Ceatharlach – Cill Chainnigh
Líon na suíochán: 5
Bhí dóthain daonra sa dá chontae le dhá dháilcheantar trí shuíochán a chruthú, ceann do chaon chontae. Ina áit sin aistríodh sciar d’iarthuaisceart Chill Chainnigh isteach i dTuaisceart Thiobraid Árann, dáilcheantar nua trí shuíochán. Tá cúig shuíochán le líonadh agus tá 17 iarrthóir ag tabhairt le fios go mbeidh siad san iomaíocht. Tá triúr den cúigear a toghadh cúig bliana ó shin ag seasamh aríst: John McGuinness (FF) agus Jennifer Murnane O’ Connor (FF) ó Fhianna Fáil agus Malcolm Noonan (CG) ón gComhaontas Glas.
Is Feisire Eorpach anois í Kathleen Funchion (SF), an Teachta Dála do Shinn Féin a toghadh in 2020. Shocraigh Teachta Dála Fhine Gael, a toghadh cúig bhliain ó shin, John Paul Phelan (FG) éirí as.
Tá seans maith ag Fianna Fáil an dá shuíochán atá acu a choinneáil: John McGuinness (FF) i gCill Chainnigh agus Jennifer Murnane O’Connor i gCeatharlach. Tá Fianna Fáil níos láidre i gCill Chainnigh ná Fine Gael: beagnach 40% ag iarrthóirí Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla i gcomparáid le 30% d’iarrthóirí Fhine Gael. I gcathair Chill Chainnigh is mó atá tacaíocht ag John McGuinness (FF). Is faoin tuath i ndeisceart Chill Chainnigh atá na vótaí le fáil ag Peter Cleere (FF), iarbhainisteoir ar fhoireann camógaíochta an chontae. Bhí Peter Cleere (FF) ar bharr an chomhairimh sna toghcháin áitiúla an Meitheamh seo caite i gceantar Challainn-Baile Mhic Andáin le 2,057 vóta. D’fhéadfadh sé a bheith san iomaíocht don chúigiú suíochán.
Ag cur san áireamh an t-ardú ar thacaíocht Fhine Gael ón olltoghchán deireanach, ba cheart go mbeadh Fine Gael in ann dhá shuíochán as cúig cinn a thógáil.
Tá beirt chomhairleoirí ó chontae Chill Chainnigh ag seasamh do pháirtí Simon Harris (FG): an Comhairleoir Michael Doyle (FG) a fuair 1,342 vóta i gceantar Challainn-Baile Mhic Andáin agus an Comhairleoir David Fitzgearald (FG) a fuair 1,231 vóta i gcathair Chill Chainnigh. I gCeatharlach tá Catherine Callaghan (FG) ag seasamh d’Fhine Gael: bhí sí gann ar dhá vóta le suíochán a thógáil i gCeatharlach sna toghcháin áitiúla cúpla mí ó shin. Fuair sí 614 vóta céadrogha. Dá mbeadh 616 vóta aici bheadh suíochán faighte aici, a láidreodh a seansanna sa toghchán seo. Beidh uirthi a bheith chun tosaigh ar an mbeirt iarrthóirí atá ag Fine Gael ó Chill Chainnigh, le seans a bheith aici.
Ba cheart go mbeadh Jennifear Murnane-O’Connor (FF) as Ceatharlach réasúnta slán. Níl mórán iomaíochta aici i gCeatharlach agus beidh suíochán amháin ar a laghad ag dul go Ceatharlach agus is ag Murnane-O’Connor (FF) is fearr atá seans ar an suíochán sin a thógáil.
Níl ach caolseans ag Sinn Féin an suíochán a fuair Kathleen Funchion (SF) in 2020 a choinneáil. Tá beirt iarrthóirí acu, Áine Gladney Knox (SF) i gCeatharlach agus Natasha Newsome Drennan (SF) i gCill Chainnigh, beirt nár éirigh leo suíochán comhairle contae a bhuachaint Meitheamh seo caite.
Fágann sin seans ag an Aire Stáit Malcolm Noonan (CG) sleamhnú isteach sa spás dá n-éireodh leis aistriúchán vótaí a fháil ón mbeirt iarrthóir atá ag Sinn Féin. Ní féidir an cainteoir Gaeilge Seán Ó hArgáin (LO) a chur as an áireamh. Le fada an lá tá sé ar Chomhairle Chontae Chill Chainnigh agus aithne air sa gcathair. Sna toghcháin áitiúla toghadh é do Chathair Chill Chainnigh le 657 vóta. Theastódh é a bheith chun cinn ar Mhalcolm Noonan (CG) agus ar iarrthóirí Shinn Féin le go mbeadh sé san iomaíocht ag an deireadh, caolseans go dtarlóidh sin.
Ag seasamh chomh maith sa dáilcheantar tá beirt iarrthóirí eile ón bpáirtí den eite chlé: an Comhairleoir Adrienne Wallace (PsB) do Phobal seachas Brabús agus Patricia Stephenson (DS) ó na Daonlathaithe Sóisialta. Fuair an Comhairleoir Adrienne Wallace (PsB) 418 vóta sna toghcháin áitiúla i mbaile Cheatharlach. Ar an eite dheis tá Orla Donohue (IFP) ag seasamh don Irish Freedom Party a fuair 132 vóta Meitheamh seo caite.
Tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha ag seasamh, ina measc an Comhairleoir Eugene McGuinness (Nspl), deartháir le John McGuinness (FF), a fuair 1,136 vóta sna toghcháin áitiúla. Seo iad na hiarrthóirí neamhspleácha eile atá san iomaíocht: Tom Healy (Nspl) agus Luke O’ Connor (Nspl). Tá Gary O’Neill (Aon) san iomaíocht d’Aontú.
Tuar Tuairisc: FF 2; FG 2; CG 1
Cill Mhantáin – Loch Garman: 3
Dáilcheantar nua é seo, nach raibh riamh ann cheana. Chun an dáilcheantar a cruthú nascadh sciar de dheisceart Chill Mhantáin le tuaisceart Loch Garmann: ón Inbhear Mór soir i dtreo Shíol Éalaigh agus Tigh na hÉille i gCill Mhantáin curtha leis an gceantar a shíneann ó Ghuaire le cósta go Cill Mhucraise agus soir go Bun Clóidí i dtuaisceart Loch Garman.
Níl ceachtar de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020, i gCill Mantáin ná i Loch Garman, ag seasamh sa dáilcheantar nua. Triúr nua a thoghfar. Mar sin féin tá roinnt daoine ag seasamh a bhfuil eolas maith orthu.
Tá seans maith ag Fianna Fáil dhá shuíochán as trí cinn a thógáil. De réir torthaí na dtoghchán áitiúil 2024 tá Fianna Fáil níos láidre ná Fine Gael sa dáilcheantar seo agus thart ar 33% den vóta acu.
Bheadh aithne mhaith i Loch Garman ar an Seanadóir Malcolm Byrne (FF), arb as ceantar Ghuaire é. Is feilméara é an Comhairleoir Pat Kennedy (FF) as Deisceart Chill Mhantáin, a fuair 2,792 vóta sna toghcháin áitiúla agus é ag seasamh i gceantar an Inbhir Mhóir. Ní leor é sin le dhá shuíochán a thógáil ach más féidir le Fianna Fáil an vóta a roinnt go cothrom idir an bheirt acu beidh seans maith ann go dtógfaidh Fianna Fáil dhá shuíochán.
Níl ach iarrthóir amháin ag Fine Gael, an fear gnó Brian Brennan, a bhfuil cos aige sa dá chontae: as Guaire dhó ach aithne mhór air san Inbhear Mór, áit a raibh óstán aige tráth sular bhuail trioblóidí airgid é.
Is iarrthóir láidir í an Comhairleoir Peir Leonard (Nspl) a fuair 2,025 vóta i gceantar an Inbhir Mhóir sna toghcháin áitiúla. Le go mbeadh seans aici ar shuíochán theastódh go mbeadh sí chun cinn ar an gComhairleoir Pat Kennedy (FF), arb as an gceantar céanna é.
Gach ach trí shuíochán le líonadh is beag seans go n-éireoidh leis an gComhairleoir Fionntán Ó Súilleabháin (SF) suíochán a phiocadh suas do Shinn Féin. Fuair an Súilleabhánach 854 vóta sna toghcháin áitiúla ag seasamh i gceantar Ghuaire, áit a mbeidh beirt iarrthóirí láidre eile san iomaíocht do na vótaí. Bheadh air a bheith chun cinn ar an Seanadóir Malcolm Byrne (FF) le seans a bheith aige.
Ag seasamh chomh maith tá Sinéad Boland (Aon) d’Aontú; Ann Walsh (CG) ón gComhaontas Glas agus Aislinn O’ Keefe (PsB) ó Phobal seacha Brabús. D’fhéadfadh a gcuid vótaí siúd cuidiú le hiarrthóir Sinn Féin len é a choinneáil sa rás go dtí an deireadh.
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; Nspl 1
Fág freagra ar 'Seans maith ag Fianna Fáil a suíocháin i gCill Chainnigh a choinneáil'