‘Níl na cearta céanna agamsa agus atá ag Béarlóirí sa Teach seo’ – plé sa Dáil faoi stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

Dúradh sa Dáil inniu nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag Teachtaí Dála a bhíonn ag iarraidh a ngnó a dhéanamh i nGaeilge

‘Níl na cearta céanna agamsa agus atá ag Béarlóirí sa Teach seo’ – plé sa Dáil faoi stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

Tá beagnach trí scór den bhreis is 300 leasú atá molta ar an mBille Teanga pléite ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ach oiread is ceann amháin níor ghlac Aire Stáit na Gaeltachta leis go fóill.

Reáchtáladh an ceathrú seisiún de Chéim an Choiste den bhille i dTithe an Oireachtais tráthnóna ach níor éirigh le Roghchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta aon leasú a aontú leis an Aire Stáit go fóill.

Pléadh 57 den 308 leasú a bhí molta ar an mbille go dtí seo ach idir na cinn a bhí dícheadaithe roimh ré ag Oifig na mBillí agus cinn eile a tarraingíodh siar, níor glacadh le ceann ar bith acu.

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfillfidh sé lena mholtaí féin faoi chuid de na leasuithe ag an gcéad chéim eile d’aistear an bhille trí Tithe an Oireachtais, Céim na Tuarascála.

De réir ceann de na leasuithe a pléadh inniu, chuirfí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla gach seirbhís tacaíochta a chuireann Tithe an Oireachtais ar fáil.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach an Choiste agus duine de na Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin a mhol an leasú, nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag Teachtaí Dála a bhí ag iarraidh a ngnó a dhéanamh i nGaeilge i gcomparáid leo siúd a dhéanann a ngnó go léir i mBéarla.

“Níl na cearta céanna agamsa agus atá ag Béarlóirí sa Teach seo,” a dúirt Ó Snodaigh. “Ní féidir liom an leibhéal seirbhíse céanna a fháil i dTithe an Oireachtais agus is féidir liom a fháil i mBéarla.”

Dúirt Ó Snodaigh nach raibh an deis aige riamh, san 18 bliain a bhí caite aige ina Theachta Dála, a chuid oibre uile i dTithe an Oireachtais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

“Ní raibh mé fiú in ann an obair maidir leis an mBille seo a dhéanamh go huile agus go hiomlán i nGaeilge,” a dúirt sé.

“Tá mé tinn tuirseach ag fanacht ar an gcóras teacht suas liomsa nó le haon duine eile. Ó toghadh mé, tá muid ag cloisteáil go mbeidh an reachtaíocht ar fad aistrithe agus ar fáil dúinn. Agus muidne ag cur leasuithe isteach ar an mbille seo, ní raibh muid in ann ceann amháin acu, ar a laghad, a chur isteach i nGaeilge toisc nach raibh an reachtaíocht ar fáil i nGaeilge – sin ceann a bhaineann leis an nGarda Síochána.”

Éamon Ó Cuív

Cé gur mheas an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh na leasuithe a bhí molta ag Ó Snodaigh clúdaithe cheana féin in Acht na dTeangacha Oifigiúla, dúirt sé gur “sárú dlí iomlán” é nach ndéantar achtanna a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Sa chás sin, d’fhéadfaí cás dlí a thabhairt i gcoinne Thithe an Oireachtais as a dteip Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm, a dúirt Ó Cuív.

“Tá achtanna á bhfoilsiú i mBéarla i bhfad roimh a fhoilsítear i nGaeilge iad. Dar liomsa, is sárú dlí iomlán é sin. Cé chomh soiléir a chaithfidh rud a bheith scríofa? “Go comhuaineach” [mar atá san Acht]. Ciallaíonn sé sin ag an am céanna.

“Níl na hachtanna á bhfoilsiú ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla. Nach bhfuil sé sin soiléir? Tá dualgas le déanamh, níl sé á dhéanamh agus tá teipthe ar an teach seo aon rud a dhéanamh faoi.

“Tá sé thar am acu dul agus é a dhéanamh agus gan níos mó a bheith faoi nó beidh orainn uile, ní teacht isteach san Oireachtas ag athrú reachtaíochta ach beidh orainn ar fad dul go dtí na Ceithre Cúirteanna agus cás a thógáil in aghaidh Thithe an Oireachtais go bhfuil teipthe glan orthu an t-alt simplí sin a chur i bhfeidhm.”

Leasaíodh an tAcht Teanga in 2011 chun go mbeadh cead aon Acht den Oireachtas a fhoilsiú  i mBéarla nó i nGaeilge amháin ar an idirlíon sula ndéanfaí é a chló agus a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúil.

Bhí an Teachta Ó Snodaigh ag moladh go gcuirfí isteach san Acht gurb iad “an Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla Thithe an Oireachtais” ach ní raibh an tAire Stáit Chambers sásta glacadh leis an moladh.

Dúirt an tAire Stáit agus Éamon Ó Cuív go raibh sé leagtha amach sa Bhunreacht gurb í an Ghaeilge príomhtheanga náisiúnta na tíre agus go bhféadfadh go mbeadh laghdú ar stádas don Ghaeilge i gceist dá nglacfaí le leasú Uí Shnodaigh.

Níor aontaigh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly le tuairim an Aire agus dúirt go raibh deis ag an Rialtas cur le stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais.

“Tá sé beagnach dodhéanta Gaeilge a úsáid go nádúrtha sa Teach seo,” a dúirt sí. “Ní ligeann an córas duit é a dhéanamh.”

Mheas an Teachta Connolly nach raibh an leasú ag laghdú stádas bunreachtúil na Gaeilge ach ag cur leis.

“Is féidir libhse mar Rialtas líne a chur isteach [san Acht] ag tabhairt aitheantais don méid atá ráite sa Bhunreacht gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga mar tá sé deacair é sin a chreidiúint nuair a shiúlann tú timpeall na háite seo agus nuair a théann tú timpeall na tíre.”

Beidh an chéad chruinniú eile de chuid an choiste ann Dé Máirt seo chugainn, an 9 Feabhra.

Fág freagra ar '‘Níl na cearta céanna agamsa agus atá ag Béarlóirí sa Teach seo’ – plé sa Dáil faoi stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais'

  • Antóin

    “A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla” atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

    Dá bhféadfaí “cás dlí a thabhairt i gcoinne Thithe an Oireachtais as a dteip Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm” mar a deir an Teachta, ansin ba cheart cás dlí a thabhairt. I gcás na hEorpa bíonn leagan Gaeilge den dlí ar fáil ag an am céanna is a thagann an dlí Eorpach i bhfeidhm.

    Is é bunrúta an scéil sa tir seo nach gcreideann formhór na bpolaiteoirí ina gcroí gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus gurb í an phríomhtheanga oifigiúil í .

  • Pól Ó Braoin

    Bhí an Teachta Ó Snodaigh ag moladh go gcuirfí isteach san Acht gurb iad “an Ghaeilge agus an Béarla teangacha oifigiúla Thithe an Oireachtais” ach ní raibh an tAire Stáit Chambers sásta glacadh leis an moladh…
    Cén t-iontas mór é sin agus an
    t-aire stáit é féin gan Gaeilge aige?

  • Sibéal

    https://www.sinnfein.ie
    https://www.sinnfein.ie/ga/
    “Den chuid is mó is aistirú ó Bhéarla go Gaeilge atá ag teastáil uainn,” arsa urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.
    Dochreidte!
    Sin atá ó Ghaeilgeoirí a úsáideann suíomh idirlin aonteangach Bhéarla Shinn Féin freisin. Níl Aengus Ó Snoadaigh de réir a bhriathair.Cén fáth go gceadaíonn sé masla do Gaeilgeoirí a leis an suíomh idirlin aonteangach Bhéarla atá ag a pháirtí?
    Cur i gcéill ar fad an ráiteas Dála sin ó “urlabhraí Gaeilge”, mar dhea ,Shinn Féin.

  • Sibéal

    https://www.sinnfein.ie/ga/
    ‘‘Níl na cearta céanna agamsa agus atá ag Béarlóirí ” a bhíonn ag úsáid suímh idirlín aonteangach Shinn Féín.