Scrúduithe na hArdteiste curtha ar ceal agus na sonraí maidir le ‘Plean B’ fógartha

Beidh ceithre chéim sa chóras nua measúnaithe a thiocfaidh isteach in áit na hArdteiste traidisiúnta i mbliana

Scrúduithe na hArdteiste curtha ar ceal agus na sonraí maidir le ‘Plean B’ fógartha

Tá scrúduithe na hArdteiste curtha ar ceal agus na sonraí maidir le ‘Plean B’ an Rialtais curtha ar fáil.

I ndiaidh don Rialtas cinneadh a dhéanamh na scrúduithe traidisiúnta a chur ar ceal, fógraíodh go mbeadh rogha ag daltaí glacadh le torthaí réamh-mheasta nó scrúduithe a dhéanamh amach anseo. D’fhéadfadh go mbeadh deis ann na scrúduithe a dhéanamh i mí na Samhna.

Beidh ceithre chéim sa chóras nua measúnaithe a thiocfaidh isteach in áit na hArdteiste traidisiúnta i mbliana.

Déanfaidh na múinteoirí a gcuid daltaí a rangú in ord fiúntais agus tabharfaidh siad céatadán measúnaithe do gach dalta.

Ina dhiaidh sin rachaidh múinteoirí uile an ranga i gcomhairle lena chéile chun bailchríoch a chur ar na marcanna agus ar an ord fiúntais.

Déanfaidh an príomhoide athbhreithniú ansin ar na marcanna agus ceadóidh sé iad nó rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis na múinteoirí arís.

Ar deireadh déanfar na torthaí go léir a iniúchadh lena chinntiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an gcaighdeán náisiúnta. Aonad nua-bhunaithe sa Roinn Oideachais a dhéanfaidh an obair sin.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh go raibh gach iarracht déanta aige a chinntiú go mbeadh na scrúduithe ann i mbliana ach go raibh fianaise shoiléir faighte aige ó lucht leighis agus daoine eile nach bhféadfaí dul ar aghaidh leo ar bhealach a thabharfadh cothrom na Féinne do gach scoláire.

Dúirt McHugh go raibh ceisteanna cigilteacha dlí ag baint leis an gcinneadh na scrúduithe a chur ar ceal ach nach mbeadh sé sábháilte do dhaltaí iad a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Scrúduithe na hArdteiste curtha ar ceal agus na sonraí maidir le ‘Plean B’ fógartha'