FÉILE
Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge
Tá lear mór imeachtaí beartaithe ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain do Sheachtain na Gaeilge a thosaigh an tseachtain seo agus a bheidh ar bun go dtí Lá Fhéile Pádraig ar an 17 Márta. I measc na n-imeachtaí, beidh ceardlann drámaíochta do dhaoine fásta á reáchtáil ag Moonfish Theatre agus Gaeilge Iorrais ar an Mháirt 10 Márta óna 6 go dtí a 8pm tráthnóna. Tá fáilte roimh chách agus tuilleadh eolais ó seoirsin@gaeilgeiorrais.ie
Cuirfidh GaelGáirí oíche ghrinn trí mheán na Gaeilge ar bun i dTigh Pheadar Browne, BÁC 8, ar an 12 Márta agus i The Social, Gaoth Dobhair ar an Satharn an 14 Márta ag 8.30pm. Tá cead isteach in aisce go dtí an gig Tigh Pheadar Browne agus beidh €10 ar an doras i The Social, agus ticéid ar fáil ar an doras. Tá tuilleadh eolais anseo.
Caith súil ar chlár iomlán na n-imeachtaí ar Sceal.ie.
LITRÍOCHT
Laureate don Fhicsean Éireannach i nDún Garbhán
Beidh an Laureate don Fhicsean Éireannach Éilís Ní Dhuibhne ag teacht go Leabharlann Dhún Garbhán an tseachtain seo chugainn. Ócáid dhátheangach a bheidh ann agus Éilís ag caint leis na scríbhneoirí Gaeilge Anna Heussaff agus Réaltán Ní Leannáin. Tá fáilte roimh chách go dtí an ócáid a bheidh ar bun ar an Satharn an 14 Márta ag 7pm. Níl aon táille ar an ócáid ach moltar áit a chur in áirithe roimh ré. Is féidir áirithint a dhéanamh ach glaoch ar 058 21141 nó r-phost a sheoladh chuig DungarvanLibrary@waterfordcouncil.ie
STAIR
Dúch agus Úrnuacht ag Acadamh Ríoga na hÉireann
Beidh taispeántas de na leabhair chlóite is sine atá i mbailiúchán Acadamh Ríoga na hÉireann ar bun san acadamh ó Aibreán go Nollaig 2026. Tugann an taispeántas seo an t-ábhar clóite is sine de chuid leabharlann an acadaimh le chéile den chéad uair riamh. Téann cuid den bhailiúchán siar chomh fada leis an 15ú céad, agus cruthaíodh na leabhair luatha seo ag tús ré na clódóireachta san Eoraip. Priontáladh na saothair seo i lárionad thrádáil chlódóireachta na Mór-Roinne san Iodáil, sa Fhrainc agus san Eilvéis. Rinneadh iad ag úsáid na dteicneolaíochtaí nua a bhí ar fáil ag an am. Tá manaí agus fianaise le fáil i gcuid de na saothair a chruthaíonn cén duine a rinne iad. I measc na ndaoine sin tá an priontálaí aitheanta Johannes Amerback (1444–1514) a rinne tráchtas ar scríbhinní Naomh Aibhistín.
Tuilleadh eolais faoin taispeántas ar fáil anseo.
COMÓRTAS
Comórtas Aistí Néill Uí Dhónaill ar oscailt
Tá Comórtas Aistí Néill Uí Dhónaill do mhic léinn tríú leibhéal á reáchtáil ag Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge agus tá duaiseanna maithe le buachan. Féach thíos an póstaer agus an bhileog eolais. Bhunaigh Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge Comórtas Aistí Néill Uí Dhónaill sa bhliain 2021 chun spéis san fhoclóireacht a spreagadh i measc mic léinn 3ú leibhéal (suas go leibhéal MA) agus chun iad a chur ag machnamh faoi ghairmeacha le Gaeilge.
Bronntar duais €300 agus Bonn Néill Uí Dhónaill don chéad duais agus tá duaiseanna eile ar fáil, ceann do gach cúige agus duais idirnáisiúnta. An spriocdháta ná 5:00 i.n. ar an 10 Aibreán. Moltar do scoláirí gur mhaith leo cur isteach ar an gcomórtas na treoirlínte a léamh roimh ré. Tá gach eolas ar fáil anseo.
FILÍOCHT
Féasta filíochta ag IMRAM i bPort Láirge
Beidh ócáid filíochta agus ceoil ar siúl sa Séipéal ar Shráid an Choláiste i bPort Láirge ag 12-1pm Déardaoin an 12 Márta. Tá an ócáid seo á reáchtáil ag IMRAM, an fhéile litríochta Gaeilge i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt agus tá saorchead isteach ann.
Ar an ardán beidh Áine Uí Fhoghlú, iarLaureate Filíochta Dhún Gharbhán a bhfuil cnuasach nua filíochta dá cuid, Scéal Ó Carolina díreach foilsithe. I láthair chomh maith, beidh Éire Ní Fhaoláin, file, cruitire, fidléir agus amhránaí óg as Loch Garman a spreagann an béaloideas a bhaineann leis an gcat dubh agus le huimhir a naoi a saothar.
In éindí leis na filí beidh an píobaire as oirthear an Chláir, Sinéad Ní Allmhuráin, píobaire a fhaigheann spreagadh ó cheol oirthear an Chláir agus traidisiún píobaireachta an lucht siúil.
Tá tuilleadh eolais ar leathanach Facebook IMRAM.
Fág freagra ar 'Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil, Laureate i Leabharlann Dhún Garbháin, Comórtas Aistí Néill Uí Dhónaill'