Sé bhaile eile ag obair le stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach

Freastalaíonn Líonraí Gaeilge ar cheantair lasmuigh den Ghaeltacht nach mbíonn ag freastal ar phobal na Gaeltachta ach a bhfuil pobail Ghaeilge iontu

Sé bhaile eile ag obair le stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach

Ceatharlach

Tá sé cheantar, i gcúige Laighean, cúige Mumhan agus cúige Uladh ag obair chun stádas a bhaint amach mar Líonra Gaeilge.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil na bailte, Ceatharlach, Muineachán agus Cill Dara, chomh maith le Tamhlacht, Baile Átha Cliath Láir agus Cathair Luimnigh le pleananna teanga a ullmhú chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantair sin.

Freastalaíonn Líonraí Gaeilge ar cheantair lasmuigh den Ghaeltacht nach mbíonn ag freastal ar phobal na Gaeltachta ach a bhfuil pobail Ghaeilge iontu.

Tá grúpaí pobail ó na ceantair thuas ag fáil maoiniú ó Fhoras na Gaeilge ó thús na bliana faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus súil ann go mbeifear in ann plean teanga a ullmhú taobh istigh de dhá nó trí bliana chun aitheantas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach. 

Beidh sé mar aidhm ag na pleananna seo cur le húsáid na Gaeilge sna ceantair lena mbaineann siad i dteaghlaigh, sa phobal, san oideachas, sa saol sóisialta, i gcúrsaí gnó agus san earnáil phoiblí.

Nuair a bheidh plean teanga curtha le chéile ag grúpa pobail, is faoi Aire na Gaeltachta atá sé próiseas ceapacháin a fhógairt agus plean teanga agus an maoiniú a ghabhann leis a cheadú.

Faoi láthair, tá cúig Líonra Gaeilge i mbailte ar fud na hÉireann aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga – Cluain Dolcáin, Baile Locha Riach, Inis, Béal Feirste agus Carn Tóchair.

D’fhógair Foras na Gaeilge Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024 samhraidh na bliana seo caite. Cuirtear suas le €47,000 sa bhliain ar fáil do na grúpaí pobail agus bhí oifigeach feidhmiúcháin lánaimseartha le fostú mar chuid den scéim.

Le haitheantas a bhaint amach mar Líonra Gaeilge, caithfidh ceantar roinnt critéar a shásamh. Ina measc, caithfidh breis is 1,000 duine a bheith ina gcónaí sa cheantar, caithfidh ar a laghad dhá institiúid oideachais lán-Ghaeilge atá sa cheantar a bheith páirteach san iarratas agus caithfear fianaise a thabhairt go bhfuil cumas Gaeilge ag ar a laghad 5% den phobal sa cheantar.

D’fhógair an Foras go mbeadh suas le €4.12m (€1.376m sa bhliain) de bhuiséad ag an scéim seo agus mairfidh an tréimhse maoinithe trí bliana, ó Eanáir 2022 go dtí Nollaig 2024.

Faoin bpróiseas pleanála teanga go dtí seo, tá pleananna teanga ceadaithe do 25 den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta chomh maith le cúig Bhaile Seirbhíse Gaeltachta – Trá Lí, Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath. 

Fág freagra ar 'Sé bhaile eile ag obair le stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach'

  • ER

    Cén mhaith an stádas seo? Tá an caighdeán Gaeilge ag titim in eagrais Gaeltachta. Níl ann ach teagmháil a dhéanamh le Údarás na Gaeltachta nó súil a chaitheamh ar a gcuid meáin shóisialta le feiceáil go bhfuil an cath cailte sa nGaeltacht. Is cuir i gcéill an rud ar fad.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Níl an chuid is fearr den Ghaeilge sa nóta ó ER agus é/í ag cáineadh iarrachtaí daoine eile!