Seachain lucht molta pholaitíocht an láir in Éirinn

Tá dearcadh aisteach ag daoine áirithe, thuaidh agus theas, ar céard is polaitíocht an láir ann

Seachain lucht molta pholaitíocht an láir in Éirinn

Tagraítear go minic sna díospóireachtaí polaitiúla sna meáin faoi pholaitíocht an láir.  Is ionann cinnte polaitíocht an láir agus Bealach an tSlánaithe dóibh siúd nach dtaitníonn leo go bhfuil páirtithe áirithe i gcumhacht nó ar tí a bheith i gcumhacht, thuaidh ná theas.

Ach céard é an lár seo, nó an bhfuil difear idir an lár ó thuaidh agus an lár ó dheas?

Maidir leis an Tuaisceart is cosúil gur gráin ar Shinn Féin a spreagann cuid mhaith den chaint faoin Lár, go háirithe an chaoi go gcuirtear Sinn Féin agus an DUP ar aon chéim.

Ach is bréag mhór é sin, is cuma cén dearcadh atá agat faoi pholasaithe áirithe de chuid Shinn Féin nó faoi chuid de na rudaí a tharla le linn na streachailte armtha.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh comhionannas cearta idir an dá phobal ó thuaidh, ach tá dearcadh an DUP seicteach ar fad. Dar leo is leis an bpobal Aontachtach amháin na sé chontae.

Bréag eile an ráiteas go bhfuil an UUP níos measartha ná an DUP, nuair nach bhfuil aon difear dáiríre eatarthu maidir leis an nGaeilge, leis an bPrótacal nó le gné ar bith eile de na socruithe atá faoi láthair ann.

An difear eatarthu ná go bhfuil an UUP bainteach níos mó le lucht gnó agus le seandream an Tí Mhóir agus baineann an DUP níos mó leis an gcosmhuintir faoin tuath, le lucht miondíolacháin agus leis an lucht oibre, cé go bhfuil leas na haicme sin an-imeallach don dá pháirtí.

Ar an taobh eile, an cuid den Lár an SDLP?  Is minic iad i gcoinne Shinn Féin agus i bhfabhar géilleadh don Aontachtachas. Cé go bhfuil siad sásta dílseacht a gheallúint don Bhanríon tá iarsma éigin den náisiúnachas ag baint leo.

Thar rud ar bith eile is cinnte gur páirtí, don phobal Caitliceach iad, ach páirtí nach gcuirfeadh olc ar an dream atá in uachtar.

Páirtí neamhsheicteach is ea an Alliance, páirtí atá ar son na hAontachta ach atá oscailte, b’fhéidir, don díospóireacht faoin stádas bunreachtúil.

Sa mhéad go dtugann an Alliance droim láimhe leis an seicteachas agus go n-aithníonn siad cearta lucht na Gaeilge, is céim ar aghaidh iad a bheith ag fás cinnte.

Má éiríonn leo dul chun cinn ar na páirtithe Aontachtacha, chabhródh sé sin go mór le todhchaí shíochánta agus dul chun cinn fírinneach.

Ach maidir leis an Lár ní baol do Shinn a leithéid, rud nach sásóidh an dream a labhraíonn go rialta faoi polaitíocht an Láir.

Tá scéal éagsúil ann ó dheas. Más comórtas atá ann idir Fine Gael, thar ceann  na heite deise, agus Sinn Féin, thar ceann na heite clé, tá ceist mhór ann faoi cá rachaidh na páirtithe eile.

Faoi láthair, de réir phobalbhreitheanna na bliana seo, bíonn tacaíocht beagáinín níos lú ná 30% ag Sinn Féin agus 25% ag Fine Gael.  Braithfidh sé, mar sin, ar pháirtithe an Láir cé acu Fine Gael nó Sinn Féin a bheidh i mbun rialtais.

Ba chóir go rachadh tacaíocht na nDaonlathaithe Sóisialta, más go drogallach féin é, chuig Sinn Féin agus Pobal Seachas Brabús agus na neamhspleáigh ar an eite chlé.

Tá na Glasaigh scoilte, idir clé is deas, ach ceapaim go dtaobhóidh lucht Eamon Ryan go láidir le Fine Gael, mar a thaobhóidh Páirtí an Lucht Oibre, ar cineál fopháirtí de chuid Fhine Gael iad ar aon chuma.

Fágann sé sin gur ag Fianna Fáil a bheidh an focal scoir.

Braitheann chuile rud ar ndóigh ar cén cineál clár rialtais a d’fhéadfadh na páirtithe a chur le chéile, ach ní bheadh sé chun leas Shinn Féin imeacht ó na polasaithe i leith tithíochta is sláinte atá fógartha acu.

Ní bheadh Micheál Martin in ann aon socrú a dhéanamh le Sinn Féin, ach tá gach comhartha ann go dteastaíonn ó chuid mhaith d’Fhianna Fáil fáil réidh leis ar aon chuma.

Beidh daoine ceartaiseacha ag cáineadh Shinn Féin as aon chaint ar chor ar bith a dhéanamh le Fianna Fáil.  Ach, más féidir le Sinn Féin bunús a gcláir a bhaint amach bheadh an ceart acu tabhairt faoi chomhrialtas leo. Ar a laghad choinneodh sé Fine Gael, nach spéis leo ach lucht an rachmais, as oifig.

Má tá daoine eile ag iarraidh é sin a sheachaint, bheadh orthu athrú dearcaidh a bhrú ar an gComhaontas Glas agus ar Pháirtí an Lucht Oibre.

Ach an bhfuil iontaoibh ag duine ar bith as na páirtithe sin faoi láthair?

Fág freagra ar 'Seachain lucht molta pholaitíocht an láir in Éirinn'