoiste Gaeilge sa Dáil inné nach raibh an tseirbhís ar fáil do Theachtaí Dála mar a tuairiscíodh anseo.

Níl an tseirbhís ateangaireachta ar fáil do choistí an Oireachtais ó thosach na paindéime, ach deir Tithe an Oireachtais go bhfuil an tseirbhís ar fáil sa Dáil mar a bhfuil Céim an Choiste den Bhille Teanga ar siúl le beagnach coicís.

De bharr na srianta paindéime, lorg Cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, cead na leasuithe atá molta ar an mbille teanga a phlé sa Dáil féin seachas i seomraí na gcoistí. 

Tá leithscéal gafa ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív as a thabhairt le fios sa Dáil inné nach raibh seirbhís ateangaireachta ar fáil, ach deir sé gur chóir go mbeadh an tseirbhís ar fáil do choistí an Oireachtais is cuma cá mbíonn a gcruinnithe acu.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil le fios go raibh “brón” air má thug sé “aon eolas míchruinn” le linn an chruinnithe sa Dáil inné.

“Glacaim leis go bhfuil ateangaireacht ar fáil fad is a bhaineann sé leis an Dáil, ach, ar ndóigh is eisceacht é go bhfuil cruinnithe an choiste ar siúl sa Dáil agus fágadh muid gan aon tseirbhís ateangaireachta ó athbhunaíodh Coiste na Gaeilge agus na Gaeltachta an fómhar seo caite.  Níl sé sin sásúil ar chor ar bith,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Reáchtáladh an ceathrú seisiún de Chéim an Choiste den bhille teanga i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné ach níor éirigh le Roghchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta aon leasú a aontú le hAire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go fóill.

Pléadh 57 den 308 leasú a bhí molta ar an mbille go dtí seo ach idir na cinn a bhí dícheadaithe roimh ré ag Oifig na mBillí agus cinn eile a tarraingíodh siar, níor glacadh le ceann ar bith acu.

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfillfidh sé lena mholtaí féin faoi chuid de na leasuithe ag an gcéad chéim eile d’aistear an bhille trí Tithe an Oireachtais, Céim na Tuarascála.

Stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais féin ba mhó a pléadh ag cruinniú an lae inné.

Fág freagra ar 'Seirbhís ateangaireachta ar fáil i seomra na Dála do chruinnithe Choiste na Gaeilge'

  • Mánus

    Seeanscéal agus meirg air. An bhfuil aon duine eile ag titim in chodladh?

    Tá daoine ag caint in áiteanna éagsúla anois faoi comharchumainn tithíochta chun pobail Ghaelacha a bhunú timpeall na tíre. Tá sé in am rud dearfach a dhéanamh dúinn fhéín agus droim láimhe don Stát.