Seantaithí ag daoine a d’fhulaing mí-úsáid ar neamhaird na n-údarás

Is bocht an airí ar shochaí ‘shibhialta’ í an tsiléig agus an fhaillí i dtaca leis na saoránaigh is leochailí i measc an phobail

Seantaithí ag daoine a d’fhulaing mí-úsáid ar neamhaird na n-údarás

Claire McKeegan dlíodóir SAVIA

Daoine ag saothrú an bháis, a thuilleadh marbh ach cúiteamh as mí-úsáid ar an méar fhada.

Tá an t-eiteachas as éadan tugtha ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Karen Bradley, d’éilimh go mbunódh sí scéim cúitimh do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid in institiúidí sa chéad seo caite.

Gnó don Fheidhmeannas in Stormont a bheadh ann an cúiteamh agus cúram a sholáthar ach thit Stormont taca an ama ar ordaigh an Breitheamh Hart a leithéid dhá bhliain agus ráithe ó shin.

Rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste an tseachtain seo caite nach raibh diúltú nó easpa gnímh an Státrúnaí neamhdhleathach. Thug an Breitheamh Bernard McCloskey an t-eiteachas d’athbhreithniú breithiúnach a d’iarr go gcuirfí iachall ar an Státrúnaí Bradley an scéim cúitimh a bhunú agus toghchán Tionóil a ghairm chun a dhul i ngleic leis an tsáinn in Stormont.

Marthanóir sna seachtóidí nár ainmníodh ab ea an t-iarrthóir, JR80 duine den ghrúpa SAVIA (survivors and victims of institutional abuse). Bhí an-díomá ar an ngrúpa faoi chinneadh an bhreithimh go raibh an folús polaitiúil míshásúil ach nach raibh sé míbhunreachtúil. Léirigh an drochbhail atá ar na daoine a d’fhulaing mí-úsáid in institiúidí stáit agus eaglasta an damáiste atá á dhéanamh ag an tsáinn i Stormont, a dúirt sé.

Mar fhianaise ar an damáiste sin chualathas sa chúirt le linn an athbhreithnithe go bhfuair suas le scór go leith de na híobartaigh bás ó tháinig deireadh leis an bhfiosrú poiblí, faoi cheannas an Bhreithimh Sir Anthony Hart in 2017. Ina theannta sin tá a thuilleadh ag saothrú an bháis nó breoiteacht choirp agus intinne ag dul dóibh. Insíodh scéal faoi bhean a bhfuil néaltrú uirthi agus a cheapann uaireanta go bhfuil sí ar ais i ndílleachtlann agus go bhfuil sí ar tí léasadh a fháil.

D’ordaigh an Breitheamh Hart cúiteamh idir £7,500 agus £100,000, maille le seirbhísí comhairleacha agus cóir leighis dóibh a mhaolódh cuid den chruatan atá á fhulaingt ag go leor acu.

Ní raibh rialú na hArd-Chúirte an tseachtain seo caite diúltach ar gach bealach, áfach. Thagair an Breitheamh McCloskey don chomhairliúchán poiblí a tháinig chun críche le gairid. Tá dréachtreachtaíocht bunaithe ar sin á hullmhú ag David Sterling ceannaire na státseirbhíse a chuirfidh faoi bhráid Karen Bradley í lena cur ar bhonn reachtúil in Westminster. Thug an Breitheamh McCloskey le fios nach raibh ordú oifigiúil á dhéanamh aige san athbhreithniú breithiúnach agus go bhféadfaí an cás a thabhairt ar ais chuige dá dteipfeadh ar an Státrúnaí Bradley an scéim a chur i gcrích.

Léas dóchais é sin agus d’fháiltigh na dlíodóirí roimhe.

Dúirt Claire McKeegan dlíodóir SAVIA gur chéim as an gcoitiantacht ar fad ab ea cinneadh an bhreithimh feidhmiú mar a bheadh feitheoir ar obair Karen Bradley. Beart dearfach ar son na n-íobartach ab ea é sin, dar léi.

Bhí súil ag na marthanóirí ar ndóigh go bhfaighidís faoiseamh go luath agus go mbeadh an Ard-Chúirt mar thaca acu mura bhfaigheadh, agus ba bhuille eile dóibh é nár éirigh lena n-iarratas.

Tá seantaithí acu ar an díomá agus an diúltú seachas an dóchas agus ba léir nach raibh talamh slán á dhéanamh acu de go ngníomhódh an Státrúnaí ná na polaiteoirí áitiúla. Dúirt go leor go raibh an mhoilleadóireacht mímhorálta. D’éiligh cúpla duine ar pholaiteoirí an tuaiscirt filleadh ar Stormont – fiú ar feadh lae amháin – chun an gnó seo a dhéanamh. Beag seans.

Éagóir agus scannal is ea é go raibh orthu fanacht an fhad seo i ndiaidh an Bhinse Fiosraithe gan cúram gan cúnamh. D’fhéadfadh rialtas na Breataine an scéim cúitimh a bhunú in am ar bith le dhá bhliain.

Ní bheadh conspóid ar bith ag baint leis, agus bhí gach páirtí ina fhabhar. Ní léir céard ba chúis le tarraingt na gcos. Níor ghá a bheith soiniciúil lena chreidiúint nár theastaigh ó na Tóraithe gníomhú faoin ábhar seo mar go mbeadh brú orthu ansin chun an rud céanna a dhéanamh ar mhaithe le híobartaigh na dTrioblóidí, freagracht atá seachanta acu amhail is gur nimh í.

Is bocht an airí ar shochaí ‘shibhialta’ í an tsiléig seo agus an fhaillí atá á déanamh sna saoránaigh is leochailí i measc an phobail.

Fág freagra ar 'Seantaithí ag daoine a d’fhulaing mí-úsáid ar neamhaird na n-údarás'