Seán Garvey á chomóradh agus á cheiliúradh ag Éigse na Brídeoige

Ní bréag a rá ach go mbeidh ceol in Uíbh Ráthach an deireadh seachtaine seo agus ceiliúradh á dhéanamh ar oidhreacht an cheoltóra Seán Garvey a bhásaigh anuraidh

Seán Garvey á chomóradh agus á cheiliúradh ag Éigse na Brídeoige

https://eigsenabrideoige.com/ 

 

 

 

Bíonn sé ina earrach nuair a thagann Éigse na Brídeoige go hUíbh Ráthach agus beidh an Éigse ar siúl i mbliana ón lá amárach, Dé hAoine, go dtí an Domhnach.

An t-amhránaí agus an ceoltóir mór le rá, Seán Garvey as Cathair Saidhbhín, a bheidh á chomóradh agus á cheiliúradh ag éigse na bliana seo. Bhásaigh Seán Garvey sa Bhealtaine seo caite.

Maidin Dé hAoine beidh Éigse na nÓg ar siúl san halla pobail i mBaile an Sceilg agus Na Deartháireacha Fanzini ansin le cur leis an scléip. An oíche sin ag a 8.00pm i gCathair Dónaill léireoidh Ríonach Uí Ógáin cuid de shaothar Sheán Garvey ina caint – ‘Cuan Bhéil Inse: the recorded heritage of Seán Garvey’ agus beidh oíche amhránaíochta ina dhiaidh agus fáilte roimh aon duine amhrán a rá.

Maidin Dé Sathairn tiocfaidh painéal de chairde Sheáin le chéile chun a gcuimhní faoin gceoltóir iontach a roinnt – Laoise Nic Aogáin, Tim Dennehy, Breanndán Ó Beaglaoich, Maitiú Ó Casaide, Paddy Bushe agus Christy O’Connell.

San iarnóin beidh na healaíontóirí Páidí Mharthain Mac Gearailt, Seosamh Ó Croídeáin, Róisín Ní Riain agus Aisling Wharton ag plé conas mar a thugtar an ceol agus na hamhráin ar aghaidh ó ghlúin go glúin. Labhróidh an t-amhránaí is an Ciarraíoch Tim Dinnehy faoi ‘An Traidisiún Amhránaíochta in Uíbh Ráthach’.

Ní bréag a rá ach go mbeidh ceol in Uíbh Ráthach an oíche sin agus scata amhránaithe agus ceoltóirí den scoth ag an gceolchoirm mhór Tigh Rosie i mBaile an Sceilg. Beidh oíche airneáin ina diaidh.

Ní bheidh aon deireadh leis an Éigse ar an Domhnach ach oiread. Beidh Aifreann, ceardlann croiseanna Bríde, ceardlanna ceoil, seoltaí leabhar agus ceolchoirm mhór eile ag a 8.00pm sa Chillín Liath.

Is deas mar atá an éigse ag tarlú in áiteanna éagsúla in Uíbh Ráthach agus bus á chur ar fáil d’aon duine a dteastóidh sin uathu.

Níl aon dabht ach gur iontach go deo an clár imeachtaí éagsúla atá ag Éigse na Brídeoige arís i mbliana. Tá gach eolas faoin éigse le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Seán Garvey á chomóradh agus á cheiliúradh ag Éigse na Brídeoige'