Córas ateangaireachta ar bith sa Dáil do phlé faoi stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

Níl aon seirbhís ateangaireachta ar fáil do chruinnithe coiste i dTithe an Oireachtais ón bhfómhar seo caite de bharr srianta Covid-19

Córas ateangaireachta ar bith sa Dáil do phlé faoi stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais

Ní raibh aon chóras ateangaireachta ar fáil sa Dáil inné do dhíospóireacht faoi chóras ateangaireachta na Dála.

Covid-19 an míniú oifigiúil ar an scéal íorónach sin, ach ba bheag glacadh a bhí ag Teachtaí Dála áirithe leis an míniú céanna.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh sé “ag dul ó mheabhair” air a thuiscint cén fáth nach raibh seirbhísí áirithe ar fáil.

“Ba bhreá liom dul anonn go dtí an Eoraip, chuig na cruinnithe aireachtaí atá ann i láthair na huaire, le fáil amach an mbíonn ar na haistritheoirí bheith i láthair leis an aistriú a dhéanamh.  Nó, leis na pictiúir agus leis an bhfuaim, nach bhféafaidís é a dhéanamh in áit ar bith? Nach bhféadfaidís é a dhéanamh ón Mol Thuaidh agus a bheith ar saoire in éineacht le Santaí?

“Creidim nach bhfuil sé féaráilte, agus go mórmhór dóibh siúd nach bhfuil aon Ghaeilge acu, nach bhfuil an coiste seo á aistriú go Béarla. Téann sé ó mheabhair orm nach rabhthas in ann é sin a shocrú. Dá mbeadh príomhghraithí an Tí seo á ndéanamh i nGaeilge ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile, bí dearfá cinnte go bhfaighfí bealach chun é a aistriú.

“Tá go leor le déanamh sa teach seo. Rudaí praicticiúla, ciallmhara, stuama.”

Níl aon seirbhís ateangaireachta ar fáil do choistí Thithe an Oireachtais ón bhfómhar seo caite mar go ndeirtear go bhfuil an spás a bhí ar fáil d’ateangairí i seomraí na gcoistí róbheag le cloí le srianta an Covid-19. Dúradh go mbeifí ag obair i rith na Nollag chun an fhadhb sin a leigheas agus go mbeadh an tseirbhís ar fáil nuair a d’fhillfí ar sheomraí na gcoistí. 

Bíonn an tseirbhís ar fáil d’imeachtaí na Dála san Ionad Náisiúnta Comhdhála agus nuair atá an Dáil ina suí i dTeach Laighean, ach ní bíonn an tseirbhís ateangaireachta ar fáil, do pholaiteoirí ná do na meáin, do chruinnithe na gCoistí Oireachtais. 

Ar cheann de na coistí atá d’uireasa na seirbhíse ateangaireachta, tá Coiste na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhíonn ag plé an Bhille Teanga nua sa Dáil gach seachtain le tamall anuas.

Bhí a gceathrú seisiún dhá uair an chloig le deich lá ag an gCoiste Gaeilge sa Dáil inné chun an reachtaíocht teanga a phlé.

Stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais féin ba mhó a pléadh inné, seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin san áireamh.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, nach raibh ar chumas ball amháin den choiste, an Teachta Dála neamhspleách, Danny Healy Rae, a chuid a rá faoin mBille Teanga toisc nach raibh an tseirbhís ateangaireachta ar fáil.

 “Bhí comhalta amháin den choiste seo nach raibh in ann páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo i gceart toisc nach raibh an córas aistriúcháin ar fáil dó le tamall.

“Tuigeann muid ar fad, agus thuig seisean, nach raibh an córas aistriúcháin ar fáil don choiste ó bunaíodh é toisc Covid agus na srianta atá ann ach dá mbeadh sé, nó aon duine eile ag iarraidh, d’fhéadfadh siad dul go dtí an chúirt agus a bheith ag caitheamh anuas orainn ansin nó poiblíocht a lorg toisc nach raibh aistriúchán ar fáil dó i mBéarla.

“Ní mar gheall air sin atá muid á lorg. Den chuid is mó is aistirú ó Bhéarla go Gaeilge atá ag teastáil uainn,” arsa urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly le linn na díospóireachta inné go raibh sé “beagnach dodhéanta Gaeilge a labhairt go nádúrtha sa Teach seo [an Dáil]”.

De réir ceann de na leasuithe ar an reachtaíocht ar dhiúltaigh Aire Stáit na Gaeltachta dó inné, chuirfí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla gach seirbhís tacaíochta a chuireann Tithe an Oireachtais ar fáil. De réir leasuithe eile ar diúltaíodh dó dhéanfaí gach bille, acht agus ionstaim reachtúil de chuid an Oireachtais a aistriú agus a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna.

Moladh i leasuithe eile go ndéanfaí ateangaireacht chomhuaineach ó Bhéarla go Gaeilge ar gach díospóireacht i dTithe an Oireachtais, sa bhreis ar an tseirbhís Gaeilge-Béarla a bhíonn ar fáil de ghnáth.

Moladh chomh maith go mbeadh seirbhís ateangaireachta Béarla-Gaeilge ar fáil d’aon imeachtaí oifigiúla nó ráitis ó bhéal de chuid an Rialtais.

Diúltaíodh do na leasuithe sin go léir ar an mbonn go raibh siad dícheadaithe ag Oifig na mBillí. 

An costas breise a bhainfeadh lena gcur i bhfeidhm an chúis a tugadh lena ndícheadú.

Tá litir scríofa ag Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, chuig an gCeann Comhairle ag iarraidh air imscrúdú a dhéanamh ar na leasuithe a dícheadaíodh.

Deir baill an Choiste go bhfuil gá le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcóras faoina ndícheadaítear leasuithe.

Tá imní ar bhaill an Choiste go bhfuil an córas mar atá ag cur isteach ar an bpróiseas daonlathach agus ar dhualgas na mball féin gach leasú a phlé leis an Aire.

Rialaigh Oifig na mBillí go raibh breis is 90 den 300 leasú a moladh as ord toisc go mbeadh costas breise ar an státchiste dá nglacfaí leo nó toisc nár bhain siad le forálacha an bhille.

Fág freagra ar 'Córas ateangaireachta ar bith sa Dáil do phlé faoi stádas na Gaeilge i dTithe an Oireachtais'

  • Mairéad

    Tá daoine curth ina dtost ag Sinn Féin ar an idirlín!