Scrúdú aistriúcháin breise beartaithe ag Foras na Gaeilge chun freastal ar éileamh

Bhí díomá ar roinnt daoine nuair a cuireadh stop go luath le glacadh iarratais ar an scrúdú do Shéala an Aistriúcháin, a bhí ar siúl Dé Sathairn seo caite

Scrúdú aistriúcháin breise beartaithe ag Foras na Gaeilge chun freastal ar éileamh

Tá Foras na Gaeilge chun scrúdú eile a reáchtáil an bhliain seo chugainn do dhaoine a theastaíonn uathu Séala an Aistriúcháin a bhaint amach.

Ní raibh sé i gceist an scrúdú aistriúcháin a reáchtáil arís go dtí 2022 ach, mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, bhí díomá ar roinnt daoine nuair a cuireadh stop go luath le glacadh iarratais ar an scrúdú a bhí ar siúl Dé Sathairn seo caite.

Cé gur tugadh le fios go mbeifí ag glacadh le hiarratais go dtí a 4.00pm an 19 Samhain, níor glacadh le hiarratais ar bith i ndiaidh an 10 Samhain, lá i ndiaidh an fhógra go raibh an próiseas iarratais oscailte.

Faoin am gur cuireadh stop go tobann leis an phróiseas bhí iarratas faighte ó 55 duine agus socraíodh deis a thabhairt do na daoine sin go léir an scrúdú a dhéanamh.

Agus an cinneadh scrúdú breise a reáchtáil an bhliain seo chugainn á fhógairt aige, dúirt Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Fhoras na Gaeilge, gur dea-scéala é go raibh oiread éilimh ar an scrúdú i mbliana.

“Bhí éileamh i bhfad níos mó ar an scrúdú i mbliana ná mar a bhí muid ag súil leis, rud atá an-dearfach agus rud le ceiliúradh. Tá soláthar aistritheoirí an-tábhachtach faoi láthair agus deireadh ag teacht leis an maolú ar an nGaeilge san Aontas Eorpach in 2022, agus le reachtaíocht don Ghaeilge ar na bacáin ó thuaidh agus ó dheas.

“Dá réir sin, tá sé i gceist againn scrúdú eile a eagrú in 2021 le deis a thabhairt dóibh siúd nár éirigh leo áit a fháil ar an scrúdú i mbliana.”

Bunaíodh an Séala d’aistritheoirí in 2006 agus é áirithe ar an cháilíocht gairmiúil is tábhachtaí do shaoraistritheoirí na Gaeilge a bhíonn ag lorg oibre ó eagraíochtaí san earnáil phoiblí nó ó chliaint eile.

Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge agus is ón phainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge den chuid is mó.

Léirigh figiúirí a d’fhoilsigh an tAE anuraidh an dúshlán mór atá le sárú i gcónaí maidir le dóthain aistritheoirí le Gaeilge a fhostú in institiúidí na hEorpa.

Meastar go dtiocfaidh méadú 40% ar an méid oibre aistriúcháin go Gaeilge a bheidh le déanamh in 2022, tráth a bhfuil geallta go gcuirfear deireadh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Ach níor líonadh ach níos lú ná 25% de na folúntais d’aistritheoirí agus dlítheangeolaithe Gaeilge a fógraíodh idir 2016-2018.

Fág freagra ar 'Scrúdú aistriúcháin breise beartaithe ag Foras na Gaeilge chun freastal ar éileamh'