Seift eile tarraingthe as mála May don lá a raibh an Breatimeacht le tarlú

Ní chuirfear faoi bhráid pharlaimint Westminster amárach ach an comhaontú aistarraingthe agus ní bheidh aon vóta ann faoin dearbhú polaitiúil a ghabhann leis

Seift eile tarraingthe as mála May don lá a raibh an Breatimeacht le tarlú

Beidh vóta eile faoin margadh Breatimeachta i bParlaimint Westminster amárach, an lá céanna a raibh an Bhreatain in ainm is an tAE a fhágáil.

Is cosúil gur ‘is fearr leath builín ná a bheith gan arán’ an réiteach is déanaí atá tarraingthe as a mála ag Theresa May agus vóta beartaithe ar chuid amháin dá margadh imeachta.

Ní chuirfear faoi bhráid na parlaiminte amárach ach an comhaontú aistarraingthe agus ní bheidh aon vóta ann faoin dearbhú polaitiúil a ghabhann leis, cáipéis ina leagtar amach sonraí faoin gcaidreamh a bheidh idir an Bhreatain agus an AE i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Go bunúsach, in áit a bheith ag fágáil an Aontais is amhlaidh gur ag vótáil a bheidh feisirí ar rún chun a chinntiú go mbeidh síneadh ama go dtí an 22 Bealtaine ar fáil.

Ní hionann vóta an lae amárach agus an tríú vóta bríoch (meaningful vote) faoin margadh imeachta a d’aontaigh Rialtas na Breataine leis an AE.

Dá nglacfaí leis an gcomhaontú aistarraingthe ba leor sin chun an Breatimeacht a chur siar go dtí an 22 Bealtaine, mar a aontaíodh leis an AE, ach níor leor é chun beannacht na parlaiminte a thabhairt don mhargadh imeachta, a bhfuil diúltaithe dó ag feisirí faoi dhó cheana.

Is cosúil má ghlactar leis an gcomhaontú amárach gurb í an tseift is déanaí ag Theresa May ná leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht Breatimeachta le fáil réidh leis an riachtanas vóta bríoch eile a rith faoin gcomhaontú aistarraingthe agus an dearbhú polaitiúil ag an am céanna.

Bhí amhras in Westminster tráthnóna faoi bhailíocht an chur chuige sin ó thaobh dlí, ach dúirt an tArd-Aighne Geoffrey Cox gurb amhlaidh nach raibh fadhb dlí ann.

Bhí amhras ann chomh maith faoi na himpleachtaí a bheadh ann do shíneadh ama níos faide ná an 22 Bealtaine a fháil dá nglacfaí le rún an lae amárach.

Dúirt an Spéicéir John Bercow nach faoi féin a bhí sé réiteach na ceiste sin a chur ar fáil ach dúirt an tArd-Aighne go dtabharfadh sé féin aghaidh ar an gceist amárach.

Socraíodh leis an AE cheana mura nglacfaí le margadh May roimh an lá amárach go gcuirfí an Breatimeacht siar go dtí an 12 Aibreán, ach dá nglacfaí leis go mbeadh síneadh ama go dtí an  22 Bealtaine ar fáil.

Mura nglacfaí leis an margadh socraíodh go mbeadh ar an Ríocht Aontaithe plean eile a chur faoi bhráid an AE roimh an lá sin agus cinneadh a dhéanamh faoi pháirt a ghlacadh sna toghcháin Eorpacha.

Níl aon bharántas ná baol air ag Príomh-Aire na Breataine go n-éireoidh léi amárach ach oiread, in ainneoin a fógra imeachta féin a bheith déanta aici ar mhaithe le tacaíocht a mhealladh.

D’fhógair an DUP aréir nach mbeidís ag tacú leis an tríú hiarracht ag Theresa May an margadh Breatimeachta a aontaíodh leis an AE a chur tríd an bparlaimint in Westminster agus is amhlaidh go bhfuil cos i bhfeac fós ag go leor de na Breatimeachtóirí is tréine ina páirtí féin.

Is é an dóchas atá anois ag May ná go n-athróidh feisirí as páirtithe eile a bport ó tharla nach mbeidh siad ag vótáil ar an dearbhú polaitiúil.

Is é is bun leis an dóchas sin ná go bhfuil diúltaithe ag Páirtí an Lucht Oibre cheana don dearbhú sin mar nach bhfuil aon gheallúint ann go bhfanfadh an Bhreatain in aontas custam, cloch choirnéil pholasaí Breatimeachta an pháirtí sin.

Dúirt an DUP nach dtacóidís leis an margadh toisc gan aon athrú a bheith déanta ar an gcúlstop, an polasaí árachais a cuireadh sa mhargadh ar mhaithe le teorainn chrua in Éirinn a sheachaint sa chás nach bhféadfaí teacht ar chomhaontú i dtaobh cúrsaí trádála sna cainteanna iarBhreatimeachta.

Ní ar leas shláine na Ríochta Aontaithe a bheadh an margadh dá bharr, dar leis an DUP.

Dhiúltaigh feisirí parlaiminte in Westminster aréir do gach ceann de hocht gcinn de mholtaí faoi shocruithe eile mar mhalairt ar mhargadh imeachta Theresa May.

Vótaí táscacha a bhí i vótaí na hoíche aréir, is é sin vótaí a raibh sé i gceist go dtabharfaidís tásc nó tuairisc ar mhianta na bhfeisirí i dtaobh an Bhreatimeachta.

Is amhlaidh, áfach, gur chuir na vótaí leis an éiginnteacht faoi mhianta lucht Westminster.

Tá Theresa May i gcónaí ar a plean Breatimeachta féin a chur tríd an bparlaimint sara n-éireoidh sí as.

320 vóta a theastódh ó Theresa May in Westminster chun go nglacfaí leis an margadh agus meastar go bhfuil sí gann 50 vóta nó mar sin go fóill. Cé go bhfuil sé i gceist anois ag cuid de na Breatimeachtóirí is diongbháilte ina páirtí féin, ina measc Boris Johnson agus Iain Duncan Smith, tacú léi, tá an chuma ar an scéal gur ag snámh in aghaidh easa atá May i gcónaí.

Tuairiscítear nár éirigh léi ach timpeall 20 duine ar fad ina páirtí féin a mhealladh ó champa na mBreatimeachtóirí is diongbháilte agus go bhfuil i gceist ag thart ar 30 duine eile acu vótáil ina coinne arís.

Fágann sin agus diúltú an DUP go mbeadh gá fós aici le cuid mhaith vótaí a mhealladh ó fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre. Maidir le feisirí an Lucht Oibre agus feisirí neamhspleácha níor éirigh léi ach seachtar acu a mhealladh cheana cé go bhfuil sí ag súil go meallfaidh sí tuilleadh ó tharla nach mbeidh an dearbhú polaitiúil sa mheá amárach.

Anuas air sin, tá roinnt feisirí, seisear nó seachtar, ina páirtí féin a bhfuil an dara reifreann uathu agus nach mbeidh sásta vótáil do mhargadh ar bith dá réir. Tá thart ar dhosaen feisirí eile i bpáirtí May a bhfuil ráite go láidir acu nach bhfuil aon athrú intinne i ndán dóibh.

Fág freagra ar 'Seift eile tarraingthe as mála May don lá a raibh an Breatimeacht le tarlú'