Seaimpíní Shligigh le cloí ag Maigh Cuilinn chun Craobh Chonnacht a bhaint

Seacht gcraobh contae as a chéile atá buaite ag Tuar Loistreáin ach is beag dul chun cinn atá déanta acu sa chúige

Seaimpíní Shligigh le cloí ag Maigh Cuilinn chun Craobh Chonnacht a bhaint

Casfaidh seaimpíní na Gaillimhe agus Shligigh ar a chéile i gcluiche ceannais Chonnacht tráthnóna agus Tuar Loistreáin ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Cuilinn i Staid an Phiarsaigh.

D’fhág an phaindéim nach raibh an deis ag Maigh Cuilinn imirt i gCraobh Chonnacht nuair a bhuaigh siad Craobh Shinsir na Gaillimhe den chéad uair in 2020 ach is é an cumann Gaeltachta rogha láidir na coitiantachta le craobh an chúige a thabhairt leo inniu.

Bhí Maigh Cuilinn an-láidir i nGaillimh i mbliana. Fuair siad an ceann is fearr ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach sa chluiche ceannais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair agus bhuaileadar greadadh ar sheaimpíní Mhaigh Eo, Cathair na Mart, sna babhtaí ceathrú ceannais i gConnachta. Ní rabhadar chomh teann céanna sa chluiche leathcheannais in aghaidh Bhéal na mBuillí Ros Comáin agus in am breise a thug cúl ó Sheán Kelly slán iad.

Bhí David Wynne agus Niall Walsh ar iarraidh ar Mhaigh Cuilinn an lá sin ach beidh Wynne ar fáil arís agus deireadh tagtha lena thréimhse fionraíochta. Ní fios fós an mbeidh Walsh tagtha chuige féin ón ngortú a bhain dó roimh an gcluiche leathcheannais ach dea-scéal do Mhaigh Cuilinn go bhfuil an víreas a bhí ag cur as do Peter Cooke le roinnt seachtainí curtha de aige.

Seans go mbeidh cumas Uí Chuaig ag pointí a scóráil ó i bhfad amach ag teastáil inniu más le Maigh Cuilinn Tuar Loistreáin a chloí. Seacht gcraobh as a chéile atá buaite ag an gcumann seo i Sligeach ach is beag dul chun cinn atá déanta acu sa chúige agus is é seo an chéad uair acu le dhá scór bliain cluiche ceannais Chonnacht a bhaint amach.

Cosantach go maith atá an stíl a bhíonn ag foireann Shligigh agus bíonn cuid mhaith imreoirí thair ag cosaint acu. Is ó fhrithionsaithe a thagann go leor dá gcuid scóranna. Is tosaithe cumasacha iad na deartháireacha Liam agus Gary Gaughan, John Kelly agus an leathosaí Cathal Henry.

Tá na cosantóirí ag Maigh Cuilinn chun srian a chur orthu. Chruthaigh Conor Corcoran, Neil Mulcahy agus Eoghan Kelly ar fheabhas go dtí seo san fheachtas.

Tugann Paul Kelly, Owen Gallagher agus laoch na foirne, Seán Kelly, an-fhuinneamh don fhoireann agus fiú má éiríonn le cosaint phlódaithe Thuar Loistreáin ionsaithe Mhaigh Cuilinn a choinneáil amach arís agus arís eile, coinneoidh na Gaillimhigh orthu ag ionsaí agus aimseoidh siad na bearnaí faoi dheireadh.

Fág freagra ar 'Seaimpíní Shligigh le cloí ag Maigh Cuilinn chun Craobh Chonnacht a bhaint'