Seachtar ag Cora Finne agus sárfhoireann na bliana ainmnithe

Bhuaigh Cora Finne na Gaillimhe Craobh Shinsir Peile na hÉireann don tríú bliain as a chéile mí Eanáir

Seachtar ag Cora Finne agus sárfhoireann na bliana ainmnithe

Pictiúr: INPHO/Tom O'Hanlon

Tá seachtar de pheileadóirí Chora Finne, a rinne éacht mí Eanáir nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann don tríú bliain as a chéile, ainmnithe ar shárfhoireann chraobh na gclub.

Ba iad seaimpíní na Gaillimhe an chéad chumann a bhuaigh craobh shinsir na bhfear trí bliana as a chéile, sa pheil nó san iomáint, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chua as contae an Dúin i bPáirc an Chrócaigh ag tús na bliana.

Tá aitheantas tugtha anois ar fhoireann na bliana do sheachtar ón bhfoireann sin – Bernard Power, Kieran Fitzgerald, Liam Silke, Daithí Burke, Ronan Steede, Gary Sice agus Martin Farragher.

Is é an t-imreoir láir páirce Steede, laoch na himeartha i gcluiche ceannais na hÉireann, an t-aon duine den seachtar nach raibh ainmnithe ar shárfhoireann club na bliana roimhe seo.

Cuireadh tús leis na gradaim in 2018 agus tá áit bainte amach ag Liam Silke agus ag Martin Farragher ar an bhfoireann gach bliain ó shin.

Tá ceathrar ar fhoireann na bliana seo ag seaimpíní Uladh, Cill Chua. Tá an bheirt Branagan, Aaron agus Darryl, ainmnithe i measc na gcosantóirí agus tá gradaim le bronnadh ar bheirt tosaithe freisin, Paul Devlin agus Conor Laverty.

Bhuaigh Baile Buadáin Naomh Éanna Craobh Shinsir Laighean in 2019 agus tá beirt ón gcumann sin ainmnithe ar shárfhoireann na bliana, Robbie McDaid agus Colm Basquel.

Bhuaigh fir Bhaile Átha Cliath ar sheaimpíní Cheatharlach, Éire Óg, i gcluiche ceannais Laighean ach tá áit tugtha d’imreoir as an bhfoireann a cloíodh, Seán Gannon, sa líne leatosach.

Is é Kevin O’Donovan an t-aon fhear ó fhoireann Raonaithe Nemo, a bhuaigh Craobh na Mumhan, a bhain áit amach ar fhoireann na bliana seo.

Beirt ó Chora Finne, Liam Silke agus Ronan Steede, agus Aaron Branagan Chill Chua atá san iomaíocht do ghradam Imreoir na Bliana.

Painéal diriseoirí a roghnaigh an fhoireann. Bronnfar na gradaim agus fógrófar Imreoir na Bliana ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé hAoine.

Fógrófar sárfhoireann iomána na bliana maidin amárach.

Sárfhoireann AIB GAA na Bliana

1. Bernard Power (Cora Finne)
2. Aaron Branagan (Cill Chua)
3. Kieran Fitzgerald (Cora Finne)
4. Liam Silke (Cora Finne)
5. Kevin O’Donovan (Raonaithe Nemo)
6. Robbie McDaid (Baile Buadáin Naomh Éanna)
7. Darryl Branagan (Cill Chua)
8. Daithí Burke (Cora Finne)
9. Ronan Steede (Cora Finne)
10. Gary Sice (Cora Finne)
11. Paul Devlin (Cill Chua)
12. Seán Gannon (Éire Óg)
13. Colm Basquel (Baile Buadáin Naomh Éanna)
14. Martin Farragher (Cora Finne)
15. Conor Laverty (Cill Chua)

Fág freagra ar 'Seachtar ag Cora Finne agus sárfhoireann na bliana ainmnithe'