Seaimpíní na hÉireann agus na Déisigh ar an trá fholamh an chuid eile den samhradh

Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar an séasúr go dtí seo agus briseadh i gcraobhacha iomána na gcúigí roimh na gcluichí ceannais

Seaimpíní na hÉireann agus na Déisigh ar an trá fholamh an chuid eile den samhradh

Tá muid tagtha chuig an chuid sin den bhliain nuair atá deireadh déanta sna réamhbhabhtaí ag roinnt contaetha agus cuid eile ag fáil réidh don chéad chéim eile den séasúr. Bhí an scéal idir dhá cheann na meá sa dá chúige go dtí an deireadh seachtaine deiridh. I gcúige Mumhan, ba léir go raibh tábhacht ollmhór ag baint leis an gcluiche ag an deireadh idir Port Láirge agus Corcaigh agus i gcúige Laighean bhí cluiche leathcheannais le himirt.

Tá mórán iománaíochta feicthe againn le roinnt seachtainí. Bhí an chéad chluiche mór sa chraobh i Páirc Uí Nualláin agus an Ghaillimh ar cuairt. Sa Mhumhain an lá ina dhiaidh sin, bhí dhá eipic againn idir Corcaigh agus an Clár agus idir Luimneach agus Tiobraid Árann.

Tharla an chéad iontas sa chraobh roimhe sin fiú, áfach, agus an scéal tagtha maidin Dé hAoine roimh na cluichí sin go raibh Nicky Quaid ainmnithe sa chúl ar fhoireann Luimnigh. Sin Nickey a ghortaigh ballnasc croiseach cúig mhí roimhe sin. Míorúilt a bhí ann go raibh sé in ann imirt i gcraobh an chúige.

Bhí tús leamh go leor againn i gCúige Laighean agus na trí fhoireann baile ag buachaint, an taispeántas is fearr an chéad deireadh seachtaine sin ag Cill Chainnigh agus is ón nGaillimh, a bhí ina gcoinne, a tháinig an ceann ba mheasa.

Ar an Domhnach, bhí dhá coimhlint iontach againn a chríochnaigh ar comhscór. Sa chéad chluiche d’aiséirigh an Clár a bhí ceithre chúl chun deiridh ag leath ama i gcoinne Chorcaí agus sa dara ceann, léirigh Tiobraid Árann go raibh beocht agus spiorad iontu, rud a bhí in easnamh minic go leor le bliain nó dhó anuas.

Sa dara babhta i gcúige Laighean, bhí an bua ag Áth Cliath i gcoinne Loch Garman agus Keith Rossiter gonta faoi thaispeántas an réiteora Michael Kennedy. Bhí bua mór ag an nGaillimh ar Uíbh Fhailí.

Sa Mhumhain bhí an chéad bhua gan choinne againn sa chomórtas nuair a rinne na Déise luíochán ar an gClár sa bhaile. I bPáirc Ui Chaoimh, cuireadh Darragh McCarthy Thiobraid Árann den bpáirc tar éis tríocha soicind agus leis sin d’imigh aon seans a bhí ag Tiobraid Árann Corcaigh a shárú.

Ní raibh ach cluiche amháin sa Mhumhain an Satharn ina dhiaidh sin agus a leithéid de choimhlint agus de thoradh a bhí againn. Thaistil na Tiobraid Árannaigh go hInis agus thógadar na pointí le cabhair dhá chúl ón seanfhondúir John McGrath.

I gcúige Laighean, bhuaigh na trí chontae ab fhearr ag an bpointe sin – Cill Chainnigh ag sárú Uíbh Fhailí (2-9 ag TJ Reid ina chéad chluiche ina 19ú séasúr), an ceann is fearr ag Gaillimh ar Loch Garman (0-17 ag Cathal Mannion) agus Áth Cliath ag bualadh Aontroma (0-12 ag Seán Currie).

Agus le seaimpíní na tíre, an Clár, sa tóir ar mhíorúilt, imríodh babhta a 4 an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.

Sa Mhumhain, thug Luimneach taispeántas na craoibhe go dtí seo nuair a thugadar léasadh do Chorcaigh agus níos luaithe sa lá, cháiligh Tiobraid Árann don chéad chéim eile agus iad níos fearr ná na Déise.

I Laighin, bhuaigh Cill Chainnigh ar Áth Cliath, an Ghaillimh go héasca ar Aontroim, agus is le cabhair cúl déanach ó Lee Chin a bhuaigh Loch Garman ar Uíbh Fhailí.

Sa bhabhta deireanach i gCúige Mumhan, bhí ar Chorcaigh an bua a fháil ar Phort Láirge chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an chúige agus bhí ar na Déisigh an cluiche a bhuachan chun áit i réamhbhabhtaí Chraobh na hÉireann a fháil. Dar ndóigh is ag Corcaigh a bhí an bua.

I gCúige Laighean, bhí dhá chluiche tábhachtach ann. Sa chéad cheann, d’imir Gaillimh agus Áth Cliath le haghaidh áit i gcluiche ceannais Laighean, cluiche a bhuaigh na Gaillmhigh. Ar an Tulach Mhór, bhí Aontroim agus Uíbh Fhailí ag iarraidh ísliú céime a sheachaint agus an fhoireann baile a thug an lá leo faoi dheireadh.

Agus nuair a bhí gach rud déanta sa dá chúige, bhí bliain an Chláir agus Phort Láirge déanta sa Mhumhain, Luimneach agus Corcaigh cáilithe don chluiche ceannais agus Tiobraid Árann sa tríú háit. Agus i gCúige Laighean is iad Cill Chainnigh agus an Ghaillimh a bheidh i gcoinne a chéile sa chluiche ceannais, agus Áth Cliath cáilithe sa tríú háit. Tá Aontroim dícháilithe agus Uíbh Fhailí agus Loch Garman críochnaithe don bhliain seo.

Tá cluiche mór an deireadh seachtaine ar siúl inniu i bPáirc Uí Nualláin agus an fhoireann baile i gcoinne Thiobraid Árann i gcluiche ceannais Faoi 20 na hÉireann.

Cé go mbeidh Cill Chainnigh ag imirt sa bhaile, níltear cinnte cé chomh mór is a bheidh sé sin ina bhuntáiste mar go bhfuil Craobhacha Mionúir na hÉireann buaite ag Tiobraid Árann leis an ngrúpa imreoirí seo san ionad ar bhruach na Feoire sna blianta 2022 agus 2024, agus d’imir siad ann freisin anuraidh nuair a chailleadar an cluiche ceannais Faoi 20 in aghaidh Uíbh Fhailí.

Is athimirt é freisin ar chluiche ceannais drámatúil sa chraobh mhionúir anuraidh agus tá an chuma air go dtarraingeoidh sé slua mór deireadh seachtaine saoire bhainc agus foireann Brendan Cummins ag iarraidh an chraobh a thabhairt abhaile trasna na teorann.

Fág freagra ar 'Seaimpíní na hÉireann agus na Déisigh ar an trá fholamh an chuid eile den samhradh'