Seans go mbíonn Jeffrey Donaldson ag smaoineamh, le comhbhá, ar David Trimble i gciúnas na hoíche ar an aimsir seo. Tá ceannaire an DUP faoi bhrú ó eite dá pháirtí sin a thugann chun cuimhne an suaitheadh a chothaigh seisean do Trimble, ceannaire an UUP toisc gur ghlac sé le Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
Tá difríochtaí idir an dá chás, is léir. Níl cinneadh déanta ag Jeffrey Donaldson go fóill an nglacfaidh sé le Creat Windsor, an margadh faoin bprótacal a d’fhógair Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.
Deir Donaldson nach ndéanfaidh an páirtí breithiúnas faoi dheifir, gur gá na coinníollacha go léir a scrúdú agus go mbeidh sé ag dul i gcomhairle le daoine. Deir sé freisin nach bhfuil an DUP scoilte ach tá sé sin agus a chosúlacht ag dul in aghaidh a chéile.
Níor cuireadh mórán amhail ann nuair a cháin an feisire Sammy Wilson an Creat ná nuair a dúirt an feisire Ian Paisley gur airigh ina phutóga nach raibh an margadh sásúil. Nocht na feisirí Jim Shannon agus Paul Girvan amhras freisin. Cuireadh cor nua sa scéal, áfach, nuair a chuir Paisley lena leagan amach diúltach, é ag labhairt thar ceann brúghrúpa murab ionann agus mar bhall den DUP. Cur chuige ábhairín ‘Íosánach’ an míniú air sin.
Scríobh sé réamhrá do thuairisc an ghrúpa Centre for the Union a bhfuil an dílseoir Jamie Bryson ina chathaoirleach air agus dúirt sé ar na meáin nach sásódh Creat Windsor aontachtaithe. Thug an dlíodóir John Larkin a bharúil sa tuairisc nár neartaigh an Creat stádas Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe mar go raibh Alt 6 d’Acht an Aontais as feidhm. Níorbh iontas é sin ó ba é Larkin abhcóide na nAontachtach a thóg cás dlí faoi shárú an Achta. Chaithfeadh an tAontas Eorpach a thuilleadh a ghéilleadh, dar le Paisley óg.
Shéan Paisley gur ag tabhairt dúshlán an cheannaire a bhí sé; bhí sé de cheart ag daoine a dtuairimí a nochtadh ach thiocfadh an páirtí ar fad ar shocrú amach anseo, ar sé. D’fhéach urlabhraí an pháirtí leis an DUP a dhealú ó thuairimí Paisley, ag leagan béim air nach ar son an pháirtí a bhí sé ag caint.
Bhí an cáineadh ó bhaill shinsearacha den pháirtí tromchúiseach. Tá na Tiarnaí Nigel Dodds agus Maurice Morrow ar choiste stiúrtha an DUP, tá tábhacht lena dtuairimí agus tionchar acu ar bhaill eile. Is é Morrow cathaoirleach an pháirtí le blianta. Cheistigh sé an margadh i dTeach na dTiarnaí in Westminster. Bhí Dodds diúltach amach is amach le linn na díospóireachta céanna, é den bharúil go raibh cothromaíocht le pobal na Breataine Móire, ar bhonn bunreachtúil agus daonlathach, á ceilt ar mhuintir Thuaisceart Éireann.
Roinneadh na tuairimí sin ar fad d’ainneoin sáiteán ó iarcheannaire an DUP, Peter Robinson, a mhol d’ionadaithe gan a bheith ag caint lasmuigh den pháirtí ‘fiú má shíl siad go raibh an domhan mór ar bís lena smaointe a chloisteáil’.
Díol suntais é gurb iad na hionadaithe in Westminster a bhí ag casaoid os comhair an tsaoil. Ní den chéad uair é sin. Tharla sé cheana le linn bhaghcat Shinn Féin ar Stormont. Bhí réiteach déanta go logánta agus Sinn Féin cinnte de go raibh margadh acu le Arlene Foster, ceannaire an DUP ag an am, ach nuair a chonaic na feisirí Parlaiminte é chuireadar stop leis agus mhair an folús bliain eile geall leis. Is mian le cuid de na Teachtaí a dhul ar ais chuig an Tionól. Ní pá amháin atá i gceist ach tá tuarastal na dTeachtaí ciorraithe 27% fad is atá sparáin na bhfeisirí is na dtiarnaí breá teann.
Ar an ngnáthbhealach d’fheilfeadh sé do cheannaireacht an DUP eite den pháirtí a bheith ag nochtadh a míshástachta, cleas chun a thuilleadh a shracadh ón rialtas. Más fíor d’Uimhir a 10 Sráid Downing, tá sé fánach acu an t-am seo, agus b’fhéidir nach é a leas é.
Dúirt urlabhraithe an rialtais nach n-athrófar téarmaí an mhargaidh; cuirfear soiléiriú ar fáil de réir mar is gá ach sin é, a dúradar. Mura bhfuil a thuilleadh leasuithe le baint amach is míbhuntáiste don pháirtí é daoine a bheith ag gearán go poiblí. Cuireann sé brú ar an gceannaireacht agus neartaíonn sé na daoine diúltacha ar na taobhlínte. Dá fhaide dá dtógann sé ar Jeffrey Donaldson agus an páirtí cinneadh a dhéanamh is ea is glóraí a éireoidh an lucht cáinte agus is ea is cúinge a bheidh a spás polaitiúil.
Tugadh le fios go raibh an Príomh-Aire Rishi Sunak toilteanach roinnt ama a thabhairt don DUP ach nach bhfanfadh sé rófhada leo. Ní mó ná sásta atá páirtithe eile lena ‘pheataireacht’ ar an DUP, mionlach. Tá siad toilteanach cur suas leis, áfach, ach brú á chur acu ar Donaldson éirí as an mbaghcat ar Stormont ar mhaithe leis an bpobal.
Cuirfidh Sunak an margadh ar bhonn dlíthiúil mar chuid de chonradh idirnáisiúnta an Bhreatimeachta, dar le foinsí in Whitehall.
Tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfuil na vótaí aige ina pháirtí féin ó tá formhór an dreama sa bhrúghrúpa Eoraisceipteach, an ERG, ciúnaithe aige. Ní raibh Boris Johnson fiú amháin chomh diúltach is a ceapadh roimh ré a bheadh sé, leide nach raibh an neart aige chun an Príomh-Aire a choscairt.
Bhí trácht sa cholún seo go minic faoin dúshlán do Sunak. An mbeadh sé sách seiftiúil cróga chun aghaidh a thabhairt ar an ERG agus campa Boris Johnson? Tá freagra na ceiste sin againn anois. Seasann an cheist chéanna do Jeffrey Donaldson. Deirtear go seasta go dteastaíonn uaidh go mbeadh Stormont ag feidhmiú. An mbeidh sé in ann an aidhm sin a bhaint amach nó an roghnóidh sé ligint do shocruithe iarBhreatimeachta, idir phrótacal agus chreat Windsor, na soilse in Stormont a mhúchadh?
jpmorley0@gmail.com
Sár-alt eile ó PNC.
Eileen Byrne
Tuaisceart na hÉireann