Sé bliana príosúin gearrtha ar iar-aisteoir le ‘Ros na Rún’ as bean óg a éigniú

Dúirt an Breitheamh Creedon sa Phríomh-Chúirt Choiriúil ar maidin go ndearna Garrett Phillips ‘éigniú fuarchroíoch’ ar bhean óg ar bhuail sé léi i bpáirc i gcathair na Gaillimhe

Sé bliana príosúin gearrtha ar iar-aisteoir le ‘Ros na Rún’ as bean óg a éigniú

Gearradh sé bliana príosúnachta ar Garrett Phillips, iar-aisteoir de chuid Ros na Rún, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu as éigniú a dhéanamh ar bhean óg ar bhuail sé léi i bpáirc i gcathair na Gaillimhe ar an 5 Samhain 2015.

Chualathas sa chúirt gur bhuail an t-aisteoir agus amhránaí leis an mbean óg, a bhí 20 bliain ag an am, tar éis di club oíche a fhágáil agus gur thug sé síob di sa veain a bhí á thiomáint aige.

Dúirt an Breitheamh Creedon sa chúirt ar maidin go raibh gné áirithe den réamhbheartú ‘creiche’ i gceist leis an “éigniú fuarchroíoch” a rinne Phillips, atá 46 bliain d’aois, ar an bhean óg.

Dúradh i dtuairisc phromhaidh a cuireadh ar fáil don bhreitheamh go raibh Phillips fós ag maíomh gur le comhthoil a rinneadh gach ar tharla ina veain an oíche sin. Agus í ag cur pianbhreith ar Phillips inniu, dúirt an Breitheamh Eileen Creedon gur tháinig sé i dtír ar “bhean óg ghoilliúnach a bhí ina haonar i bpáirc” agus é follasach go raibh sí trína chéile agus ól déanta aici.

Dúirt an breitheamh gur “chuir sé ar a compord í agus gur labhair sé go cineálta léi sular tháinig sé i dtír ar an mbail a bhí uirthi in áit nach raibh aon eolas aici air agus é déanach san oíche”.

Dúirt sí gur mheas sí go raibh ocht mbliana pianbhreithe ag dul leis an gcoir ach go raibh sin á laghdú aici go sé bliana tar éis gach toisc mhaolaitheach a chur san áireamh.

Rug Phillips barróg ar a dheartháireacha agus a dheirfiúracha sular thug oifigeach príosúin chun siúil é lena théarma príosúnachta a thosú.

Le linn na trialach sa Phríomh-Chúirt Choiriúil chualathas gur fhág an bhean óg an club oíche timpeall 1am ar an 5 Samhain 2015 agus go raibh sí ina suí ina haonar ar shuíochán i bpáirc nuair a bhuail sí le Phillips, a bhí amuigh ag siúl lena ghadhar.

Ina cuid fianaise le linn na trialach, dúirt an bhean go raibh sí trína chéile ag an am, gur labhair Phillips léi ar feadh 15 nóiméad, gur thug sé a sheaicéad di agus gur thairg sé síob abhaile di.

Dúirt sí gur thit a codladh uirthi le linn an turais sa veain agus ar dhúiseacht di go raibh Phillips ina sheasamh, a chos dheas ar an suíochán lena hais agus a bhod ina béal.

Dúirt sí gur bhrúigh sí Phillips uaithi, gur thosaigh sí ag béicíl agus go ndúirt sí leis go n-inseodh sí cad a bhí déanta aige.

Dúirt sí go raibh sí “ag bladhradh caointe agus ag scréachaíl” agus gur rith sí ar chúl an veain chun uimhir an phláta a fháil.

Dúirt an bhean gur thiomáin Phillips leis faoi luas agus gur rith sí féin go dtí teach a bhí in aice láimhe, mar ar thosaigh sí ag cnagadh ar an doras agus ag bualadh an chloigín agus í ag rá uimhir phláta an veain gan stad.

Nuair a tháinig muintir an tí go dtí an doras d’inis sí an scéal dóibh agus ghlaoigh siad ar na Gardaí. Thug muintir an tí le fios do na Gardaí go raibh an bhean “an-trína chéile” agus í ag athrá uimhir an veain gan stad.

Phléadáil an t-aisteoir a dheineadh páirt an Dr Cathal Hennessy i sobaldráma TG4 Ros na Rún neamhchiontach i gcúis amháin d’éigniú béil a dhéanamh ar an mbean, 20, ar an 5 Samhain 2015.

Mhaígh sé gur thug an bhean gnéas béil dó ar feadh roinnt soicindí sular tháinig fearg uirthi agus dúirt go raibh páirtí fir aici.

Mhaígh an t-amhránaí agus aisteoir, a raibh páirt le déanaí aige sa cheoldráma The Rat Pack – Live from Las Vegas, gur iarr an bhean air tiomáint amach go dtí imeall na cathrach go dtí áit a bhfuil radharc na cathrach as agus gur tharla eachtra ghnéis chomhthola eatarthu ansin.

I mí Aibreáin a ciontaíodh Phillips, as St Mary’s Terrace ar an mBóthar Ard i nGaillimh, as éigniú na mná óige.

Dúirt an bhean ina ráiteas tionchair íospartaigh sa chúirt gur bhean óg gealgháireach a bhí ag déanamh go maith sa saol ab ea í sular tharla an eachtra ach gur duine eile anois í. Dúirt sí go raibh a saol roimh an eachtra “ar nós traein a bhí ar an gcosán ceart agus ag dul an treo ceart”, ach gur bhraith sí gurb í an cailín céanna fós is a bhí “í scanraithe, ag lascadh ar dhoras duine agus ag impí go dtabharfaí cúnamh di”.

Dúirt an bhean go ndearna sí iarracht an rud ceart a dhéanamh nuair a thuairiscigh sí an t-éigniú láithreach ach gur bhraith sí go ndearnadh coirpeach di. Dúirt sí go raibh sí saonta an oíche sin, go ndearna sí an botún is mó dá ndearna sí riamh ach nach ndearna sí aon rud as bealach.

Fág freagra ar 'Sé bliana príosúin gearrtha ar iar-aisteoir le ‘Ros na Rún’ as bean óg a éigniú'