Séamus Heaney, Máirtín Jaimsie, Nuala O’Faolain agus Tony MacMahon…

Chuir scannán nua faoin gceoltóir aitheanta Tony MacMahon ár gcolúnaí ag smaoineamh ar chláir eile a raibh baint aige leo…

Séamus Heaney, Máirtín Jaimsie, Nuala O’Faolain agus Tony MacMahon…

Tony Mac Mahon agus foireann 'Iris' ag obair ar an gclár faoi Nioclás Tóibín

Fear mór ceoil ab ea m’athair, Peadar Ó Nuadháin. Thaitníodh chuile chineál clár teilifíse ceoil leis- Séamus Ennis sa Chathaoir, Bring Down the Lamp, agus aon rud a raibh an ‘Whisker’ ann – ‘An Green Linnet’, mar shampla. Agus cérbh é an ‘Whisker,’ a deir tú? Tá an fear céanna go mór sa nuacht na laethanta seo – Tony MacMahon, a bhfuil clár faisnéise Slán leis an gCeol déanta ag Cathal Ó Cuaig faoi.

Ba bheag a cheap mé féin agus mé ag breathnú ar na cláracha sin agus mé óg go mbeinn ag obair le Tony lá éigin. Ná fiú amháin go mbeadh Séamus Deasy, fear ceamara an Green Linnet, ina chara mór ag an teaghlach anseo agus é ina fhear ceamara ar go leor cláracha a ceapadh faoin dhíon an tí seo.

Ach d’oibrigh mé leis an ‘Whisker’ é féin ar roinnt mhaith cláracha teilifíse. Seans nach bhfuil a fhios ag go leor daoine gur léiritheoir teilifíse in RTÉ a bhí in Tony MacMahon i gcaitheamh na mblianta a raibh aithne níos fearr air mar mháistir an bhosca ceoil.

Chuir mé aithne air ar dtús nuair a chuaigh mé ag obair leis an gclár ‘Iris’ i lár na n-ochtóidí. Beirt léiritheoirí a bhí i mbun na sraithe (26 clár sa mbliain)- Aindreas Ó Gallchóir agus Tony MacMahon.

Cuimhním ar Tony mar ‘ealaíontóir’. Caithfidh samhlaíocht a bheith ag aon léiritheoir ach bhain Tony le domhan eile cruthaitheachta ar fad. Dúradh gur tugadh ‘Rocky Mountain Time’ ar an domhan samhlaíochta inar mhair sé. Rinne sé seoid de chláracha teilifíse ach bhíodh ócáidí ann nuair nach mbíodh sé éasca gach cinneadh dá ndearna sé a thuiscint.

Bhíomar sa Rinn i mbun cláir faoi Nioclás Tóibín. Bhí gach rud ag gabháil ar aghaidh go maith, bhí Nioclás i mbarr a mhaitheasa. Bhí an aimsir go haoibhinn agus chuamar amach i mbád iascaigh ag scannánú Niocláis agus é ag gabháil fhoinn.

Nioclás Tóibín

Cé a chasfaí orainn ag crosbhóthar an tráthnóna sin ach Liam Clancy, a raibh teach aige sa Rinn. Nár dheas an smaoineamh é píosa cainte a dhéanamh leis, nó b’fhéidir an bheirt amhránaithe a fheiceáil ag caint lena chéile? Níor aontaigh Tony leis an moladh agus fágadh Liam Clancy ag an gcrosbhóthar. Níor thuig éinne cén chúis a bhí leis, easaontas faoi cheol, b’fhéidir, nó ‘spite feamainne’ éigin nach dtuigfeadh an duine daonna.

I lár an gheimhridh chuamar go Maigh Eo chun clár a dhéanamh leis an Ollamh Séamus Caulfield. Is cuimhin liom fós an fuacht nuair a bhaineamar an teach lóistín amach. Ní raibh cúrsaí turasóireachta chomh forbartha an uair sin agus atá anois. Thug an criú teilifíse na lampaí móra isteach sna seomraí leapa chun na leapacha a thriomú.

Agus muid i mbun na hoibre sin chualathas Tony ag fiafraí de bhean an tí an mbeadh ‘soya milk’ ar fáil dá bhricfeasta. Ní cuimhin liom cén freagra a fuair sé.

Thug Tony cúnamh d’fhoireann teilifíse ón Íoslainn uair amháin agus iad ar cuairt ar an tír seo. Gheall siad dó go dtabharfaidís chuile chúnamh dó, dá mba mhaith leis teacht chuig an Íoslainn agus clár a dhéanamh ann, a rogha ábhair ón gcartlann san áireamh.

Tony MacMahon agus an criú san Íoslainn

Bhí sé d’ádh orm féin go raibh mé ag obair leis an tseachtain a raibh sé le turas a thabhairt ar an Íoslainn. Chinn sé clár a dhéanamh bunaithe ar dhán le Seamus Heaney a d’aistrigh Gabriel Rosenstock – ‘Cárta Poist ón Íoslainn’.

Mar a deirim, ealaíontóir a bhí ann. Chaith mise tamall maith ar leathchois ar bharr carraig laibhe ag samhlú focail an dáin dom féin. Bhí radharcanna áille sa chlár – cuid acu ón gcartlann ansin. Is cuimhin liom gur thaifead muid glór Mháirtín Jamesie ina dhiaidh sin ag aithris seansága de chuid na sean-Íoslainne nó na sean-Danmhairge, b’fhéidir. Bhíodar aistrithe go Gaeilge ag an Ollamh Gearóid Mac Eoin ón Ollscoil i nGaillimh.

Bhí na bolcáin ann, bhí ‘Cogadh na dTrosc’ ann, bhí na capaillíní fiáine agus an tUachtarán féin sa chlár. Agus, mar a bheifeá ag súil leis, i gclár le Tony MacMahon, bhí ceol ann. Thaifead muid banna ceoil Íoslannach agus chuir sé sin go mór leis an gclár.

Ach ar chúis éigin nár thuig mé ariamh, thugamar an fidléir Frankie Gavin linn ar an turas go dtí An Íoslainn. Agus chas sé fonn nuair a bhíomar istigh ag tabhairt cuairt ar an Uachtarán. Ceapaim gur thug sé dlúthdhiosca ceoil di.

Fuair an clár ardmholadh agus bronnadh ainmniúchán air don Fhéile Cheilteach a bhí le bheith i nGaoth Dobhair an bhliain sin. Ar ndóigh ní dheachaigh Tony ann. Ach chuaigh mise ann, agus sceitimíní orm. Bhí féile iontach ann an bhliain sin agus chomh fada le mo chuimhne chuaigh sé amach beo ar RTÉ agus Brídóg Ní Bhuachalla á cur i láthair ó stáitse na hamharclainne.

Níor bhuamar aon duais. Ach tháinig duine de na moltóirí, fear ón mBreatain Bheag, chugam ina dhiaidh ag déanamh comhbhróin liom. Cheap sé go raibh an clár thar barr ach ba léir nár aontaigh na moltóirí leis.

Díreach ina dhiaidh sin, tháinig Nuala O’Faolain chugam. Bhí sise ar an bpainéal moltóirí freisin. D’oibrigh mé léi roimhe sin ar an tsraith Féach.

‘Bhí an clár an-mhaith,’ a dúirt sí. ‘Ach cén fáth sa diabhal ar chuir sibh an ceol Gaelach sin isteach ina lár? Ní raibh ciall ná réasún leis. Ní thuigim cén fáth a ndearna sé é sin.’

Chas sí ar ais sular imigh sí uaim. ‘Anois,’ a dúirt sí. ‘Dá mba rud é go raibh catagóir speisialta ann i gcomhair cláracha le Tony MacMahon…’

Fág freagra ar 'Séamus Heaney, Máirtín Jaimsie, Nuala O’Faolain agus Tony MacMahon…'

  • Cluain Sceach

    Go háluinn!