Seans ar ‘El Clásico Chorca Dhuibhne’ ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019

Tá na socruithe déanta do chluichí na bhfear do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019

Seans ar ‘El Clásico Chorca Dhuibhne’ ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019

Tá na socruithe déanta do chluichí na bhfear do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019

D’fhéadfadh ‘El Clásico Chorca Dhuibhne’ a bheith againn i gcluiche leathcheannais Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana agus cumann caide na Gaeltachta agus Daingean Uí Chúis tarraingthe ar an taobh céanna den chomórtas.

Ó tharla iad a bheith ag reáchtáil comórtas na bliana seo i nGallarus, tá cead ar aghaidh faighte ag an nGaeltacht go dtí na babhtaí leathcheannais den chraobh shinsir agus d’fhéadfadh gur a gcomharsana a bheidh rompu má éiríonn leis an Daingean sna babhtaí ceathrú ceannais. Ar ndóigh beidh peileadóirí na Rinne ag súil nach aon ‘El Clásico Chorca Dhuibhne’ a bheidh ann agus iadsan ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an Daingean chun áit a bhaint amach sna babhtaí leathcheannais.

Ba é cumann na Mí, Bhulf Tón, a bhuaigh an comórtas sinsir anuraidh agus beidh feachtas crua eile rompu más fúthu an chraobh a thabhairt leo arís i mbliana. Beidh orthu cluiche réamhbhabhta i gcoinne sheaimpíní na Gaillimhe a imirt maidin Dé Sathairn agus an tráthnóna céanna a bheidh buaiteoirí an chluiche sin ag imirt i gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh sheaimpíní Chorcaí.

Imreofar an tríú cluiche ceathrú ceannais Dé Sathairn idir seaimpíní Dhún na nGall agus seaimpíní Mhaigh Eo.

Sa chraobh shóisir, cluiche réamhbhabhta idir an Ghaeltacht agus seaimpíní Chiarraí a chuirfidh tús leis an gcomórtas tráthnóna Dé hAoine.

Imreofar dhá réamhbhabhta eile maidin Dá Sathairn nuair a chasfaidh Na Gaeil Óga ar sheaimpíní Dhún na nGall agus imreoidh Clann na nGael in aghaidh sheaimpíní na Gaillimhe.

Tá cead ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais faighte ag Laochra Loch Lao agus Na Dúnaibh. Imreoidh fir Bhéal Feirste i gcoinne sheaimpíní Chorcaí agus beidh na Dúnaibh, a bhuaigh an comórtas sóisir anuraidh, ag imirt in aghaidh sheaimpíní Phort Láirge.

Reáchtálfar Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 idir an 31 Bealtaine agus an 3 Meitheamh.

Craobh Shinsir na bhFear

Dé Sathairn, 1 Meitheamh

Réamhbhabhta

A – Bhulf Tón v Seaimpíní na Gaillimhe

Babhta Ceathrú Ceannais

1 – Buaiteoirí A v Seaimpíní Chorcaí

2 – Seaimpíní Dhún na nGall v Seaimpíní Mhaigh Eo

3 – An Rinn v Daingean Uí Chúis

Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh

Babhta Leathcheannais

Buaiteoirí 1 v Buaiteoirí 2

An Ghaeltacht v Buaiteoirí 3

Dé Luain, 3 Meitheamh

Cluiche ceannais sinsir

 

Craobh Shóisir na bhFear

Dé hAoine, 31 Bealtaine

Réamhbhabhta

A – An Ghaeltacht v Seaimpíní Chiarraí

Dé Sathairn, 1 Meitheamh

Réamhbhabhta

B – Seaimpíní na Gaillimhe v Clann na nGael

C – Na Gaeil Óga v Seaimpíní Dhún na nGall

Babhta Ceathrú Ceannais

1 – Buaiteoirí B v Buaiteoirí C

2 – Laochra Loch Lao v Seaimpíní Chorcaí

3 – Buaiteoirí A v Seaimpíní Mhaigh Eo

4 – Seaimpíní Phort Láirge v Na Dúnaibh

Dé Domhnaigh, 2 Meitheamh

Babhta Leathcheannais

Buaiteoirí 1 v Buaiteoirí 2

Buaiteoirí 3 v Buaiteoirí 4

Dé Luain, 3 Meitheamh

Cluiche ceannais sóisir

Fág freagra ar 'Seans ar ‘El Clásico Chorca Dhuibhne’ ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019'

  • Seán

    Béarla ar fad a labhartar anois ag Comórtas Peile na Gaeltachta, is mór an náire iad.