‘Seán’ agus ‘Saoirse’ ar bharr liostaí na n-ainmneacha Gaeilge ar ghasúir in 2016

Tháinig titim arís anuraidh ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu, de réir staitisticí nua ón CSO

‘Seán’ agus ‘Saoirse’ ar bharr liostaí na n-ainmneacha Gaeilge ar ghasúir in 2016

D’fhoilsigh an CSO liosta inniu den 100 ainm is coitianta a tugadh ar ghasúir an stáit in 2016. De réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar an eolas sin tá laghdú tagtha ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu le bliain anuas

Tá laghdú beag tagtha arís eile ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu le bliain anuas, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie  ar eolas nua atá curtha amach ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO).

D’fhoilsigh an CSO liosta inniu den 100 ainm is coitianta a tugadh ar ghasúir an stáit in 2016. Bhí 20 ainm Gaeilge ar liosta na mbuachaillí agus 15 ainm Gaeilge ar liosta na gcailíní. 5,751 gasúr a bhí i gceist idir bhuachaillí agus chailíní i mbliana, 70 gasúr níos lú ná an 5,821 a bhí i gceist in 2015.

Thit líon na mbuachaillí ar tugadh ainm Gaeilge orthu idir 2015 agus 2016 ó 3,524 go 3,391 – titim 134. Ardú a bhí i gceist le líon na gcailíní ar tugadh ainm Gaeilge orthu le linn na tréimhse céanna, 2,297 in 2015 go 2,360 in 2016 — méadú 63 cailín.

Murab ionann agus an liosta a eisíonn Oifig na bPasanna gach bliain, cuirtear san áireamh ar an liosta seo gach gasúr a cláraíodh sa stát le linn na bliana 2016. Ní bhíonn ar liosta Oifig na bPasanna ach na hainmneacha is coitianta i measc na ngasúr atá faoi bhun 3 bliana d’aois a chuireann isteach ar phas.

Ba é ‘Seán’ an t-ainm Gaeilge is coitianta ar bhuachaillí arís eile ach tháinig athrú ar liosta na gcailíní. Thóg an t-ainm ‘Saoirse’ áit an ainm ‘Aoife’ ar bharr liosta na gcailíní. Bhí ‘Aoife’ ar bharr liosta ainmneacha Gaeilge na gcailíní le tamall maith de bhlianta roimhe seo.

Seachas sin is beag athrú atá tagtha ar an dá liosta le blianta beaga anuas, cé go bhfuil ainmneacha nua ag teacht chun cinn ar liosta na n-ainmneacha Béarla de réir a chéile. ‘Maisie’, mar shampla, ar chailíní, agus tráchtairí áirithe ag maíomh go bhfuil tionchar ag Maisie Williams, a bhíonn i ról ‘Arya’ sa chlár Game of Thrones le brath sna hainmneacha nua sin.

Tá leaganacha Béarla d’ainmneacha Gaeilge ar mhórliosta na Príomh-Oifige Staidrimh freisin – ‘Clodagh’, ‘Maeve’ agus ‘Conor’, cuir i gcás – nár cuireadh san áireamh agus an anailís seo á déanamh ag Tuairisc.ie. Tá leaganacha Gaelaithe d’ainmneacha eachtrannacha – ‘Éabha’ agus ‘Seán’ san áireamh, áfach.

Fág freagra ar '‘Seán’ agus ‘Saoirse’ ar bharr liostaí na n-ainmneacha Gaeilge ar ghasúir in 2016'