Seasfaidh taithí agus neart na gCat leo

Ní bheidh mórán eatarthu ach ráineodh go mbeidh Cill Chainnigh róláidir d’imreoirí óga Phort Láirge i gcluiche leathcheannais na hÉireann

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá cuma na maitheasa ar na Déisigh arís, rud ba léir óna dtaispeántas sa dara leath sa chluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath. Tá deis imeartha tugtha acu do níos mó ná fiche imreoir go dtí seo sa chraobhchomórtas agus ní fhéadfá a rá nach raibh aon duine díobh sin ullamh ná maith go leor don leibhéal idirchontae.

Is mór an chabhair é sin d’aon fhoireann bhainistíochta mar tá neart agus doimhneacht an phainéil thar a bheith tábhachtach. Tá tuairim ann gur ceart an cúigear déag is fearr a bheith ar an bpáirc ag deireadh an chluiche agus is cinnte go bhfuil cuid mhaith cluichí buaite ag Port Láirge i mbliana sa ceathrú dheireanach.

Pé rud faoi sin, amárach a gheobhaimid amach cá seasann foireann nua seo Phort Láirge. Gan amhras, is i gcomparáid le Cill Chainnigh a chaithfear iad a mheas. Ó 2006 tá a ré órga faoi lán tseoil agus iad mar rogha na ngeallghlacadóirí gach aon bhliain.

Go dtí seo i mbliana, tá a dhá chluiche craoibhe buaite go slachtmhar acu, agus cé gur chríochnaigh leathdhosaen de réalta móra na foirne ag deireadh 2014, ní fhéadfá a rá gur chuir sé isteach ar an bhfoireann in aon chor. Tá meascán deas san fhoireann acu. Agus dar ndóigh, déanann Brian Cody cúpla athrú gan choinne i gcónaí.

Tá cuma an-láidir arís ar na Cait. Tá áit Joey Holden daingnithe go maith ag uimhir a trí in ionaid an laoich JJ Delaney. Tá TJ Reid ar bharr an liosta d’imreoir na bliana ag an tráth seo agus a chomrádaí Richie Hogan sa dara háit. Ach tá fhios againn go léir gur cluiche foirne é seo agus tá fhios againn an meas atá ag Brian Cody ar an “bhfoireann”. Labhrann sé i gcónaí faoin bhfoireann agus an tábhacht a bhaineann le gach imreoir a bheith ag obair don fhoireann. 

Ach d’fhéadfá an rud céanna a rá faoi fhoireann óg nua seo Phort Láirge. Tá an chuma ar a gcuidsean imeartha go bhfuil rath orthu go dtí seo i mbliana de bharr na hoibre a dhéanann gach duine ar an bhfoireann. Cé is moite den chúpla poc a chuireann Austin Gleeson amú i ngach cluiche, is féidir a rá go bhfuil éacht déanta ag Derek McGrath chun eitic láidir oibre a chothú agus a fhorbairt.

Dhá bhliain ó shin, bhuaigh Port Láirge craobh na hÉireann sna mionúir den chéad uair ó 1948. Amárach, glacfaidh seisear d’fhoireann sin na bliana 2013 páirt éigin i gcluiche na sinsear. Is mór an méid é seisear, go háirithe i gcoinne neart agus láidreacht na gCat.

Ar a shon sin, bheadh sé thar a bheith deacair locht a fháil ar aon duine den seisear céanna.

Amárach, is dócha, caithfidh siad cloí leis an gcóras cosantach a bhíonn in úsáid acu go rialta. Ní féidir spás a thabhairt do Reid, Hogan ná Fennelly ná, go deimhin, an fear nua, Ger Awylard. 

Beidh Cill Chainnigh níos laige muna dtosnóidh Michael Fennelly. Is cailliúint mhór iad Richie Power agus Jackie Tyrell ach fós rachaidh foireann láidir lán de thaithí chun páirce.

B’fhéidir nach mbeidh mórán eatarthu i ndeireadh báire ach beidh ionadh orm muna mbeidh an bua ag Cill Chainnigh. 

Fág freagra ar 'Seasfaidh taithí agus neart na gCat leo'