Chuala mé an fear ag caint taobh thiar díom agus é ag treorú a iníne trí dhoras an tí. D’aithin mé óna ghlór gur fear ó dheisceart na tíre a bhí ann – Loch Garman, b’fhéidir?
Cén fáth a ndéanfainn aon iontas de sin, a deir tú?
Bhuel, ar dtús ba é an t-aon duine ó aon áit taobh amuigh de Thuaisceart Éireann a chuala mé an lá sin. Agus mar bharr air sin, chuir sé turas fada air féin as Loch Garman, go dtí an áit ina rabhamar inár seasamh – Músaem Tuaithe Thuaisceart Éireann, in Ard Mhic Nasca (Holywood), gar do Bhéal Feirste.
Ba léir go raibh an-suim aige sa Mhúsaem, atá leagtha amach mar shráidbhaile tuaithe, agus go raibh sé ag iarraidh na taispeántais ar fad a léiriú dá iníon óg. Ní ligfeadh an fhiosracht dhom gan ceist a chur air faoina shuim san áit.
‘Is breá liom Tuaisceart Éireann,’ a dúirt sé liom. ‘Gach seans a bhíonn agam, tagaim ar cuairt ann. Is breá liom go háirithe na bailte beaga,’ a dúirt sé. ‘Bíonn na daoine thar a beith fáilteach i gcónaí.’
Luaigh sé an Baile Meánach. Anois, chuala mé go leor faoin mBaile Meánach ach níor thug mé faoi deara ariamh é ar aon liosta ‘Áiteacha go gcaithfidh tú cuairt a thabhairt orthu sula bhfaighidh tú bás.’
‘Tagaim ar cuairt anseo cúpla uair sa mbliain,’ ar seisean. ‘Taitníonn an áit thar cionn liom.’
Thosaíomar ag caint lena chéile faoi chúrsaí oibre. Bhí muide tar éis an Músaem agus an sráidbhaile a úsáid i gclár teilifíse a bheas á chraoladh go luath – ‘Litir Ghrá ón Dara Cogadh Domhanda’ (ar BBC agus ar TG4). Ach bhí mé ag iarraidh cuairt a thabhairt ann mar ‘ghnáth-thurasóir’.
Luaigh fear Loch Garman ansin go raibh baint aige le déantús camán agus go raibh cúpla ionad díolacháin aige i siopaí thart faoin tuaisceart. Thriail mé a ligean orm féin ag an bpointe sin go raibh cur amach áirithe agam ar an iománaíocht.
‘Rinne mé clár faoi chúrsaí iománaíochta i gcontae Aontroma na blianta ó shin (Iris) ach ní cuimhin liom cén chúis ar leith a bhain leis,’ a dúirt mé.
Ní raibh stró air. ‘Bhí Aontroim sa gCluiche Ceannais sa mbliain 1989,’ a dúirt sé. ‘Ach chloígh Tiobraid Árann iad. Ba 4-24 in aghaidh 3-9 an scór deiridh.’
An rud nár chuimhin liom ná gurbh é sin an chéad uair ag Aontroim sa gCluiche Ceannais le 46 bliain. Scóráil Nicky English 2-12 do Thiobraid Árann. ‘B’in é an scór ab airde riamh ag aon imreoir amháin go dtí sin i gcluiche ceannais,’ a dúirt fear Loch Garman liom.
Bhí sé ar intinn agam a fháil amach cé mhéad camán a dhíolann sé sa mBaile Meánach, ach bhí sé imithe lena chlann isteach sa chistin go dtaispeánfadh sé tuirne, nó sorn, nó pota agus arán sóide dá iníon.
Bhí spéis agam féin sna sean-uirlisí agus sna seantithe agus choinnigh mé orm ar mo thuras.
Ní dhéanann an músaem scéal mór de na difríochtaí polaitiúla agus creidimh i dTuaisceart Éireann. Caithfidh an cuairteoir a dhéanamh amach cé acu ‘Protastúnach’ nó ‘Caitliceach’ a bhí an teach, ‘Náisiúnóir’ nó ‘Aontachtaí’ a bhí in úinéir an tí.
Ní baile réalaíoch é an ‘baile’ ina bhfuil an músaem suite. Ach is tithe cearta iad na tithe, an séipéal, an halla, an halla Oráisteach, na siopaí agus mar sin de. Is é an chaoi ar tógadh iad as an áit a rabhadar lonnaithe ar dtús, agus rinneadh iad a atógáil, bríce ar bhríce san ionad nua.
Mar sin, tá sraith tithe beaga sráide as Sandy Row, i mBéal Feirste ann. Bheadh barúil ag go leor nach tithe Caitliceacha a bheadh sna tithe sin. Cuidíonn sé go minic, má scrúdaíonn an cuairteoir na pictiúir, na manaí creidimh agus mar sin de, atá crochta ar na ballaí – bíonn sé soiléir cér leis a bhain an t-úinéir céad bliain ó shin.
Chuirfeadh sé iontas ar dhaoine óga an lae inniu, cé chomh beag is a bhí na tithe. Fiú amháin dá mbeadh cluichí, nó teilifís nó raidió acu, ba léir nach raibh aon áit ann le luí thart nó a gcuid ‘am saor’ a chaitheamh taobh istigh. Is ar na sráideanna taobh amuigh a chaith na gasúir a gcuid ama théis na scoile.
Thabharfá an leabhar go raibh na foirgnimh ar fad ansin leis na cianta. Tá séipéal ann ar thug mé cuairt air, agus cheapfá gur seoid staire é a bhí sa suíomh sin le os cionn céad bliain. Ach baineadh anuas é as an mbaile ina raibh sé, agus atógadh arís ó bhonn é ar an suíomh nua.
Tá an t-ádh ar lucht an mhúsaeim go raibh suíomh chomh fairsing agus chomh háisiúil acu. Bronnadh píosa mór talún orthu agus bhíodar in ann é a fhorbairt – cuid de mar shráidbhaile agus cuid de mar thithe feirme. Le linn séasúir áirithe, bíonn daoine in ann an obair feirmeoireachta a fheiceáil agus gach rud á dhéanamh mar a bhí céad bliain ó shin.
De réir mar atá áiseanna áirithe ag imeacht as na bailte ó thuaidh agus ó dheas, tabharfaidh na t-ionad seo léargas fírinneach ar an saol mar a bhí – agus nílim ag caint faoin saol céad bliain ó shin. Tá siopa éadaí, banc, postoifig, clólann, ceárta, agus níl a fhios céard eile ann, a thugann pictiúr drámatúil dúinn ar fad ar an saol atá imithe.
Bhí teach álainn dhá stór ceann tuí ann. Bean taobh istigh ag réiteach arán sóide, le cur ins an mbácús ar an tine oscailte. Boladh na móna ag teacht go tréan as an simléar.
Labhair mé le scata ban a bhí ag tabhairt aire don ghairdín álainn – cosúil le gairdín as seanleabhar scéalaíochta. Ní raibh aon chosúlacht orthu go rabhadar a fáil aon pháigh as an obair sin – ‘taitníonn an obair linn,’ a dúirt siad liom. ‘Ní bhíonn muid anseo gach uile lá.’
Ní raibh dé ar fhear na gcamán faoin tráth seo. Bhí an siopa tae do mo mhealladh agus gach seans ar aon nós go raibh glaoch le déanamh aige siúd ar fhoireann iomána éicint sna Glinnte.
Fuair mé amach (ó mo chara, an t-idirlíon) ina dhiaidh sin gurbh é Brian Walsh as Inis Córthaidh a bhí ann agus go bhfuil sé ar dhuine den dream is mó cáil a dhéanann camáin i gcontae Loch Garman.
Nár laga Dia é.
Fág freagra ar 'Seal le Fear na gCamán i Músaem Tuaithe Thuaisceart Éireann'