Seachtain fágtha le maoiniú breise a thairiscint nó molfar Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige a scor

Aontaíodh ag cruinniú a d’eagraigh Fóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga in Indreabhán an mhí seo caite go leagfaí síos ‘teora ama’ do na cainteanna atá ar bun acu le Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maidir le maoiniú breise

Seachtain fágtha le maoiniú breise a thairiscint nó molfar Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige a scor

Tuigtear do Tuairisc.ie go gcuirfidh coiste stiúrtha Fhóram pleanála teanga Chois Fharraige lena mbagairt go molfar an eagraíocht a scor mura bhfaigheann siad tairiscint ar mhaoiniú breise as seo go ceann seachtaine.

Tuigtear nach bhfuil aon rud cloiste ag Fóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga faoina éileamh ar mhaoiniú breise ón 22 Samhain.

Fuair coiste stiúrtha an Fhóraim admháil i scríbhinn an lá sin go raibh a n-aighneacht maidir le maoiniú breise faighte ag Údarás na Gaeltachta. Thug coiste stiúrtha an Fóraim le fios go hoifigiúil san aighneacht sin go ndéanfaí an eagraíocht a scor roimh dheireadh na bliana seo sa chás nach bhfaighfí tairiscint ar mhaoiniú breise roimh Nollaig.

Mar fhreagra ar an méid sin, thug feidhmeannach sinsearach de chuid an Údaráis le fios do lucht pleanála teanga Chois Fharraige go mbeifí i dteagmháil leo faoin “chéad chéim” eile sa phróiseas “in am trátha”.

Aontaíodh ag cruinniú a d’eagraigh Fóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga in Indreabhán an mhí seo caite go leagfaí síos “teora ama” do na cainteanna atá ar bun ag lucht pleanála teanga an cheantair le Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maidir le maoiniú breise.

ag géarú ar an mbrú atá á chur ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maoiniú breise a chur ar fáil do chúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht ó dhiúltaigh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga don mhaoiniú a tairgeadh dóibh chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm.

Is é Fóram Chois Fharraige an chéad dream a dhiúltaigh go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint chun gach plean teanga a chur i bhfeidhm.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i gcrích as seo go ceann seacht mbliana atá á lorg ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Tá plean teanga Chois Fharraige ar cheann de na trí cinn de phleananna teanga atá seolta go hoifigiúil ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go dtí seo.

Níl glactha go fóill ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, atá ag plé le plean teanga Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, leis an tairiscint €100,000 a rinneadh leo beagnach dhá mhí ó shin.

Tá ráite ag Comharchumann Ghaoth Dobhair agus ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, atá ag plé leis an bpleanáil teanga sa cheantar sin, go dtacaíonn siad le cur chuige Fhóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga diúltú don mhaoniú atá á thairiscint chun plean teanga a chur i bhfeidhm.

Tá ráite ag polaiteoirí agus saineolaithe gur chóir do choistí pleanála teanga teacht le chéile agus diúltú páirt a ghlacadh sa phróiseas nó go gcuirfear maoiniú breise ar fáil.

Tá ráite ag iarcheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta Tomás Mac Con Iomaire, duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, gur cheart do na coistí uilig a bhí ag plé leis an bpleanáil teanga ar fud na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a thógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla pleanála teanga.

Dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go dteipfeadh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta i mí Dheireadh Fómhair nach mbeadh aon ardú á dhéanamh ar an maoiniú €100,000 atá fógartha d’eagraíochtaí pleanála teanga na Gaeltachta don chéad bhliain de chur i bhfeidhm a bpleananna.

Dúirt an t-urlabhraí gur “socraíodh an t-allúntas ar an mbonn ba chothroime ab fhéidir, ag féachaint don chiste a bhí ar fáil agus an líon pleananna teanga a rabhthas ag súil a bheith ceadaithe roimh dheireadh na bliana”.

Thug an t-urlabhraí le fios go bhféadfadh na heagraíochtaí pleanála teanga maoiniú breise a lorg faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta atá ag an Roinn. €2.322m in airgead caipitil agus €6.390m in airgead reatha a bheidh ar fáil do na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta sin, a dúradh.

Tá ráiteas faoi éileamh Fhóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga ar mhaoiniú breise iarrtha ag Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Seachtain fágtha le maoiniú breise a thairiscint nó molfar Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige a scor'

  • Bart

    Cos i bhfeac, coinnigi oraibh agus geillfear.